AN GAODHAL
313
Mr. O'CALLAHAN’S Address.
In sending the following Address, Mr.
O'Callahan observes. — "I notice in the
last Gaodhal a desire to substitute a
more familiar name for the word Edi¬
tor. I hope the students will try hard
and solve the problem. I shall com¬
mence and address you.
"Úghdar an Pháipéir Ghaedhilge,"
and, in conclusion, wishes the Editor,
Teachers and Students the compli¬
ments of the season.
We would earnestly request the Student's at¬
tention to the following Address. It exhibits the
natural, and the idiomatic, construction of the
language, and the sentiments which it seeks to
excite go to the very marrow of our existence.
Ní she lá na gaoithe la na scolb, no ní
shé la 'n ghalar la na h-airighe. Do réir
na m-briathra so, budh cearth dhúinn mach¬
tna go minic air ar g-críoch dhéighionach 's
cionnas a sheasamuid a láthair Dé.
Bídheann na daoine in amuibh s' Ame¬
rica imighthe gan tuairisg, is go luath na
dhiaigh sin, sleamhnuighean as ar g-cuimhne.
Ní'l beatha 'n duine air a talamh seo
ach maidin 's tráthnóna i g-comas leis 'n
saoghal a tá le téacht. An te chaitheann
an lá go maith bídheann sé áthasach air
théacht na h-oidhche, & mar an g-ceudna,
an te chaitheas a shaoghál mar is cóir, ní
eagla dhó bás no breitheamhnas. Ca bh-
fuil Crommhuil 's Herod, no ca b-fuil na
righthe 's na prionsaighe treuna a mhair le
n-ar linn féin? Is ro bhaoghal liom go bh-
fuil siad le fada, 's go m-béidh go deo,
ins an áit úd nach séideann gaoth gria¬
náin. Ta fear airighthe ainmnighthe i leabh¬
ar na Fírine a rabh maoin mhór shaoghal¬
ta aige, 's budh gnathach leis cluas bhodhar
a thabhairt do ghlór na m-bocht, acht d'
éisteoch'dh se go ciuin le cogar cealgach
na h-ain-spiride do bí dha chuir amúgha,
ach thainic uair an euga, 's do reir ceirt
bhreitheamhnais Righ na Glóire tuga daor
breith air, 's do ghlaoighe se go h-árd is
go dian air an te úd a bhí faoi thair is
fa tharchuisne 'n t-saoghail so bárr a
mhéire 'thumadh inns a n-uisge chum fuarúgh'
thabhairt dhó, ach se 'n freagra fuar se,
go rabh eudaighe míne 's tora na tíre
air a thoil féin air fad a shaoighil, ach a
nois, 's fad' é a théarma, go tartmhar
treileogach 'r feadhna síoruigheachta. Ní
bhídheann sonas no síothchán air na mall¬
uighteoiribh in so, no ní bheidh go bráth in
siúd. O! mo Dia fliuch mo chroidhe le
searc bhraon ó shruth na n-grása, 's tabh¬
air dam ceol naomhtha chum do riar a
dheunadh, anos & go bráth. A mhic mo
chroidhe, na meall thú fhéin le saoghal fa¬
da, ach smuain 'r maidin go mb'fhéidir
duit a bheith marbh faoi 'n oidhche; & air
théacht na h-oidhche, na geall duit féin éi¬
righe 'n lae. D'a bhrigh sin, na scap d'aim¬
sir go fuar, failligheach, ach deun do dhith¬
chioll a bheith air thaobh na gréine lá an
bhreitheamhnais mhóir. Árduigh do chroidhe
suas air Neamh, & guidh na mílte buidh¬
eachuis le Dia a thug beatha na naomh
mar shompladh dhúinn. Bhídar-san in eas¬
bha neithe maithe 'n t-saoghail seo, ach bhídh¬
dar lán shaidhbhris i g-caradas dílis Dé.
Tabhair faoi n-dearbh, nuair a bhídheas
an t anam ag triall suas go m-bidheann
an cholan d'a chathadh síos. Bí calmac
air an uair sin, 's na leig do 'n t-sean
phéist ghrána buaidh bhreit ort. Troid go
fearamhuil, 's gabh dod' chosa air a námh¬
uid a bhídheas a g-coga leat. Bí deimh¬
neach an te smachtuigheas an cholan ann.
seo le grádh do Chrísda, go d-thiúrfar
dualgas sár-líonmhar dhó, na dhiaigh seo,
a ríoghachta na b-Flaithis. A dhearbhra¬
thair, na cuir do leas air cáirde, oir tá
lá an chuireadh i bagairt orrainn go léir,
na sguir ó 'n obair mhaith trí leisge, 's
no abair go bh-fuil tú tuirseach dod'
shaoghal, ach bí i saothar do ló 's d'oidhche,
i tuilleadh saidhbhreas buan na b-Flathas.
Gidh go m-beidhtheá d'árd-righ na cruinne
seo, 's ór 's airgiod an t-saoighil in do
sheilbh dílis féin, cad é an tairbh dhuit é
ma bhidheann tú in eugmuis grádh Dé &
na g-cómhursan? In gach nidh, 's tair gach
nidh, bhí lán chúramach i leas t-anama.
Fan go fóill beag, 's coisg ó ghearrán,
's mar bh'é ar g-cionnta féin é, éireoch¬
aidh lá ghlórmhar orrainn fós ; lá buan;
lá gan baoghal; lá luathgháireach, i g-cuid¬
eachda Naomh Uaisle Dé!
Send one dollar for the Gael for a year : you
g e Father Nolan's Irish English prayer book into
the bargain.
