292
AN GAODHAL
Agus dúinn-ne; 'san aithfrean d'orduigh an Aon Mhic.
An Siota.
Éist, a chailluigh liath, is leamh í do ráidhte,
Dá bh-fadhainn-si marbh tú air mhaidin a máireach,
'S go m-beurfuinn go d-ti 'n sagart thú ceangailte
mála,
Ní dheurach sé aithfrean duit gan airgiod láirtheach,
Agus air thaobh an charthanacht ba searbh leis trácht air
An Chailleach.
Is tú an siota tubuisteach, madarmhuil, millteach!
A g-cómhnuidhe aig maslughadh na sagairt 's chléire,
Do cheap an Aon Mhic beannuighthe go fíor 'sa t-sao¬
ghal-so,
Chum pósa & bhaiste do chómhailligh, 'peacachaibh do shaora
A's do cheap Sé slighe bheatha d'a réir doibh.
An Siota.
Cad é'n t-slighe bheatha thug Peadhar dos na pápaidh?
Fearrannta, sléibhte 's réim na dúiche,
Iolmhaoin, ana agus clothra cluadach,
A mhasluigh go leor air phréimh shliocht Liuitir,
Is feasach do 'n t-saoghal gur iad féin ba cionntach.
An Chailleach.
A mhic na mallucht, a scuire tú air aon-chor?
Do ráite sgannalach, uathbhásach, éuchtach;
Cia chonnarc easbog nó naomh 'r phréimh shliocht Liuitir?
Pobal na dígheachta; an drong sin feall;
Chídhfidh na h-ionnraic in ithfrion daor iad;
Mar tá damnughadh na mílte 'san m-bíobla Gall.
An Siota.
A chaillighín choilligneach, chrosta, nimhneach,
Táir aig punáil 'sa cosacht a g-cathamh na h-oidhche,
Sguirmid ar n-acran 's is bearrr dúinn réiteach!
Tár-éis a deir sagairte, cailleacha 's cléire;
Grádh agus carthanachd geal anns go h-aen-nea',
'S é dubhairt iosa Chríost uair féinig,
Bídheach an peacach cho dubh 's is féidir,
Iomíuigheach sé orm-sa 's geala mé féin é,
Dhá naoi, trí chúig ó thúis na cheudta,
Tá de bhliadhanta ó thriall Mhac Dé orrainn;
Trócaire ó Dhia chugainn ;— 's iarmuid air aon air?
A ghrása feasda chum mathas do dheunamh,
Agus go g-cuire sé air ar leas sinn gach ló 's oidhche,
Agus gach cineadh-daona eile tá a guidhe air.
CRÍOCH.
Sin í siosma 'n chaillighe agus an dailtín tréigthe,
Agus í sgríobhtha síos 's an fhírinne 's bhréige;
Cuarduigh go h-árd ó bhár go cúl í
Agus fiafruigh de chách cia ca b'fheárr de'n g-cúpla.
ÉAMON Ui CHAOIMH.
