﻿322
AN GAODHAL.
OIDHCHE NA GAETHE MÓIRE
(Concluded.)
XV
Iontóchadh in sin 'na mhóracht
Le fearg mhillteach, leonmhar,
Air shluagh na mallacht dhiabhalmhar
Air thaobh na laimhe clé;
Agus eamfadh 'mach mar thoirneach,
Imthighe as mo radharc dhíbh
Go h-ifrionn, a dhiabhalaibh,
'S mo mhallacht dhíbh go h-eug.
XVI
Siúd é an sgaradh déighionach,
Nach m-béidh casa 'r ais go h-eug air,
Eidir bean agus céile,
Agus leanbh chiuin na g-cíoch.
Pairtfidh gaoil 's gaoltaibh,
Agus comhursanaibh mar léightear,
Nach b-feicfidh arís a chéile
Le linn na síoruigheacht.
XVII
Cuimhnidhe-si, a dhaoine,
Go d-thiucfaidh lá na g-críocha,
'S go m-béidh deire leis an saoghal,
'S gan fhios cad é 'n spás.
Réir mar deir na sgríobhthaibh,
Go d-tiucfaidh nuair nach saoilfar,
Mar an gaduigh 'r shiubhal na hoidhche,
No 'n gruagach sladaidhe 'n bás.
XVIII
Glacaidhe-se comhairle,
Anois a neart 'sa n-óige,
An cuntas a bheith a g-cóir,
'S san airthidhe dheunadh 'n-am. —
No tiocfaid 'n lá bheidheas brónach,
'Snach mbheidh áirde air ar nglór-sa
Da leaghóch' sibh le deoraibh
Na súile astigh 'nar g-ceann.
XIX
Tá sé againn sgríobhtha,
Ó bheul an Spiorad Naomhtha,
Bárr os cionn na mílte,
Síos a d-teampull Dé,
Go mbeidh trioblóid mhór i d-tíribh,
Cogaidhe treun' aig righthibh,
Diacháin air na daoinibh,
Gorta, pláig a's eug.
XX
Ní'l ionnta air fad ach siúcradh,
Fharas gaethibh mhór as toirneach,
An talamh air crich le eagla,
'S an cine air fad d'a g-rádh'. —
Sin é críoch gach cúrsa —
Sin é críoch gach sgiúrsa —
Sin é críoch an t-saoghail-seo,
'S gan fhios againn ce 'n lá,
XXI
Bidhidh air bhur ngárda
Níos grinne feasda, a chairdibh,
Mar campaidh air na h-árdaibh
'N aimsir chaithib a triall —
Bhidheas réidh air an tairne,
Le troid n-aghaidh a namhaid,
'G-cuid airm in a lámhaibh,
'S gan duine fanacht siar.
XXII
Sgreaduidhe-se air Mháire,
Impidhe air Righ na ngrasaibh,
Sibh a thabhairt sabailte
Ó gheur-bhruid na sluagh,
Diabhala leónmhar', craosach,
A claoigheamh leis an mnaoi sin,
'S le na leanbh, Iosa,
Rug air ifrionn buaidh.
XXIII
Ma thóigeann sisi pairt libh,
Is treasa libh an lá sin,
Buailfidh sibh bhur námhaid,
'S dógha, saoilim féin.
Ní thiocfaidh is níor thainic
Caraid Ó! níos fearr díbh
Na banrighion na ngrasda,
Ainglibh agus naoimh.
XXIV
Trath deunadh an dáin seo,
Seo é shíos a rann díbh
Cho maith agus a b'fhéidir,
Le ciall, a chur a bh-fuaim. —
For tiocfaidh fós an aimsir
Nach mbeidh shios ce dubhairt an
chaint seo,
No ce 'n tír no teampoll
A g-codlóchad go suan. —
XXV
Míle 's ocht de cheudaibh,
Naoi os cionn trí go dheugaibh,
Suim a's data an téarma,
Go sémhadh la de 'n mhí,
Ó rugadh Críosd ó Mháire,
I mBetelem ins a stabla,
Gur éiridh an ghaoith in áirde,
Leath-uair air éis an naoi.
