AN GAODHAL.
311
bun a ndiu gan pápéiribh leis an g-cúis
d' fhoillsiugh'dh agus a bhrostugh'dh in tos¬
aidh, ach ní'l brigh i b-páipéiribh mar léigh¬
fear iad agus is éigin íoc air a son
chum go g-clódhbhuailfidhe iad. Uime sin
tá 'n bealach follas is ceart dhúinn siú¬
bhal. Da n-dearcfadh & da leanfamuis
deágh-shompla an Athair Uilic de Búrc a
dhiúl cíoch na tír-ghrádh' an ochrus Sheágh¬
ain McHéil. Da n-deunfadh gach aon do
réir a neirt, budh geárr uainn aith-bheo¬
dhugh'dh na Gaedhilge. Bheirfidh cabhair
mar budh cheart do'n n-Gaodhal: léimfidh
páipéir Gaedhilge suas ins na bailtibh
móra : bheidheadh fáisgein gnodhthach aig
clodhbhual'dh leabhairthi Gaedhilge: léighfidh¬
e araon iad & stáir na h-Éireann;
smuainfidhe airthi mar bhí sí 'sa t-sean
am, nuair nar chan a clann ach Gaedhilge,
treun, calma, saor — agus mar tá sí le
seacht g-ceud bliadhan — fá bhruid 's dao¬
irse: chidhfidhe gur threoirigh 'n Ghaedhilig
spiorad na saoirse — gur chuinnigh se
drilleog na saoirse beo i sgríobhadh na
bh-fear a bhí air an taobh amuigh de'n sc¬
onsa, nuair do chrom na fir bhí taobh as¬
tigh dhe a g-cinn faoi chuing an t-Sacson¬
aigh; & gur do réir mar chaill sé 'n Ghae¬
dhilig gur amhlaidh a teannadh slabhraidhe
na daorsachta airthi. Thuigfidhe as seo
nach féidir nach bh-fuil ceangal níos dl¬
uighthe na shaoiltear idir teanga & saoir¬
se na hÉireann. Tabhair do'n roinn sin
tuigsint, uair eigin, & beidh an deagh-ob¬
air — saoirse ar d-teangan & ar d-tíre
leath-chríochnuighthe
Le doigh go m-beidh an Nodlaic & an
bhliadhain úr seo chugainn subháilceach sé¬
unmhar duit féin 's do'n nGaodhal, is
mé, Do charaid umhal,
A. P. MacMhaird.
Asgríobhadh 'n leitir seo fuair me dol¬
lar eile gheabheas tú ainti mar faoisgrí¬
obhadh ó Sheághan UaDomhnaill, Haselton.
An old woman, Mrs. Molloy, a native of the
county Mayo, in the neighborhood of Poolbaun,
died in this city last month at the advanced age of
105. She retained her mental faculties until the
last. She knew very little Englinsh.
The Irish World has opened a “crusading fund."
Send the GAEL to your friends in the
Old Country for 50 cents a year.
The following poem, written the day after the
"Night of the Big Wind,“ Jan., 1839, by the late
Mr. M. Burke, of Esker, Co. Galway, will be
perused with interest by many of our readers. Mr
Burke was a classical scholar. It will be contin¬
ued in our next.
I
Beidh oidhche an dá lá dheug
A g-cuimhne grinn go h-eug,
'S iomadh mílte d' eug
A m-bhailte, muir 's tír —
Oidhche gaoithe móir' í,
Oidhche slad 's dó í —
Dheun coillte, cranna stróca,
Agus obair dagan sheir.
II
Oidhche uailleach scréathach.
Fhuaimeach, stoirmeach gaothach;
'S duine dall nach léightheach
Cúmhacht' an Árd-righ shuas —
An domhan a leig a géimneadh,
Án mhuir a gealtra, léimneadh,
Ainbhidh, duil 's eunlaigh
A n-eagla agus a n-uabhás.
III
An talamh air crich le buaire,
Peacaighe sgreada, 'g uaille,
Fad an bheagán uaire
Shiansal Dia a ghnuis —
Thug ordugh' dhó don ghaoithe,
Séideadh láidir leithe,
Clocha 's aill a reuba,
'S tighthe tabhairt anuas.
IV
Ní túisge dubhairt na briathruigh
Na thagann áir ball i n-iarr í,
Cúmharmhar, fuilteach, fiadhthach,
Briseadh nidh na tra —
An mhuir fheargach, thréathach,
Cópáil leis na reulta,
'R éis na mílte ceuda
'N dhuibhiocán do bháth'
V
'S báth'ach air fad an saoghal,
Mar bháith fadó an dílle,
Eunlaigh, beithidhe 's daoine,
Ach Noah fuaireadh fíor.
Muireach gur cheap an t-Árd-righ
Thórthinn ins gach trá dhídh,
Nach d-treasnóch go bráth dhíth,
Ach go gabhthach fanacht siar.
See
Vol. XI.
page 25.
