310
AN GAODHAL.
Gaodhailge 'nois, nidh nar thariuigh
ariamh roimhe seo, ceann sa g-cathair
seo agus ceann eile sa m-baile — colion¬
adh gealltanais Mhaoise do shliocht na
n-Gaodhal — agus ta se dlisteanach de
gach uile Eireannach na paipeir so do
sgaradh cho farsaing a's feidir e, do
bhrigh nach bh-fuil rud air bith 'nan
nidh a sgaradh agus fhoilsiugh'dh cho
maith leis na paipeir, agus in am gh¬
earr, le congnamh De, beidh Eire mar
budh choir di a bheith, saor o riaghal
na Sasanach
MR. WARD'S LETTER,
Phila, An dara Lá do mhí na
Nodlac, 1883.
Do Chlodhaire An Ghaodhail:
A Chara; Cuirim chugat faoi 'n sgath
seo dollar air shon an Ghaodhail air feadh
bliadhain eile. Ní mheasaim gur chóir dham
buntáiste ghlacadh air d'fhéile; air an
ádhbhar sin dúltaidhim an Gaodhal do ghla-
cadh air níos lúgha 'na dollar sa m-blia¬
dhain. Mas fiú an luach sin dod' léigh¬
theiribh uire e, ní féidir do bheith daor
dhamhsa air an luach ceudna — do réir mo
baramhla-sa ro shaor a tá sé. Ní
mheasaim go bh-fuil tú deunadh airgid air
an nGaodhal, & nuair chídhim tusa tabh-
airt d' ama &, is dóigh, do chuíd airgid —
gan tráchta air obair & buadhairt intin¬
ne — san deágh chúis seo, ní shamhluigheann
sé ceart dam bheith "sgoiltiughadh gruaig¬
e" leat i d-timchioll dhá fhichid pighinn san
m-bliadhain cho fhad a's tá fhios agam go
rachfaidh sé air sochar do 'n g-cúis ghean¬
amhuil budh chóir a bheith dílis do gach Éi¬
reannach san g-cruinne. Ní cóir amharc
ort mar thuarasdalach, aig feuchaint mó¬
rán d'fhághail asat air bheagán díoltais,
ach mar amhairceas talamhuidhe maith,
fad-cheannach air a fhearan, le fios gur
do réir mar bheidheas sé fhéin fíal no
cruadh-lámhach leis an ngort san Earrach
a bheidheas méid a mhaoiseoga fa Shamh¬
ain — gur do réir mar shághas tú cabhair
'nois a beidheas méid & toradh do chuid
oibre dod' léightheoiribh & do chúis aith¬
bheodhugh'dh na Gaedhilge.
Fasann páididhe no nidh air bith d-tús
a óige do réir an chúirim a gheabhthar leis.
Tá 'n Gaodhal na pháisdín mhaith. Geall¬
ann sé feabhasadh; sé páisde "príomh-
gheinte na cúise seo é, & bhudh chóir, tríd
náire féin, go d-tabhróchamuid uile lámh
dhó go fial le na thóigailt Chidhmid a b-
páipeur fhéin in a d-teangaibh dhúthchais
féin aig fearaibh gach náisiún eile sa tír
seo; aig Gearmanaibh, Francaibh, Brat¬
anaibh, Iudaibh & gid gur suarach ar meas
air an bh-fear aghaidh-geallaighe a thaireas
ó'n aird-shoir; & gidh gur tearc sa tír é
tá phápér féin clódhbhuailte aige i Nuadh
Ghorch. Feudfamuid ar baramhuil bheith
againn 'na thimchioll, agus ar n-díoladh
magaidhe a dheunadh fa n-aghaidh cruinn &
a m-brógadh ádhmuid ,ach foillsighenn an
nidh seo go bh-feudannn "Hop Lee" a bheith
sa n-dealbh so, 's "riobhal muice" chaith'dh
fa na hata & fós bheith níos tírghrághach
na sinne nach ligeann féile naomh no mar¬
taraigh, tíre no creidimh, tharainn gan
cruinniugh'dh & beuluigheas go meadhon oi¬
dhche i d-timchioll ar ngrádh d'ar d-tír, &
ag gealladh gan cloch d'fhágháil gan iomp¬
ogh a rachfadh chum chuis a saoirse chuir
air aghaidh.
Is náireach an nidh e seo le rádh linn —
& bhíodh fios againn nach bh-fuil ceachtar
againn os cionn fóghluim' & cannaint na
Gaedhilge. Budh é an t-athair Seághan Mc
Héil, ta imthighe, an fear b' áirde céim
do connairc Éire ó lá Naoimh Lamhrens
Ui Thuathaill, & is feasach linn a mheas
air — a ghrádh do 'n n-Gaedhilig. Da mb-
fhéidir dúinn é, na'r bh'áil le gach aon a¬
gainn bheith cosamhuil leis — le LEÓGHAN
na SREADA — leis an bh-fear fóghlumtha,
deagh-labharthach, deigh-mheineach, craibhtheach
ach fós, dána, neimh-eaglach, a ghrádhuigh a
Dhia 'gus a thír & na'r chlis ariamh a g-
cosnadh ó gach namhadh a thug iarruidhe a
n-gonadh & le rabh siad timchillidhe le na
linn. Ach gidh nach féidir dhúinn seo, tig
linn, má's sé ar d-toil é, triall tamall
'sa t-slighe. Thig linn na laoighthe milse
ro chan & d'arthuigh sé ó theangaibh eile
láigheamh agus fóghluim agus ar n-deir¬
eadh thoirt do bhugadh airbith a churfear
air bun chum an d-teangan bhí dílis dhó
d' aithbheodhugh'dh-
Ní féidir mór-chúis airbith a chur air
