AN GAODHAL.
291
Acht do b'fheárr liomsa daoirse ar n-oileáin go deo —
A's do b'fheárr liom ár d-talamh do bheith mar a tá —
O! bh'fheárr liom na tighearnaidhe a choidhche bheith beo,
'Ná teanga na h-Éireann a bheith marbh go bráth.
PÁDRUIC.
NUADH EABHROCH, an Dara lá deug Samhna, 1883.
AN SIOTA SA MHATÁIR. — Críochnuighthe.
An Chailleach.
Feuch an mac d'imigh ó a aithir le fearg gan réiteach,
Go d-tíribh dannartha, a bh-fad ó a ghaodhalta;
Do phill sé a bhaile chum athchairt a laethibh;
Thug siad m-beannacht do, & mharbhuighdear laogh dhó,
Agus an mac d' fhan sa m-baile ní mharbhóidís gé dhó.
An Siota.
Ba mhór an fhearg í a's ba dheacair í réiteach,
Ba mhichid do chasa dá g-casach sé air aon chor,
Chum a aithir caomhthoch mar dheunach aon-neach;
Acht táim-si gan aithir gan árus faraor ! mo chrá !
Is suarach é mo bhéile nuair a shuighim chum chláir !
An Chailleach.
A chiarsánuighe mhalluighthe, 'sé do thrublóid-si choidhche
Do ghoile 's do bheatha go deoigh anns an bhíoth-so;
Ba chirte dhuit do phaidreacha rádh gach maidhin 's oidhche,
Chum grás 's cúngna d' iarragh air Íosa;
Mar is Uaigh tagan gach nídh chum na daoine.
An Siota.
Gach maidin 'san t-seachtmhuin nuair a bhraithim-si
dúiseacht,
Ná fadhaim tú caite cois cnaiste nó cuainne;
Aig rádh do phaidreacha air chrap do ghlúine,
Cad tá d'a bharr 'gat? — ithteach 's dúbhalta;
An feoil aig alpa aig lucht anair 's gnúmhadh.
An Chailleach.
Do léigh mé go minich air Dives 'san t-seanreacht,
Agus air Lazarus bocht bhí aig iara cabhartha;
Ní bh-fhadhach an bochtán blúire no blodh uaigh,
Acht fuair sé anns na flaithis sona 'gus sógh ann,
Agus fuair Dives in ithfrion losga go deo ann,
Siota.
Do theagasg an bhíobla air aon chóir ní ghéilfinn,
Tá 'n teagasg sin, a chailligh, gan brigh no éithfeacht,
An té mhúineas an teagasg sin ní leanan sé féin é,
Dála 'n sagart aig seasamh 'san éide,
A dhlíghe 'sa a theagasg seacht nacra ó chéile.
An Chailleach.
A mheurlaigh mhalluighthe, droch-chríoch 's leun ort;
Is ró olc do theanga, a chladhaire saodach!
Aig maslughadh na sagart tá carthanach, naomhtha
A's réidh chúm guidhe air anama na fíoraonta,
See Gaelic
Journal
Vol. VI. p. 91
