280
AN GAODHAL.
FÁILTE Ui CHONAILL DO'N T-SRÁD¬
BHAILE,
Le
Aodh Mac Domhnuill.
Air na Sgríobhadh a m-Beul-ath-fear-
faide, A. D. 1845.
Air mhaidin Lá Bealtaine, air thulaidhibh
's árdain,
Chuala mé cárlach pléisiuir;
Bhí fir 's mna ag cruinniugh'dh 'r gach rath,
Ó Bhóirce go h-Árd Bhinn-eadair.
Gach óganach bhreagha ag reubadh na bh-fal
Is na cailínidh aluinn gleústa:
'S ma chreidtear mo sgeul-sa shruighidh
na gartha
Gach oilean 's ait faoi 's ngréin ghil.
Bhí fidil is clairsigh, píobairidh 's dantaidh
Is dromaidh ós ard d'a b-plaosgadh;
Na leinbh 'sna paisdidh a grad'dh na lama,
'S teinteach i m-barr an t-séibhe.
Fuaimneach 'sna h-altaibh ó Chorcaigh go
Cathearlín,
Le ceileabhar agus smal eulaith.
'S ní'l duine ó Ádhamh da bhfeic'dh an la
sin,
Nach measadh gur b'athrach an saoghal é
Leis sin a thainig babóg air cuairt go
Droichead-ath,
'S ba deise í ná Bladhnuid 's deirdre,
'S ní fiosach dam radh cia aca de mhnaibh
Múnab í Grainne Mhaol í.
Dubhairt sí ós ard leo, cuiridh-sa failte
Roimhe le slanuigh Gaodhaluibh;
'S ma cuidigheann sibh 'aitheanta is deimh¬
in na sgeulta,
Go d-tiocfaidh 'n Chomh-dhail go h-Eirin.
Ba goirid an spas go d-tainic na malra
Maithe Chríc-Fail a n-éinfeacht,
'S budh mhór an t-adhbhar straice gach
chrích-fhear de'n naisiún,
Ag líonadh le blath na sgéimhe.
Ó Conaill in a lar, 's Ó Briain air 'lamh
Mar Mhaoise ag sarugh'dh Égipt;
No Iosúa bhí laidir ag leagan na bpalais
Le stoirm is toirneach adharca.
Chuala me gan adhbal mar ghunnaidh da
lamhach,
Torann is rafladh neultaidh.
An ceileabhair do áiridh bhí aige sluagh
Pharthais,
Ag seinnm go h-árd sna speuraidh.
Ní'l duine ó Áran go Casan-an-fhathaid
Nach d-thainic do'n áit da deaghradh,
Ag cur milliún failte roimhe lucht a
slánuigh.
Go Dealgan na marc sna n-euchda.
Ní chreidfinn go brath gur b'é so 'n cas,
Go bh-fachuidh mo dhá shúil féin é,
Mur shaoil me gur Spainnaigh a tiocfadh
le tarthail'
Agus bheuradh ó ar namhaid saor sinn,
Ach anois ta me sasta 's mo mhuinighin
ró láidir,
As sgealan as lar ceart Ghaodhail
ghlais;
Chum chuiduigh in gach ghabhadh leis an ríogh¬
ruidh gan tar,
Go g-claoidhfidh sé namhaid Éire.
Ach ma cluinntear an tasg so i Sac¬
sanuidh mar tharluigh,
Béidh siadh go craidhthe buaidheartha.
Ma theasduitheann uatha rasuir ceann¬
aid siad cnab,
Le 'r crochadh in gach ait na méarlaigh.
In sin tiocfaidh an bas go h-obann in a
n-dail,
Mar thainic an phlaigh air Herod,
Béidh uaisle Inis-Fail go cinte i gCo-dhail
Is béidh an Léig-Fail a béicneadh.
Éisdigh, a bháird, le'r mian a bheith tracht,
Air aisdigh ró-bhreagha na nGaodhluibh
'Sna leigigh fa lar gan a ngníomha chur
ós ard,
A dteanga mhín, bhlasta bhur mathara.
Is gearr uaibh an la le gcurthar gach smal
Ó choillte ró-aluin, sgéimheach:
Béidh Éire mur budh gnath le méid gein
is gradh,
Is díbreochar dail na d-tréatar.
H. Durnen, Tangipahoa, La.
The following incident shows with what affect¬
ion a sister views her brother. —
A woman's father, brother, and husband were
condemned to death, and it seems that she succeed¬
ed in obtaining a pardon for one of them — whom¬
soever she should name. Being asked which, she
replied —
Gheabhfainn fear a d-tom,
Thug m' athair tonn d'a aois;
Chuaidh mo mhathair ó chlann
Is ní bh-fuighinn aon dearbhrathair choidhche.
