AN GAODHAL.
325
AN RACHFUIGH M'ANAM TRÉ ÉIRE.
I
A Shagairt a rúin! ta fhios agam féinig,
Go bh-fuil m'anam aig sgartha ó m' cholon bocht;
'S gur goirid go m-beidh mo chnámha 'san g-cré síos,
Sínte in uaigh coimhitheach domhain agus docht.----
Acht, a shagairt a rúin! an bh-feicfidh me air aon chor,
Na cnoic 's na gleannta de mo thír dhúchthais chaoin?
Nuair fagfuigh m'anam an saoghal so dubh brónach,
An rachfuigh sí tre Éire a dul chum na naoimh?
II
A shagairt a rúin! shuas ins na bh-flaithis,
Tá aingil 's naoimh aig braith orm féin;
Agus tá fhios aig Dia an dúil 'tá 'gam-sa,
Dul go d-tigh an ríoghachd sin imeasg na hanama glé.
Ach guighim ort. a shagairt, sul sgarfad ó'n saoghal-so,
An amhrus a réidteadh atá fós air mo chroidhe;
A ndiaidh Dé, b'é mo dhóchus go mbeidheadh fhios agumsa
A radhach m'anam tre Éire aig dul chum a sith.---
III
A shagairt a rúin! do chuingigh me g-cómhnuidhe,
An t-seamróg bheannuigthe le cur air mo chré :
Agus is minic, is minic do chuir sí am chuimhne,
An chomar breágh aoibhinn sin chó fhad a g-céin.--
'Nis dam, guidhim ort, an bh-feicfidh mé go deo 'rís,
An áit sin, breagha, gur bh-fhás sí 'san g-cria?
Nuair a bheigh mo cholan fuar air thalamh na choimhidheach,
An rachfuigh m'anam tre Éire ag dul chum ar nDia?
IV
A leinbh! shaoileas, le d' faguint an saoghal so
Gur budh mhaith leat dul chum na Naoimh;
Agus is é sin an áit atá ainmnghthe 'san ticeud so,
Acht sigle chum Éire cuirfidh mé le n-a thaoibh.----
Beidh do anam cho saor le na gaoithe os-cion gleannta,
Cuirfidh mé go Corcuigh tú air bhruach na Laoi,
Agus dhá aingil bheag a g-cómhnuidhe ad theannta,
Chum do threorughadh go réidh chum do síth.
V
A shagart a rúin, ar féidir leat níos feárr a dheun'dh?
Aithnighim go maith gur baoghal dam mo rádh,
Ácht má thabharfa tú air aon chor mo thoil féin dam,
Ní radhaigh mé chum leithid sin d'áit,
Acht go Contae Daire in ar rugagh 's d'óile mé,
Ameasg daoine macánta,--- a athair na ngrást,
Níor thaithnigh na Corcuigheacha liom 'san t-saoghal-so,
'Sní ait liom iad a tadhailidh nuair 'ta mé 'réis bháis.
VI
Léig me chum na cnocuibh go m-beidh sult aig m'anam,
