250
AN GAODHAL
NUA GHORC,
An Séamhadh lá deug de Lúghnása.
Do Chlódaire an Ghaodhail.
A Shaoi:
A nocht 's me go súgach,
Am shuidhe air chathaoir chlúmhach,
Aig breathnugh'dh air néithe suarach,
Bhí am chóir. —
Do rith asteach am ínchin,
An méid-so táim aig ínsint
Duit; anns an sgríbhin ;
Cuir a g-cló. —
Gníomhartha an fear mór faol,
Tá aig lochdudh'dh an Gaodhal;
Le n-a ínchin bog, bheag, caol;
Mo thruaidh é. —
Agus a ainm caoimh a bh-folach !
Amhuil le aon chloidhre adhghalach !
Mailíseach — no saoibhchiallach !
An rud súidhig. —
Ba chirte dhó an Ghaedhilge,
Teanga breágh na Féinne,
D' árdugh'dh suas go réidh-linn,
Na bheith lochduth'dh. —
Acht faraor ! tá ruduighe súidhig 's
meurluighe !
Fós imeasg na h-Éireannaigh,
Aig maslugh'dh go h-aon nígh
Dheunach aon mhaith —
Glaodhann siad fearaibh orrtha féin,
Acht glaoidhim-se chluainigh grána, breun
Orrtha; gan fearamhlacht no deigh-mhéin,
Agus a bh-fuil —
Gabán Saor fearamhuil ?
Bh-fuil sé amháin measamhuil
Má tá, ní fhaca-sa riamh a shamhuil !
Air chonnarc-se. —
Aon síol de "mhór shliocht Éibhir,"
Os ; nó ann Éire,
Mar ann fear sin ad' dhaora ;
Diabhal pioc. —
ÉAMON Ui CHAOIMH
[Shaoil an "Gobán" "Éamon" a cur
'na chodladh ach 'sé chaoi 'r dhúisigh sé é!
ÉAD — AN GOBAN SAOR.
Cad is ÉAD?
Éad, melt, formad, jealousy.
Éad, eladhain feal, science.
Éad, aithis, milleán, reproach.
Éad, grádh, teas-ghrádh, zeal.
Éad, amhras contabhairt, suspicion.
Éad, míchliu, drochmheas, obloquy.
Éad, ceol, seis, music.
Éad, fios, knowledge.
Nuadh Ebroch, Iuil 23, 1873
Do Chlódaire an Ghaodhail.
A Shaoi. — Ceaduigh dam, má's sé do
thoil é, fiarthuigh dhíot, ciod de na conn¬
aibh shuas a cuir tú in mo leith an uair
a sgríobh tú "ÉAD" mar cheanngraimh
ria do leirbhreathugh air mo leitir in do
phapér. Ní'l a fhios agam féin cia ar
shon a mbeidhinn in ead leat. An mar
gheall ar go bh-fuil tú a ndan pápér
Gaedhilge a sgríobhadh air d'aghaidh féin,
red nach bh-fuilimse n-dan a dheunadh
mheas tú me bheith in ead leat? Arnodh
ní cúis eada é seo ach ádhóar luthgháire,
Da n-derfa gur mar gheall ar na'r thaith¬
nigh liom saothar do láimhe féin & do cho-
fhreagróiridhe in do phaper bheithfea
ceart. So é an fath & ní read air bith
eile thug orm an leitir sin a sgríobhadh
chugad. — Dubhrais go mbudh chóra dam
luach na n-Gaodhal a d'orduigh me dam
féin & do mo chairde ocht míosa-deug ó
shoin a chur chugad 'na bheith dho do lochd¬
ugh &c. Is olc a dubhrais e seo. Níor
orduigh me Gaodhal ariamh uait & teidh¬
eann an t-iomlón do thasbánadh nach bfhuil
fios na faisneis agad ce h-é an an Go¬
bán Saor; ce acu a riacht sé as, Baile
Chórcha, toin Cúig-Uladh, no Cnoc Bheinn¬
e Eaduinn! Ach anois ní'l an oread de
mhilleán agam ort & do bhí, or is dith liom
