298
AN GAODHAL.
CIA SHÉ TOMÁS?
Bímse abhus is thall in aoinfhecht,
Bím sileach suadrach, gluaisach, sgaoiltach
Is luaithe me na fuadach gaoithe,
Le d-tógfar ó'n loch an faoilean.
Is luaithe mo chos na poch ar maoilean,
Is luaithe me na ruathar taoide,
Is luaithe mé na long air mhín mhuir,
Da bh-feabhas a seólta sa cóir gaoithe.
Is luaithe mé na éin ó chraobhaibh,
Is luaithe mé na éisg a líontaibh,
Is luaithe mé na spéir na finne,
Is na 'n rae san aer san oidhche.
Is luaithe mé na fiolar is na faolchon,
Is luaithe me na eachra diola,
Is na'n miolmhuighe ag tabhart asgríobe ;
Anamh na g-con do bheith dh'a sgaoile.
Teidhim suas air ghualuin ríghthe,
Bím 'na g-cómhair air bord an fhíona,
Bím 'na n-aice san leaba san oidhche,
Bím ag aisdar 'sag thaidioll na slighe leo
Is teachtaire maith mé is tá mé dílis,
Beirim sgéala ó thaobh na g-críoch liom;
Ní'l spéis i bh-fear no mnaoi agam,
An óg no 'n ársa, in árd no 'n ísiol.
Do bheirim an bhonnach ó ól na g-cíoch liom,
'San fear cródha ó na mhnaoi liom;
Do bheirim ó'n m-banaltra an naoidhean
liom,
Is bheirim an te do phós i réir liom.
Do bheirim an tathair ó leanabh 'n mhí liom'
Do bheirim a mac ó'n mbaintreach chríona
Beirim an crichtheach treithlag tinn liom,
Is beirim an laoch is tréine gníomh liom.
Beirim an marcach liom dá chaoin each,
Beirim 'n teachtaire thaisdolus sligh' liom
Beirim an toiceach ó na mhaoin liom,
Is beirim an bocht liom bhíos dioliam.
Beirim liom maighdean bhraidgheal mhionla
'San bhean aosda chráidhteach, chríona,
An t-ógánach ornaideach, aoigair,
Ó fhiaghach, ó stro, ó cheol is ó raince.
TOMÁS.
Féach
Sean Fhocla Uladh
No. 476.
New York, Dec. 12, 1883.
M. J. Logan.
I send the following old song think¬
ing you might insert it in An Gaodhal.
The composer of it was Conor O'Rior¬
don, a native of West Muscraidhe, Co.
Cork, who flourished, A. D., 1766. He
was a schoolmaster. DAVID DODD.
AISLING CHONCHUBHAIR UI RIORDAIN.
Fonn — An Spealadóir.
Tráth 's tréimhse thaisdiolas
Am thímchiollaibh saoghail,
O Rath Loirc * tré gach acharan,
Go Laoi-shruith a an éisg,
Go d-tárla a n-gaorthadh gleanna glais
Na bh-feadhbha réidh ná'r crapaighe,
Ba breághthe sgéimh dá b-faca-sa
De choilltibh na g-craobh.
Gáir ar ghéagaibh cantannadh,
Ba bhinn mhiochir séis,
Breághacht sgéimh 's dathannadh
Air gach mion-alt de' n fheur;
Lucht páise peinne 's peannaide,
Gearrtha créacht 's galaraig,
A g-cás go d-tígheadh ar dear'mad
Le h-aoibhneas na n-eun.
Do thárlaidh taom dá dheasgadh dham,
Le 'r shíneas go fáon,
Is gearr gur éirigh aisling dham
Le 'r bhíogus tar éis;
Thainic reultan mhalla-roisg,
Ba chábhlach, craobhach, casda-foilt,
'S páisde caoch na h-aice 'ci
Do mheallfeach an saoghal.
Is grádhmhar séimh do bheannaidh dham
On cruinn-ghiolla caoch,
'S a lámh gur léig ar armaibh,
An rín-choilg ghéur;
Do ráidh an bheith go carthanach,
Chur deárnadh fae na cheal'gabh,
Gráin mo chléibh a dhartaire,
Ar do shaighedaibh na déin.
A ghrádh a laoigh, 's a charid chumann,
Díograis mo chléibh'
Na fág mé an éagma's t-ainime,
Le h-ínnsint tar h-éis,
Air Petrie's A.I.M. No. 1206
Poets + Poetry of Munster
page 146.
