290
AN GAODHAL.
Vide Vol. VIII. No. 7.
p. 76
TEANGA NA h-ÉIREANN.
So gráin do na daoinibh, gan anam, gan croidhe,
Nach n-grádhuigheann teanga 'gus ceol bhinn a d-tír';
So fuath 'gus mí-mheas, do'n drong so a choidhche —
An drong sin tá líonmhar in Éirinn, — faraoir!
Och! cluinimse daoine, gach lá anns an mí,
Aig glaodhadh go h-árd uim a d-tír-ghrádhacht mhór;
Aig caint air an m-bruid a bh-fuil Éire bh-fad faoi,
'S aig maslughadh a námhad i n-droch Bheurla go leór.
Tá 'n drong so a g-cómhnuidhe, (do réir a g-caint' féin)
'Na saigheadóiribh treuna, 's na d-taoiseachaibh fíor' :
Táid uile toileamhuil le píce no cloidheamh
Do tharraing, go réidh, air son saoirse a d-tír'.
Táid go síoruidhe aig gul, a's aig caoineadh, go geur
An scrios, a's an crádh, tá go trom air ar sliocht;
'Gus aig cáineadh an t-Sacsain, do dhíbir, go léir
Ar muintir, a's d'fhág sinn 'nn ár n-deoraidhthibh
m-bocht.
Budh mhaith leis an dream -so a d-talamh gan cíos, —
Budh mhaith leo a n-dlighthe do dheunadh iad féin, —
Budh mhaith leo na tighearnaidhe bheith díbirte síos
Ann áit, tá níos teo — gidh is fad í ó 'n ghréin.
Acht trácht leis an drong so air theangan a d-tír' —
An teanga do labhair a n-díl sinsear fad ó —
An teanga budh chóir a bheith cáinte go fíor
Le gach Éireannach, buan, a's tír-ghrádhach, go deo.
Trácht leo air sean abhránaibh blasda na m-bárd,
Agus seinn doibh an ceol sin is binne 'san dómhan;
Agus innis doibh sgeulta an am a tá thart —
'Nuair bhí fóghluim na h-Éireann mar sholas an nóin.
Sé an freagra is dóighthe dhuit d'fhághail uatha so :—
"Tá teanga ar n-oileáin 'nois marbh go deo;
Tá 'n Beurla níos tairbhe dhúinn — greamóchamaoid dhó.
Tá againn aon teanga, — ní'l maith anns an dó."
Mo thruaigh! an drong so, — ní iongantach mar tá
Ár d-tír, a's ár muintir, bocht, íosal, a n-diú;
Ní iongantach go bh-fuil sinn faoi bhrón 'gus mí-ádh,
Gan meas a's gan urraim, gan onóir 's gan clú.
Is fíor iad na focla a deir an sean-rádh :—
"Bidheann meas air na daoinibh a mheasas iad féin,"
Beidh muintir na h-Éireann faoi dhroch-mheas go bráth
Má leigfidh sinn teanga ar n-aithreachadh uainn.
Is deas an rud saoirse, — ní'l aon nídh cho díl —
Is maith an rud talamh gan cáin no gan cíos —
Is olc iad na tighearnaidhe, — aon mhaith ionnta, ní'l;
Is budh chóir iad bheith sáidhte 'san bh-fairge síos.
