AN GAODHAL.
287
Recent events add an increased interest to the foll¬
owing martial and patriotic song. All Irishmen most¬
ly are aware that it is “treason” to lilt much less to
sing it in that unfortunate country which Irishmen
love to call their own. It has, along with "God Save
Ireland,” been made the Natonal Anthem by patriotic
societies.
O'DONNELL ABOO.
Translated from the Original by A Maynooth Student.
Tá binn ghuth an adhirc go glórach a géimneadh,
'Gus gáir-chath a síneadh go h-árd air an gaoth,
Thar Loch Suilligh tá'n treun laoch go luathmhar a léimneadh
Aig na sluaghtha 'n gleann Shamhair i deifriugh'dh gan sgith;
Shíos ó gach sliabh go beo,
Treun fhir nach d-teithfidh gleo —
Brostaighidh faoi ghlas-bhrat bhur n-gaisgidh, Aoidh Ruadh;
Bannach 'gus Galóglach,
Deifrighidh go claon aig cath —
Suas fá bhur n-díl-thír, Ui Dhomhnaill Abú!
Feuch Ua Néill, sgaith na bh-flath', chum cabhair a chlaonadh,
Lé mór-shluagh gaisgidhe 'gus togha na bh-feadhaim,
Tá míle each borb in a roimh-rann i síneadh,
Faoi na marcaighibh ó'n g-cluan a bh-fuil sruth Banna ann;
'S iomdha an croidhe bheidheas fann,
Faoi sgath a chulaidh-lann —
Beidh geur-bhrón air námhaid iad-fhéin bhí gan truagh;
'Nuair cluinfear ar n-gáir-ghleo,
Sgriach air an t-sinneán teo,
A brosdugh'dh chum díoghaltas, Ui Dhomhnaill Abú.
Tá 'n faol-chú i n Dheas-Mhumhain aig ailleadh go fraochrach,
'S an t-iolrach gan eagla a sgriach air an magh:
Tá 'n sionnach air shráidibh a faire go caochrach,
Ní 'l duine le bagairt air beo air an bh-faith ;
Fáisg uile lámh go teann,
Tuadh-chath 'gus faobhrach lann —
Tóig ortha trom-dhíogaltas ceart agus luadh;
Beidh aca cráidhteach sgeul,
Air dhíl Clann na n-Gaodhal,
'S air threun Chlainn Ui Chonnaill, Ui Dhomhnaill Abú.
Sé 'n fíor-cheart tá Clann Chonaill cosaint cho toilteach,
Na teallaighe 's na h-altóir tá ansa d' ar g-croidhe,
Tá lorg an námhaid 'nn a bhán fhásach fuilteach,
Le lasair a d-teinte tá soilseach meadhon oidhche;
Suas le gach laoch mar sin,
'N g-cian ghleo bhí agaibh roinn —
A Chlann Chonaill dhílis, all-nearthmhar faoi bhruth;
Airigheann an Sacsan feall,
Trom-bhuillidhe Clann na n-Gaodhal —
Buail fá bhur n-glas-thír, Ui Dhomhnaill Abú!
