AN GAODHAL.
251
a chlos go b-fuil aon neach cho dibligh 'sa tír
seo is go mbeidheadh sé glacadh & ag léi¬
gheadh do phápeir in aisce le ocht míosa
deug gan a luach a chur chugad, Breall
airfan & air a leithide. Ach mo lom, tá
a chineál iomaduil sa tír seo, smisdidhe
breagh greagach, breugach, gleusda, cab¬
ach, a bh-fuil an domhan le radh acu cread
nach n-deunfaidís ar són maithis a d-tí¬
re & a d-teangan, ach sin a bh-fuil anntu:
bolsgaireacht. Dá mbeidheadh maith dam
a rádh leat, dearfainn tabhair cuir'dh do
na spreasáin so fanacht uait & congbhaigh
do Ghaodhal do'n mhuintir a íocas air a
shon, oir da gh-cuirfea oideos na cruin¬
ne asteach in a g-cloigne ba smisdighe
iad 'na dhiaigh sin gan bhail agus ní fiú
iad a múnadh. Dubhrais a n-deire do
leirbhreathnugh air mo leitir a d-daob na
sgoláiridhe. — "Ach tá faitchíos ortha air
ghearrmhadgadh daoine d'a shórt-san."
Fághaim locht air an rádh sin shuas uait
Fo nach d-teitheann an leanbh an teine no
go n-dóitear é. Maiseadh níor deunadh
gearrmhagadh no fonóidh fút féin no fa
do sgoláiridhe 'sa n-Gaodhal ó cuireadh
air bun é & tuige mar sin a mbeidheadh
faitchíos orthu sul do fuairid ádhbhar ?
Saoilim gur iontuigse le gach aon go bh-
uilim ceart annso. Agus cad is gear¬
mhadadh? — sarcasm. Cad is sarcasm?
Seo ó a bhunadh & a mhíniugh. — sart, sarcos
Gr., flesh, feoil, & sciero, Gr., to tear
or bite like a dog, do strócadh no do
chreimeadh mar mhadadh; sarcasm, Gr.,
ridicule, irony, scorn taunt &c. Níor
shil me gur thugas iarracht air an fheoil-
chuma seo a thabhairt ort féin no air do
scolairidhe, ach bhudh é mo rún sibh araon
a spreagadh & a ghríosugh innos go bh-feic¬
finn leasugh no coirrigh eicint air an n-
Gaodhal nach bh-fhacas fós orthi, or 's
dóigh go léighfidh an Gobán Saor do Ghao¬
dhal ó seo amach, & ní in aisce no air
iasacht ach béidh a luach in do phócadh sul
da chidhfidh se siolladh dhi. Ní le fonn sibh
a mhaslugh ach ar m-bhrostudh a thuir me
aighneas oraibh. Bhí fhios agam go rabh tú
féin & Éadhmond cliste go leor in bhur
b-pairt féin a thógbháil, & bhí iongnadh
orm an uair nach bh-gacas ainm Éadh¬
muind in eanfhacht leat.
Ach muna bh-fuil Émond abalta frea¬
gra a tabhairt air an n-Gobán is fonn
liom nach bh-fuil muid in a leith, oir ta
O'Caoimh eile againn 'sa tír seo, & go
mbudh buansaoghalach, slán & sona é in
ar measg; croidhe na féile & an fhiún¬
tais. Fear & ainm da'r bhudh dual a
bheith 'nna sgoláire anois & in sa n-am
a chuaidh thart: an sar léigheanta cheann-
sa, Daibhidh O'Caoimh. Is iomda fear &
cailín a chuimhnigheas air a chomhráidhte
greannmhara, a iomchar deaghbheusach, &
a mhiantigheas iad a chlos & a fheicsint
arís in a measg mar go snathach leo am
aon in sa m-Bomhergh. Anois fuair tú
locht orm fa dhó in do phaper do bhrígh
nar thugas mo dhilainm féin duit le mo
leitir. Cia 'n chall a bhí agad leis seo?
Ní me an cheud duine a sgríobh fo sgath
ainm athrach. Bhí m' ádhbhar féin agam
agus seo é — Ní'lím eolgach air
theanga boin mo mhuintire a labhairt no
a sgríobha mar budh mhaith liom agus mar
sin ní'l suim agam a dhul fo dhein an
phobail an uair nach bh-fuilim. Dar liom
go g-cluinim thú 'ga rádh nach bh-fuil ann
seó ach leithsgeul. Bidheadh sé mar sin,
tá fios m'easbhadh féin agam cho maith le
dúine eile.
An Goban Saor.
NUADH EABHRACH.
An t-Ochtmhadh lá deug Lúghnása, '83.
D'Fhear-Eagair an Ghaodhail.
A Shaoi Dhílis:
Do léigheas ins an uibhir déighionach de'n
Ghaoghal do chuireadh chum scoláiridhe na
Gaedhilge, aig iarraidh orra litreacha do
scríobhadh chum do pháipéir. Tá luathgháir
orm faoi so, & measam gur bhuailis an
nóta ceart ins an g-cuireadh sin. 'Nuair
do chuiris air bun do pháipeur air d-tús
do shaoileas go m-beidheadh mórán de h-
aos óg na h-Éireann ins a tír so, aig
sgríobhadh ann, acht feicim anois nach bh-
fuil sé mar sin, & go bh-fuilid an-mhall
aig teacht amach. Tá scoláiridhe go leor
aig fóghluim na Gaedhilge ins na scoilibh
thríd an tír a tá achfuinneach nidhthe do
scríobhadh chugad go maith, acht ní dheun¬
