﻿262
AN GAODHAL.
stone to me. 9. he is a stone-cutter.
10. I have a true friend.
Mr. WARD'S Letter.
Phila., an 10adh lá dhe'n 9adh mí, '83.
Do Chlodhaire an Ghaodhail.
A Shaoi Onorrch. — "Ní maith sgríobh
gan oideas," deir an sean fhocal, & is
ceart, ciallmhar an rádh é. Níor chóir
dam air an ádhbhar sin iarracht air bith
a dheunadh chum leitir a sgríobhadh chugat
no peann a chuir i n-dúbhach air a leithid
a ócaid no go m-beidhinn n-ionad a dheun¬
adh mar bud chóir. Ach chuir tú cuireadh
air do léightheóiridhe go h-uile, in uibhir
mí na Lúnása, sgríobhadh chugat, & táim
cinnte nach m-beidh tú magadh faoi locht¬
aibh na leitire seo; go m-beidh tú foigh¬
ideach liom & toilteach chum cuideadh &
comhairle a tabhairt dam.
Léighidh me leitir "Phadruic" ins an ui¬
bhir dhéighionach & is ciallmhar stuama an
leitir í & an chomhairle bheir se do dhaoi¬
ne fóghluma & do'n mhuintir a tá 'g fogh¬
luim na Gaedhilge. Ní'l aon fhear sa tír
indiu a mbh'fheárr leis an Ghaedhilig d'
fheicint faoi mheas, no beidheadh níos
luathgháiridhe AN GAODHAL eicint leich¬
idighthe & neartuighthe 'ná mé. Air an ádh¬
bhar sin, air do chuireamh, & leanmhuint
cómhairle 'Phadruic," cuirim chugat na lí¬
nidh seo le uchtath tabhairt do scoláiridhe
eile ; le tasbáint dóibh nach bh-fuil ádhbhar
eagla do dhuine airbith a lochtaibh a chuir
faoi shúilibh dhaoine foghlumtha, óir an
fear foghlumtha ar fiú a dheágh-bharamhuil
fhaghail ní dheunfadh sé magadh faoi scol¬
aire bocht mar mé, a bhídheas aig iarraidh
é féin a bhiseadh & an fear cliste a chaith¬
eadh droch-mheas orm fa m'easbhadh fogh¬
luime cho fhad is táimh réidh, toilteach &
díthchiollach chum biseadh, ní duine uasal
é & is cuma liom bidheadh a bharamhuil
olc no maith Ní áil liom tráchtadh go
h-olc air mhuintir ar d-tíre — ta's aig
Dia go bh-fuil go leor le trom-chúis do
cuir oráinn gan mise mo ráma chuir a¬
steac — ach deirim an mhéid seo gan eag¬
la breugadh na'r casadh 'sa tír seo orm
daoine airbith is mó bród fa bheagan
léighin, & is droch-mheasamhla air mhuintir
a d-tíre a tá in easbhadh foghluima na
Éireannaigh iad féin, agus ní comhartha
stuamacht no uaisleact an nídh ceudna.
Roimh chríochnugh'dh caithfidh me buidheach¬
as i thabhairt duit fa na foclaibh scríobh
tú 'g moladh Clanna Mháird Thír-chonn¬
aill, in d' uibhir dhéighionach Tá luthgháir
orm gur fhuair tú oiread de 'n treabh
fosgailte go leor 's i n- intinn chum méid
& maitheas na h-oibre a chuir tú rómhat
d' fheicsint, agus tír-ghrádhach go leor le
cuideadh leis an deágh-obair. Ní'l sé
níos mó 'ná 'n ceart, & is cóir do Éir¬
eannaigh an domhain go h-uile bheith bhuidh¬
each duit, & amharc air 'sa n-dóigh gur o¬
nóir doibh bhealach do bheith acu cuideadh
leat an obair mhaith do chuir air aghaidh —
leatsa a thug dhúinn nídh nach raibh againn
ariamh, AN GAODHAL, an cheud pháipeur
clódhbhuailte i d-teangain ar sinsear.
Sé seo an dara iarracht dam chum
leitir do sgríobh ins a nGaoighilig. Má
mheasann tú í bheith maith go leor le cuir
ins a leath-dhuilleog air ar labhair "Pad¬
ruic béidhead luthgháireach agus buidheach,
Do charaid umhal,
Antan Padruic MacMháird.
PHILADELPHIA,
An Trímhadh Lá Fichid mí Mhiadh¬
ain an Fhóghmhair, '83.
Do Chlódhaire An Ghaodhail.
A Shaoi. — Ta me a sgríobh cúpla lín¬
e chugat ; glac mo leithsgeul mar is se
mo cheud iarracht é. Tá me ró iosta
'nois le me féin a cuir air m'aghaidh.
Chonnairc me leitir ó 'n Saoi "Padruic"
ins an nGaodhal & bhí bróid mhór orm
air an g-cómhairle breágh bhí innte. Da
gnidheadh na scolairidhe maithe cuideadh
leis an muintir nach bh-fuil fóghlumta
innte bheurach se misneach díobhtha in a
n-obair a chuir air aghaidh. Tá dúil ag¬
am, le congnamh Dé, go g-caillfidh siad
an naire mhór a tá orra ; deunfaidh
mé féin mo dhithchioll, & ta dúil agam
go n-eíróigh liom.
Is me, go measamhuil, do chara,
PADRUIC Ui CUNNELLA,
