258
AN GAODHAL
CÚIS NA h-ÉIREANN.
An Chraoibhín Aoibhinn ro chan.
Ní mian liom na daoine cho millteach
a g-croidhe
Nach bh-fuil siad sásta le sean rud
air bith,
Ag athrugh'dh a g-cómhnuidhe gach h-uile
sean-dlighe
Gan saoileadh má's maith no má's
aimideach í.
Is gráin liom an drong tá a choidhche
dá rádh
"Ní rabh sa t-sean-aimsir ach sgrios
agus crádh,
Do bhí na sean-aimsire millteach a's
dubh
Ní'l aimsir air bith mar an aimsir a
niugh."
Is forus liom cruthugh'dh nach bh-fuil
siad ceart,
'S nach cóir é bheith maslugh'dh an am
chuaidh thart;
B'fheárr liom-sa ceud uair me féin
a bheith beo
Anns na h-aimsiribh sin, 'na 'sna h-
aimsiribh seo.
Ach ma's olc liom na daoine d'athró¬
chadh gan fáth,
Gach uile sean-chleachtadh bhí measamh¬
uil, trá;
Nach d-tiúbhradh do shean-rud an meas
nach budh chóir,
(Mar thuilleann gan amhrus an aois
onóir).
Ma's gráin liom an drong sin, is
measa fa dhó
Na daoine do dhearcfadh air bhrón
a's anró
A tuitim go trom air an tír ó droch-
dlighe,
S nach n-athróchadh d'aimhdheoin a sean-
mhillteachais í.
Ach feuch! ní dheurfainn go m-bain¬
eann ann dream
A dhiúltaigheas d' Éirinn a ceart a's
a réim
Do cheachtar de'n taoibh sin do chómh¬
airigh me 'nois:
Téidh siad le chéile chum sinne do
sgrios.
An dream sin d'athróchadh gach sean-
rud gan suim
Ní athróchadh siad aon de na dlighthibh
do chreach sinn,
'S an dream sin chongbhóchadh gach
sean-rud már bhí,
Gach sean-dhlighe bhí tairbheach sgaoil
siad í.
Cidh 's áidhbheul a náimhdeanas eator¬
ra féin
A's shaoilfeá nach rachfadaois choidhche
le chéil',
Ní rabh san dá chuid sin ach aon chuid
amháin
Anns gach rud a bhaineas le leas ar
n-oileáin.
Ní h-ionghantas liom-sa na Sacsan¬
aighe sin
Do bheith mar do bhiadar le cheithre
cheud bliadhain,
Budh Sacsa a g-cómhnuidhe ar námhaid
is teo,
A's béidh sí ar námhaid a choidhche 's
go deo.
Acht is ionghantus mór é, is ionghan¬
tus mór,
Trá bh-fuilmid ag cromadh fa neart
eagcór'
Uaisle na h-Éireann bheith fanamhain
cho marbh
Cho marbh le clochaibh, cho bodhar 's cho
balbh.
Is ioghantus mór é, is ioghanuis mór,
Nach n-árdóchadh siad choidhche a n-glór,
Go cneasta, machánta, onórach, mar
is cóir
Air son a d-tír' féin tá a dórtadh
na n-deor.
Ach feuch, 'na dhiaigh sin, ní cóir dam
a rádh
Gur ioghantus mór é trá tuigim an
fáth,
Fíor-uaisle Éireann, mo chreach a's
mo leun!
Is measa dúinn iad 'na na Sacsan¬
aighe féin.
Fiafróchadh do'n Tighearna ta Sac¬
sanach, 'nois,
