﻿264
AN GAODHAL.
AN SIOTA sa MHATHAIR.
Leantadh.
Collated by E. O'KEEFE. N. Y. P. C. S.
Más dos na m-bocht do cheapag na flaithis mar
saoirseacht!
No más áit é go bh-fuil mórán bainne 'gus biadh ann!
B'fheárr dhuit-si phreab ann air maidin nó aon oidhche ;
Ná bheith bailliúgh'dh na déirce air fuid na d-tíortha. —
An Chailleach.
A dhailtín smeirle mallucht mo chléibh duit,
'N amhla mheasair dam phreaba do léim ann?
Na naoimh, nó na h-abstolaibh, nó na cléire naomhtha,
Ní théidheann siad ins na flaithis go n-eugair —
An Siota.
Más áit é na flaithis nach bh-fuil geata no céim leis;
Nó más áit é go bh-fadhainn casa ceann coicíos no
lae as;
Do radhiann-si go páras le 'n foinneamh is aosga.
Acht le eagla mo mhasluigh agus oireasba mo bhéile;
Fana me sa m-bhaile aig steala na déirce. —
An Chailleach.
Is áit é na flaithis de mhaireantus naomhtha;
Áit 'ná casaid aon neach air aon chor-os ;
Ní'l brón, tinneas, no lasracha crádh ann;
Ní 'l feodh, gorta, námha, no gádh ann,
Acht ceol, aitis, 's anchuid luagháire. —
An Siota.
Mar nach bh-fuil aon rud 'sa bh-flaithis acht ceol 's
luagháire
Cionus a gheobhach bolg bocht folamh aon sasamh ann?
B' fheárr liomsa tora mo phota 's mo mhála
'Ná da m-beidís aig seinne ó Nodlag go Cásga:
Tosd, a chailligh, 's scuir do thrácht-si,
Nuair a radhair-si go flaithis nár chasair go brách os.
An Chailleach.
Go brách 's choidhche mallucht mo chroidhe dhuit,
Do dhlighe na n-abstail ní mheasann tú stríochuint,
'S is sé tá sgríobhtha 'san chabhaduil naomh Pheadair
do sgrígh é,
Gur b' é dubhairt an leanbh do cheannuigh na mílte,
An te sheunach air d-talamh é, ní bheidheach na flaithis
a dhíona. —
An Siota.
No tarruinn chugam Peadar air aon chor,
Mar budh suarach a chasmairt do sheas sé fhéin ann,
Dá bheidheach sé plae le cailleach gan orra gan eudach,
Gan biadh, gan beatha, acht aig codla ins gach h-aon
teac;
Na péiste d'a phioca, a ghiubha 's a thraocha,
