300
AN GAODHAL.
See Irish American May 3, 1902. +
Gaelic Journal, June, 1899.
NUADH GHORC,
An Séamhadh la deug de'n deich mhí.
Chum Clódaire 'n Ghaodhal.
A Shaoi, — Feuch a bh-fuil an sgríbhin
so cosamhuil le sgríbhin "Ghabhán Saor."
Agus clóbhuail í; b' fhéidir go n-aithneoch
sé an dán so do thug sé dhamh-sa. — mar
a bh-fuil me múgha.
"An Gheilt i ghleann na nGealt."
Do bhíosa lá aig bhárr na g-cuan,
Do dhearcas an stáidbean mhánla uaim,
Ciuin-tais cráibhtheach, lán de ghruaim!
A caoine a grádh, 's budh bhreagh a duain:
Am bhoch! ochón! mo stóir gan fóireacht!
Cúis mo bhrón 's méidiugh'dh m' osna!
D-fhuig am shighe-gaoith gnocuibh,
Bliadhain ó ló go céile.
Do chathasa féin fad lae dá buaint;
Aig amharc 'saig éisteacht le na duain;
Do dhrideasa féin go séimh lé suas,
Do labhras lé 's do léim sí uaim. —
Am bhoch! ocón! is sí budh snuighthe!
A cumadh, a taobh, a déid, 's a dluighthe!
A labhar-chrob-réidh fa mheuraib snuighthe;
A's budh chosamhuil a gnaoi le béineas.
Mar fuaireasa féin gur léim sí uaim;
'S nach feadar an t-saoghal de'n taobh
'nar gluais;
Thainic crith orm féin & leun! mo-nuair!
Nuair do chonnairc gur léim an spéir-
bhean uaim.
Am boch! ochón! chuadhas le fuinneamh;
Siar 's a niar tré chnocuibh;
Go d-tigh chualas fuaim na finne.
A gcuath na craoibhe géire. —
Mar chonnairc an t-seangbhean gur rabh¬
as a buaint,
A's nár b' aireach liom an am í fhádhail.
Do léim sí go lom a nall thar trádh;
A's do labhair sí liom go ciuin tais tláth:
Am bhoch! ochón! is baoth í m' osna!
A dhuine gan chéill cá-do h-éileamh orm!
Tá mo dhianghrádh fa chré 's fa chlochuibh!
Agus a ghrádh ní thabharfuinn d'aenneach.
Is dealbh an gnó dod' shamhuil si chuaith;
Beith cúthach a ndiaigh an contlamh fuar;
Tá 'san theampoll seang 'san uaigh;
Leac air a cheann 'sa ghranndoll fuar —
Am bhoch! ochón! gaibh liom-sa feasda?
Tóg mar rogha me 's gabhaim-se leat-sa,
'Nonn 'sa nall mar bhfhagham ár mbeatha,
Cnó air bhárr coll agus caora —
Is geilt bhocht me 's ní'l spéis am ghrádh;
A's air mo chosa tá méisgiridhe cruaigh;
Go g-caithfeadh me seacht saoghala g-
cuan,
Ní bheidh agum féin aon phioc de shuan! —
Ám bhoch! ochón! mo laoth faoi leacaib,
A ghualuigh faoi 's cré air a leacuin!
A bheusa go léir 'nna gcleth leis marbh!
A's go d-traochdar an teach dá tréine.
EAMON Ua CAOIMH.
An dara lá fichead de mhí an Gheibhreadh
'83.
Baile na Saigheadóir, Condae
Montgomerigh, OHIO.
A Shaoi Ionmhuin — Mar támuid i n-deir¬
eadh an bhliadhna chuaidh thart as air d-tús
no g-ceann na bliadhna seo chugainn, air
an ádhbhar sin, tá mé aig dul mo fhiacha
d' ioc air shon An Ghaodhail air feadh an
bhliadhain seo chugainn; air an ádhbhar sin
do chuir mé air aghaidh chugat chúig-phighin-
deug agús trí fichid, aisioc air son An
Ghaodhail air feadh an bhliadhain so chug¬
ainn.
Ní mór liom an luach sin, gidh go bh-fuil
mé bocht, óir ní'l mé cíosadóir. Do bhí
mé ag deunadh mo dhíthchioll aisioc do
thógbháil suas ó mhuintir na h-Éireann
san m-baile seo, acht ní'l neart agam d'
fhághail fós. Tá brón orm do rádh, ní'l
siad tír-ghrádhach air bidh.
Do bí mé fanacht go foighideach go bh-
feicfínn da d-tiocfadh liom airgiod do
thógbháil suas do mhuintir na h-Éireann
san m-baile seo, acht níor thainic liom é
fhághail air aonchor.
Má thóigfidh tú mo chómhairle ní chuir¬
fidh tú an Gaodhal ó seo amach go aon
fhear nach g-cuirfidh airgiod agat.
Go mbud buan-saoghalach a bheidheas tú
féin agus an Gaodhal.
M. J. Ua Culláin.
