AN GAODHAL.
265
Bheidheach sé stuacach go leor 's chloiseach an saoghal é.
An Chailleach.
Sul ránnga thu-sa chugam, is minic do léigh mé,
Air Iób do fhuilling ann mórán de phéine,
Bhí piasta 'gus gearba, carra 'gus ladhair air,
Fuair sé na flaithis d'a bh-fharra na fadhainne,
Áit bhreágh bheannuighthe mar mheasaim ná radhair-si.
An Siota.
Mar a théidheann an peacach go páras choidhche,
An te tá beannuighthe béidh anchuid slighe aige,
Más daor 's más damanta leanúint mo shlighe-si,
Le bliadhain agus fiche tá ifrionn líonta,
Agus ní ghlacfa siad me-si le uireasba slighe dham.---
An Chailleach.
A mhaistín mhalluighthe, mallucht mo chroidhe dhuit,
Do liaigh no do shagart ní tháin leat stríoca :
Ní ghabhann tú 'n bheatha, 's gearrann tú críosdaigh,
Is fágfaidh do ghníomhartha in ifrionn shíos thú —
An Siota.
A chaillaigh, — éist, 's scuir do ráidhte,
No cuirfead-sa chúghat-sa cúrsa cráite,
Léigh do stáir dam, a ghruasóir ghrána;
Agus mé aig feuchaint ort, air meisge 'sa b-fhásach,
Nuair bhí mé go dúbhachfar aig iompar mála. —
An Chailleach.
Dála 'n gnó sin ní gnó ró dhaor é,
Mar is rud é go m-bidheann dúil aig gach aon ann,
Ní fhacas fós bean óg nó aosda,
Na dheunach a gnó díreach mar a dhéinnim-si —
Ba mhíle measa do ghníomhartha féinig.
Aig seuna chríost agus righ-na-féile.
An Siota.
Feasta orm-sa, a chailligh, na tráchtuigh,
Cuimhne air do shlighe cam, neamhghlan, táire,
Mar dubhairt Liúitear fadó leis an b-Pápa,
Nuair a tharruing sé 'nuas air chúrsa náireach,
Agus é 'nn mhanach árdásach an tráth aige. —
An Chailleach.
Cé chuireach spéis 'nna ghreithibh Liúitear?
Téidheann neach air an g-coill go m-buinne sciúirse,
Chum a leanbh a stiúire agus a mhúine,
Is ró gheárr an t-athair a ndiaigh a fhearg a mhúcha,
Gur míle measa leis an leanbh na 'n sciúirse. —
An Siota.
Na tracht, a chailligh air shlait no sciúirse,
Is mithid iad a bheith caite ó bhara go rúta,
An lá na fadhaig an t-athair an leanbh le múine,
Beireann sé a mhallacht 's cuireann chum siúbhel é,
Acht tabhair chugham-sa m'athair 's plae mé mo chúis
leis.
(Le bheith leanta.)
