AN GAODHAL.
259
"Cad é an chaoi fuair tú do thalamh
air d-tús?"
Is forus an freagairt, "Le armaibh
fuair me
Mo thalamh, 's le armaibh congbhóchaidh
me é."
'S ma's Éireannach é, fiafróchaidh
me 'ris
"Cad é an chaoi tá 'gad do talamh
anois?"
"Thug m'aithreacha congnamh do Shach¬
sain air d-tús,
'S d'fhág Sacsa leo-san a d-talamh
mar duais."
Ná biodh feasta aon iongantus ort,
Ní'l ins an oileán so ach an da shórt,
'S í muintir an t-Sacsanaigh máighis¬
tir aniugh,
A's muintir an Éireannaigh rinne
feall dubh.
Dearc air a n-gníomharthaibh 's aithne¬
óchaidh tú
Millteacht na d-tighearna atá 'gainn
andiu,
Is cuma leo cúis agus impidhe na
m-bocht,
B'olc na sean-aithreacha, 's measa a
sliocht.
Ní'l ins an oileán so ach an da shórt,'
'S gach meas a's onóir is nádúrdha
do thabh'rt
Do dhaoinibh mór' uaisle tíre air bith
Doibh-sion feasta diúltóchamaoid í.
Is forus liom cúis an oileáin so do
chur
Ann aon fhocal geárr, agus cuimhnigh¬
idhe air,
AIa's maith leis an "Tighearna aon
ghnóthath air bith,
Is olc an rud sin le fear atá faoi.
Is maith le na tighearnaibh sin Sacsa
bheith slán,
Ach leis na daoinibh go coitchionn, 's
gráin,
Bochtáin na talmhan — is truagh a riocht,
Tighearnaighe na talmhan — ag brúghadh
na m-bocht.
Bochtáin na tire seo — ceithre milliuin,
Faoi chúmacht na d-Tighearna a m-boch¬
tanus bhuan,
Gighearnaidh na tire seo — míle no dhó,
Ag congbháil na milliuin, a sglábhuigh¬
eacht 's anró.
Bochtáin na tíre — ag íocadh cíos'
Tighearnaighe na tíre — dá shlughadh é
sios,
Bochtáin dá chómhnuidhe — 'na d-talamh-
san féin,
Tighearnaighe dá cómhnuidhe — gach áit
faoi an gréin,
Na Tighearnaighe — dá cháineadh a d-
tír-ne go léir,
Na daoine — le fíor-ghrádh na g-croidh¬
thibh d'a d-tír,
Na tighearnaighe — gan meas air na
daoinibh bocht' sin,
Na daoine — gan meas air an droing
ós a g-cionn.
Ní thig liom a fheicsint 's bheith fana¬
mhuin am' thost,
Freagair anois, agus cuirfead ort
ceist,
"Da m-bainfídhe na ceithre milliuin
uainn aniudh?"
"Ní bheidheadh an náisiún ach na fhásach
lom dubh."
"'S dá m-bhainfidhe na Tighearnaighe
sin, míle no dhó,
'Sna daoine bhí fútha go fóil a bheith
beo?"
"A Dhé! is in sin do bheith seun agus
sógh
Do bheith saidhbhreas as ádh san oileán
so go deo."
Na Tighearnaighe 's na Daoine! an
Neart a's an Cheart!
'S ní iomcharaidh an t-oileán (ní thig
leis) an bheirt,
Cia 'ca is fusa mar sin do sparáil?
Cuir fiach agus díbir na Tighearnaighe
air fán.
Tiomáin agus ruaig na Tigearnaighe
amach,
An mhuintir sin mhillteach do rinne
ar g-creach,
An mhuintir sin mhillteach do rinne
ar g-chrádh,
Agus seinnfimid, glaodhfamaoid, Éi¬
re go bráth.
Ní'l Éire indiu mar bhí sí in-dé,
Gabhamoid, glaodhamoid seinnfimid é,
A misneach i meudugh' ag éirghe gach lá,
Sláinte geal Éireann, seinn, Éire
go bráth!
