AN GAODHAL.
299
Dáilid Éire 's Banba,
C'ár loirc Eibhear gairmid,
Ce Táimse d'éis na bh-fearra-chon,
Gan chuimheadh gan chéill.
Is geárr gur éirigh seanchas,
D' r g-cointinn a raon,
Ag casamh treud na ranna suilt,
Dá n-díog' ar an saoghal;
Gan trácht air sgeul no eachtra,
Acht clára faobhair 's spealandh,
Bánta réidh 'gus acharainn,
'S innseacha féir.
Ta 'gam sgeul le h-aithris,
'S ínnsim duit é,
Gur geárr go réighfeadh an t-Athair-mhac,
De gheimhleachibh Gaodhail;
Ta gárda laoch fá armaibh,
Go dána ag téacht tar fairge,
Ní gádh dhíbh téarmadh ar thalamhaibh,
'S ná coingmhídh bhur léis.
Beidh lá tar éis go h-aithreach,
Ag daoinibh na g-laon,
Ársacht, léitheacht craipidhtheacht,
'S crínneacht a téacht;
An bás mar chéile leaptha 'ca,
'S as grána gné an pheacadh orra,
A láthair Dé gach ain 'beart,
D' a n-gníomharthaibh le léaghadh.
Táim cráidhte ag beurla Shagsannach,
San tír air gach taobh,
'S táid na Gaodhail chómh gangaideach
'Sa n-inntinn is claon;
Lán de thréighthibh mallaighthe,
Gan tabhacht i n-déirc no g-carthanacht,
'S grása Dé go n-dearmaid
Le díograis do 'n t-saoghal
* Charleville, Co. Cork.
a River Lee.
12 Chamber St., N Y, Dec. 13, '83.
A Charaid Ui Lógáin — Seachtmhuin ó
shoin, do fuaras $1 dhúit ó fhear éigin
a m-baile 'bh-fhad siar, air shon an Gaodh¬
ail, agus ní cuimhin liom anois ce shé an
fear, acht tá an Gaodhal a dul chuige
Chuirim chúgat an $1 anois, agus leis
cuirim $1 eile air son mo Ghaodhal féin.
Do Chara thrioblóideach,
Diarmuid O'Donnobáin Rossa
(Maiseadh, a chara, Rossa, air shon a bh-
fuil áluin — gan mionna níos mó a thabh¬
airt — ce bh-fuighmid cómhnuighe an fhir
"a m-baile b-fad siar," ó thárla go d-
teidheann an Gaodhal go ceudtha bailtibh
i bh-fad shiar? B' fhéidir gur bh'é Pad¬
ruic Ray, as Cathair na Pairce, Utah,
a chuir uaidh é ? Cum dán beag i nGaedh¬
ilge, ma tá am agad, agus cuir 'san U¬
nited Irishman é, tabhairt fuagra do'n
te a chuir uaidh é carda a chur chugainn.
B' an ait an dán "Éire Treasna 'n t-
Saile," noch do bhí 'san Éireannach Aon¬
daighthe suim d'aimsire ó shoin, agus dubh¬
rais gur tú fhéin a chum é. — F. An G. )
CATHAIR REW an t-Ocht-mhadh Lá
air fhichid de mhí na Samhna, '83.
M. J. O'Lócháin:
A Shaoi Ionmhuin, —
Cuirim chugad ins an leitir seo
aon dolléir air a shon cuir chugam, má's
toil leat, aon chóib do Leabhar Urnuighe
Gaodhailge-Sacs-Bhéarla Athair Ui Nual¬
lain, agus "An Gaodhal" air feadh aon
bliaghana.
Go h-ómósach,
M. A. WEAVER.
BERÉA, STÁID ÓHIO,
An deich-mhadh-lá fhichead de dheich-mhí, in
Aois ar d-Tighearna, '83.
M. J. O'Lócháin.
A Charaid Dhílis — Cuirim chugat trí
fhithchiod pighin air shon go g-cuirfidh tú 'n
Gaodhal chúgam go ceann bhliadhain eile.
Níor bh-fhuair mé an Gaodhal a raibh
an "Siota sa Mháthair" tosuighthe ann, &
má ta aon cheann de 'n airiobh sin spár¬
áilte agad tá súil agam go g-cuirfidh tú
chúgham é
Do charaid, go fíor uamhal, sean-fhear
críonna, liath, in aois chúig bliadhain &
trí fithchiod,
TOMÁS Ó'DONOBHÁIN.
Let every Irishman and woman get the Gaelic
Journal and the Gael. Let them show the world
that they have had a language and that they mean
to preserve it.
