AN GAODHAL.
263
"Támaoid uile óg ins an nGaedhilig fós."
Libertigh, Condae Claigh Missouri'
An dómhadh lá deug do seacht
Mhíosa, '83.
Do Chlódhaire an Ghaodhail.
A Shaoi Dhílis :— Is mian liom, má's
se do thoil é, focal a radh a d-taobh an
leitir noch do sgríobh "Padhruic" ins an
uibhir dhéighionach de'n Ghaodhal. Bhí bróid
mhór orm 'g a leigheadh. Go deimhin, tá
luath-gháir mhór orm faoi. Do sgríobh se,
a d-taobh an Ghaoghailge, mar is cóir do
gach duine, — céillidh agus tuigsinte.
Leis an fhírinne a radh leat, ní thigim
féin go maith an Ghaedhilge, acht, go cinn¬
te, ní féidir liom, ní féidir le duine
eile do thigeadh muna n-deunfidh siad
iarrachd. Is cóir dúinn, mar dubhirt
"Padruic," ar n-guala a chur leis an ro¬
tha agus é dheunadh cho maith is féidir linn.
Do rugadh me ins a tír so, agus, air
an ádhbhar sin, ní'l fios agam go réidh air
gach briathar thárlas orm i g-chómhradh, &
ní féidir liom an Ghaodhailge do labhairt
no do sgríobh go maith. Acht ceart no
mí-cheart, is sé mo thoil dithchioll do dheun¬
adh, oir is sé mo bharamhuil d'fhaghail
ó fhoghluim theagasg eile nach d-tig le
duine do chéimnugh'dh go deo gan iarr¬
achd. Is cúma liom na daoine a tá fogh¬
lumtha 'san d-teangain bheith aig magadh
air m' obair. Admhuighim nach bh-fuil me
acht leanbh ins an obair so, agus islighim
me féin i g-comhnuidhe chum eoluis d'fhagh¬
ail. Tá fios agam gur, go cinnte, is
iomadh iad, a scapadh tridh an tír so, a
tá achfuinneach neithe do sgríobh chugad
go maith, acht ní thig liom-sa aon fath a
tabhairt air a d-tosd. Tá dóthchus lai¬
dir agam, go mosgaileóchaidh siad as a
d-trom-shuan, agus go n-deunfaidh siad
cad is feidir leo. Is cóir díobhtha go
mór-mhór leitreacha do sgríobhadh chum an
Gaodhal ó am go h-am ionnos go g-cuir¬
fidh an fear-eagair níos mó Gaedhilge
'san n-Gaodhal na bhidheas ann.
Do sgríobh me féin air éigin, acht tá
rún agam, mar so, do sgríobhadh go
ceart. Labhair amach, a charaide an
Ghaodhail, agus tabhair dúinn do chong¬
namh. Mar dubhairt "Padruic," támoid
uile óg ins an Gaedhilge fós ; tamaoid
mar dhaoine ag fóghluim snámh, agus is é
so mo cheud iarrachd. Tá fhios agam go
maith go bh-fuil se faon agus bocht.
Ag súil, a Shaoi eagair, go bh-fuil tú
sláinte mhaith agus, ó mo chroidhe amach,
go raibh ar d-teangan mhín, mhilis, mhath¬
ara faoi mheas fós.
Is me, go measamhuil,
LEITIR-SHEAN.
Mr. CUMMING'S LETTER.
CNOC NÓ SCIACH,
Condae Randolph, N. C
Trímhadh lá Fichead do Lúnasa, 1883.
Clódhaire an Ghaodhail.
A Shaoi Dhílis — Anns a leitir so cuir¬
im chugad trí fichead pighinn air shon an
Ghaodhail air seadh bliadhana. Tá áthas
mór orm a leithid de theagastóir a fhágh¬
ail in mo lámhaibh. Mo truaigh nach bh-
fhuair me leithid an Ghaodhail mórán aim¬
síre ó choin; d'a bh-fághainn do ba mhó m'
fhios air theanga mo thíre 'na tá agam.
Saoileann mórán de na h-Éireann¬
achaibh ins i tír so gur mór an droch-
mheas orrta an Ghaedhilge labhairt — tean¬
ga a sinsear! Aris déirfidh siad, "tean¬
ga marbh í." Níor bh' iongnadh í bheith
marbh mar rabh le na cothugh'd acht a lei¬
thidibh sin. Dá m-beidheadh siadsan marbh
bha bheag an truaighe iad. Mo leun nach
g-clóbhuaileann tú an Gaodhal gach seacht¬
mhain in áit gach mí. Cuir agam an
Gaodhal in seo no go d-tuguidh mé ord¬
ugh'dh dhuit a chúr go baile fosta eile,
mar nach bh-phuilim acht úrach ins i tír so.
Fuair me páipeur na Lúnása, agus
tá súil agam nach d-teigh aon cheann aca
air seachrán no go g-cíochnóchadh tú an
"Siota s Mháthair."
Do Charaid mheasamhuil,
Tomás O'Commáighin.
Every Irishman should get a copy
of the Dublin Gaelic Journal, its price
is only six shillings a year. It and the
GAEL are the only papers published in
the Irish Language.
