AN GAODHAL
241
Pósa me bean is ní bh-fana me plae leat."
An Chailleach;
'Madar le pósa is gnódh tá daor é,
Tá punt óir agus cróinn do chléireach,
Glachfar go h-árd air cháirde 'n g-cúpla,
Chum airgiod a fághail bídhean pláta air stiúir aca,
A's mar a d-taga tú láthair táir do bhrúthach.
An Siota:
Go n-íocfar an sagart, a Chailligh, ní léightear fóbhus
Is daor é an nígh té go b-pósum,
'S é ceapaim-si féin tar éis an gnódh sin,
Gur matter of péice té go b-pósum.
An Chailleach;
Dearbhtha go deimhin is ládhach é an pósa,
Ó thúis an t-saoighil tá dlíghthibh 's ór leis;
Daibhi 'gus Maoise, bhídheadh siad pósta,
Ó uisge dhin Chríost, fíon do 'n g-cóisir :
Is anamh a bhí Sé leis neamh chórach. —
An Siota;
Ná trácht, a Chaillaigh, air phósa ná g-cóisir,
Mar ni rabh agut féin ceann de na shórt san,
Acht iomurca meang 's droch-chómhairle,
D' fhág anois thú aig siúbhal na m-bóirthe.
An Chailleach;
Madar leis an nidh sin fáig ad dheodh é,
Éist go socair 's ná cluisfeadh níos mó thú,
Agus liacht duine eile, óg 's aosda,
Le 'n chinneamhuinn cheudna dhin beart bha claona.
An Siota;
Madar le claon is sé is cóir duit,
A bheith steala na déirce ar thaobh na m-bóirthe;
Acht déarbhtha go deimhin mar bh-fhádhad-sa fóirint,
Go rachfad 's an goill a ndiaigh a ndóchuis. —
An Chailleach;
Seachuin an nidh sin choidhche, a chladhaire,
Aistrigh d' aigne 's sgread air an maighdean,
Tá aice stór go leor agus roinnfigh;
Níor dhearmad sí riamh croidhe na fadhainne. —
An Siota:
Tá m'fhadhainne-si caite le sealg mar atá mé!
Is ruadh é mo h-ata 's is folamh mo mhála!
Tá mo bhróga briste, ní'l snuím air mo shála!
A's cá bh-fuil aonduine chó ainnis is táim-si?
An Chailleach;
A gharsúin loitethi gealluim ó m' chroidhe astigh,
Do dhlíghe na n-abstailibh b' fhéara dhuit stríocha,
Mar sé deir na sagairt mar theagasg do dhaoine,
Gur dos na m-bocht do ceapag na flaithis mar
saoirseacht.
An Siota:
(Do bheith leanta)
Send The GAEL to your friends in the Old Land.
