﻿252
AN GAODHAL.
faidh siad iarrachd. Cad fádh bh-fuil an
chúis mar so? Cad fádh nach scríobhann
siad cho maith & is féidir leo? Tá an
lochd in ait éigin, acht ní cóir an lochd
go h-iomlán do leagadh air cheannaibh na
scoláiridhe, óir tá siad toileamhuil a n-
dithchioll do dheunadh acht tá náire orra
nídh airbith do scríobhadh air eagla go m-
beidheadh sé mí-cheart, & go m-beidheadh
na daoine a tá fóghlumtha 'san d-tean¬
gain aig magadh air a n-obhair, & deirim
go bh-fuil ádhbhar eagla aca.
Measam, a Shaoi, nach bh-fuil an mag¬
adh so ceart, & gur cóir do na daoinibh
a tá eolgach air an Gaedhilig a bheith níos
treocairidh do'n té nach bh-fuil cho fios¬
ach uirre. Budh chóir doibh a bheith cineal¬
ta, ceannamhuil & foighideach leis na n-
daoinibh óga, 'nuair d' fheuchainn siad le
nídh airbith do scríobhadh. Ní féidir le
naoidhneán siúbhal gan fóghluim, & ní féi¬
dir le scoláire an Gaedhilig do scriobh¬
adh muna bh-fághann sé cuideadh ó na n-
daoinibh a tá níos fóghlumtha innthi 'ná
tá sé féin. Ní'l fear óg airbith cho dith¬
chéillidhe & go n-glacfadh sé fearg le dui¬
ne a thaisbeánas do go ciuin & go ciall¬
mhar nach bh-fuil se ceart in a chuid oibre,
acht, air an láimh eile, masluigh é, cáin é,
caith drochbheas air a obair, & béidh náir¬
e cho mór air a's go g-caithfidh sé suas
an obair go h-iomlán — béidh sé mar choi¬
leán óg a chailleas a cheud throid & a tá
'nna chladhaire go deo.
Támaoid uile óg ins an Gaedhilig fós
támaoid mar daoine ag fóghluim snámh,
& muna d-tabhramaois cuideadh do chéil¬
e, is doigh liom go rachfamaois uile a n-
iochdar, & an Gaedhilig air ar mullach.
Ma tá mian aig Éireannaighibh an Ga¬
edhilig do chongbháil beo, is ins an g-cine
a tá anois ag fás suas a tá a n-dóth¬
chas, & muna g-cuirfidh siad a n-guala
leis an rotha tá laethe na Gaedhilge
geárr, oir do eugfaidh sí leis an g-cine
daoineadh a tá 'nois aig meathad, & a
deirim airís, gur chóir do na daoinibh a
tá fóghlumtha ins an d-teangain gach nídh
a tá in a g-cumas do dheunadh chum na
n-daoineadh óga do tharruing amach ins
an deágh-obair.
Aig tráchd air an g-cúis so, saoilim
da g-cuirfea air leith duileog no dhó de
do phaipeur, & litreacha ó na scoláiribh
do chlóbhualadh ionnta, nach m-beidheadh
caill airbith deunta, acht maith mhór : na
litreacha so a bheith clóbhuailte mar do
thuiteadar ó pheann gach duine — ceart no
mí-cheart, is cuma é — & aig deireadh
gach litir nóta beag uait féin aig tais¬
beánadh do'n úghdar na h-earraide ins
an obair. Air an doigh so béidh bealach
aig na scoláiridhe teagasg d'fhághail leis
an Gaedhilig do scríobhadh go ceart, nach
féidir le mórán diobh d'fhághail air mhodh
airbith eile, & le cuideadh mar sin ní
fad uainn an t-am in a m-bhéidh scríobh¬
adóiridhe maithe go leor againn.
Ag súil go m-béidh litreacha do shaith
agad ó do chairdibh óga air an mí so,
mar freagradh air do chuireadh,
Is me, go measamhuil,
"Padruic."
THE NEW POSTAL LAW.
On and after September 3rd. the Postmaster
General authorises postmasters at the various
money order offices to issue money orders with¬
out corrospondent advices, at a fee of three cents.
The note is given by the postmaster, and is made
payable to bearer at any office remitter may select
and also at the office of issue. The note is not
valid after having been issued three months ; al¬
though the money can be obtained after that time
by forwarding the note to the Superintendent of
the Money Order system, at Washington, paying
an additional fee of three cents signing certain
papers, in accordance with the postal instruction.
A note can be procured for any sum ranging from
one cent to $4.99. No written application is
necessary for the same as was customary under the
old money order plan. There is no limit to the
number postal notes issued in one day payable
at the same Post Office. Persons procuring notes
are advised to carefully examine them to see that
they have been correctly filled up and stamped,
otherwise difficulties are possible in the way of
payment. The hour for transacting the new
postal order business are the same as under the
old system.
Every Irishman should get a copy
of the Dublin Gaelic Journal, its price
is only six shillings a year. It and the
GAEL are the only papers published in
the Irish Language.
