AN GAODHAL.
239
NUADH EABHRACH,
An dara lá deug luil, 1883.
D'Fheareagair an Ghaodhail.
A Shaoi dhílis :
Do bhí luathghair agus athas mór orm,
mar aon le gach grádhuightheoir eile na
Gaedhilge tríd an d-tír so, nuair do
léigheas ins na páipeuraibh nuaidheachta,
gur chuir an cruinniugh'dh mór do bhí aig
an b-páirti tíoramhuil i Philadelphia go
déighionach mar g-clár in ad-tógbhail "Cú¬
ram teangan agus ceoil na h-Éireann,"
& do ghuidheas paidir — nídh nach gnáthach
liom do dheunadh go minic — air son go
raibh ar g-cine fa dheoigh aig musgalugh'dh
as a suan: go raibh an obair a bh-fuil tu¬
sa & do chó-shaothruightheoiridhe le bliadhain¬
tibh fada aig cuir air aghaidh aig apugh'dh
chum toraidh mhaith, & go n-glacf'dh an síl Éi¬
reannach air feadh na móir thíre so tair¬
bhe níos mó ins an obair Ghaedhilge ná do
ghlac siad ins an t-am a tá thart, & mar
sin de, go m-beidheadh bhur saothar níos
eadtroma ná do bhí sé.
Acht tá eagla mór orm go rabhas
meallta go h-olc ins na muinighinibh do
bí agam i d-taobh geallta an chruinniugh¬
adh sin, & go raibh focla an chláir so air
a bh-fuilim aig caint "folamh," & nach rabh
ionnta acht boíghte a bhí caithe amach le
beulaibh na n-daoineadh a tá aig oibriugh¬
adh i g-cúis na Gaedhilge do chongbhail
dúnta, mar do caithfeadh duine greim
feola, chum madaraidh dubhailceach le na
chonghbhail ciuin. Ó am an mórdháil sin
go d-ti an lá a n-diu do léigheas gach fo¬
cal do labhair gach oifigheach de'n Chon¬
radh Úr, ó'n Uachdarán síos, aig súil
go n-dearfadh siad nidh éigin air son ar
dteangan do ghealladar do chúmdach & do
scabadh , acht ní feasa liom gur chualas,
no gur chonnairceas clodhbhuailthe uatha
aon fhocal do bheurfadh le taisbeánt do
na ndaoinibh go rabhadar ionnruic ins
na gealltaibh do righne siad de thaobh
na Gaedhilge.
Do b'fhéidir, a Shaoi, go bh-fuilim mí-
cheart ins na m-bharamhuilibh so, nó go bh-
fuilim ro-luath ag labhairt amach air an
g-ceist. Ma táim guidhim maitheamhnas
na n-dhaoineadh a táim ag maslugh'dh, acht
'nuair d' fheicim iad ag brosdugh'dh gach
oibre eile noch do chuireadar riompa
gan nídh airbith do dheunadh air shon na
Gaedhilge ní'l neart agam air na smuain¬
tibh so.
Ma táim-se mí-cheart, is fearr mar
sin é; acht muna bh-fuilim — má tá mo
bharamhuil air an ádhbhar ar chuir siadh
"Cúram teangan & ceoil na h-Éireann"
riompa, sin é, le cosg a chur air an muin¬
tir do bheidheadh réidh le clampar airbith
a chuir orrthá, is cóir iad do thaisbeánt
suas do'n domhan mhór, óir in áit a bheith
'na b-páirti tíoramhuil ! mar glaoidh¬
tear orrtha, do ghlacadar duilleóg as
leabhar na Sacsan, a admhuigheas a gcómh¬
nuidhe go bh-fuil an chneadh insin agus a
gheallas ceirín do chuir leis, acht a leig¬
eas do'n chneadh meudugh'dh, gan chobhair
airbith do thabhairt dhó.
Ná bídheadh Éireannaigh níos faide ag
scálfartadh air Sachsannaibh, ag rádh go
bh-fuil siad aig díbirt na Gaedhilge, oir
measam go bh-fuil námhaid níos measa
níos goire do 'n m-bhaile — táid ameasg
ar g-cine féin, ag treorúgh'dh na ndaoin'dh
bochta le greim sróna, mar scata caor¬
ach ar cheann sreangáin.
Is cóir do gach Cumann Gaedhilge san
d-tír seo gniomh eigin do ghlacadh gan
mhoill air an g-ceisd so, agus fios cinn¬
te d' fhághail ma tá mian aig treoiridh¬
ibh na n-Éireannach a n-geallta do líon¬
adh go d-ti an litir, agus muna bh-fuil,
gan gnúis airbith a tabhairt do 'n bhpáir¬
ti do "dhíol" iad, agus a g-caitheadh thar
bhord mar iarrain teith as lámh doighte.
Ag súil, a Shaoi, go n-glacfair an
cheist so a láimh, agus go labharfadh tú
go h-árd, & go neamh-eaglach air son
ceart ar d-teangan.
Is me, go measamhuil,
"Padruic."
The Gael can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news-agent makes any excuse,
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
