350
AN GAODHAL.
Mr. WARD'S LETTER.
PHILA. Pa-
An 20 mhadh do 'n 4mhadh, 1884.
M. J. Logan.
A Chara. — Air son an dollar-go-leith
a gheobhfas tú faoi 'n scath seo, cuir "An
Gaodhal," air feadh bliadhna, 'sair e Seagh¬
an Brúin, aig corneul na sraid Crease
agus MhicThomais, 'sa g-cathair seo, &
annsair f Phadruic MacMhaird, Cadue,
Ceanncasloch, Tírchonaill, Éire.
Budh mhait liom da bh-feudfainn tuille
chuir chugat, ní'l neart air. Ní'l aon
bhaile sa tír is mó bh-fuil Éireannaghe ann
a d-tig leo Gaedhilge labhairt, na ta sa
g-cathair seo, ach faraor! is beag a n-
aird air chúis na Gaedhilge — cuid acu
droich-mheasuil ortha; pairt eile, fuar,
failligheach ainti, agus a m-bunnas go g¬
nidhtheach sin a seilig na pighinne 's go n-
deir siad nach bh-fuil uain acu do gach eil¬
e.
Acht mar bh-fuil uain acu do chúis na
na Gaedhilge, fághann siad am go leor le
caitheadh i d-tigh an óil, le dul 'siar thrid
coileach no madadh, no go chomhrach "Slug¬
gers," no nidhthibh eile de 'n t-sórt seo,
a tharraingeas droich-mheas orthu féin,
agus, faraor! air Éire bhocht, ar bh'ainm
dí bh-fad ó, "Oileán na naomh 's na n-ol¬
lamh."
Ach creidim go bh-fuil cathracha go leor
cho h-olc le Phila. i d-timchioll na cúise
seo: mar sin de ní'l ach baois dam bheith
cuir d'ama mugha 'na thimchioll.
Chím, le brón, go bh-fuil an t-easbog
MacEbhilli ag chur i n-aghaidh teagasg na
Gaedhilge i g-colaiste Thúma. Faraor
geur! ta treoraidhe agus cosantóir na
Gaedhilge, Seághan MacHéil, faoi'n gchré,
no ní chasfaidhe an chúis seo mar tá.
Le Seághan MacHéil d'éirigh ainm Thúma
chum áirdmheasa agus urrama thríd an
g-cruinne, agus le na bhás, is cosamhuil,
go múchfar arís é.
An Ghaedhilig loiteadh 'sa g-cliabhán a
chóirigh PLÚR NA g-CLÉIR go cúramach.
chum go n-deunfaidhe a h-oileamhuin f ann
thríd a dara naoidhneacht! 'S iomadh ath¬
rugh'dh sa t-saoghal, agus seo ceann acu.
Tá fir leigheannta i foghluim Laidine,
Gréigise, Fraincise agus gach teangain'
eile do óglachaibh Éireann, agus an Ghae¬
dhilge fa tharcuisne i g-coláiste Chaitlig¬
each Thúma. An Ghaedhilig, a d-fhigh í féin,
go teith, dlisteanach, do'n chreideamh thrí
bhruid agus ain-tighearnacht na seacht g-
ceud bliadhan a tá tharainn — an Ghaedh¬
ilig, a d' ionsuigh baoghal agus bás, j go
fonnmhar air son na g-cléir, nuair a bhí
siad "ruaghtha mar na cluain," gan díd¬
eann, gan árus agus luach air a g-cinnib —
an sean chara seo, a deirim, fa tharcuis¬
ne i g-coláiste Chaitiligeach i g-Connacht¬
a, agus le ordadh easboige!
"Is cleasach an rud an saoghal; agus
is mío-nádúra, neamh-bhuidheach an beagh¬
each an duine."
Budh í an Ghaedhilig ann ar labair Pad¬
ruich, nuair do mhúin sé fios an chreididh¬
e d'ar n-aithreachaibh agus bhuaidh sé, lei¬
the, do 'n chreideamh, an t-aon chath amháin
neamh-fhuilteach i stair na cruinne, budh
ainti glaoidh Naomh Lamhrens Ua Tuath¬
aill air fhearaibh Éíreann chum catha, air
shon a nde 'gus a d-tíre; agus, in ar lá
féin, chan agus labhair aniti go milis éi¬
feachtach PRIONNSA EAGLASACH NA
h-ÉIREANN, Seághan MacHéil.
Do Easbog MacEibhilli ni'l ainti acht
neamh-nidh — acht tairim chum chriche. Ní
féidir do Éireannach a grádhuigheas ar
dteanga mhilis, arsa, móran do sgríobh
i d-timchioll na chúise seo gan a dhul thar
an cheasidhe. l
Do Charaid Umhal,
A. P. McMhaird.
e 'Sair — an-sair. I use this word for
the first time, in writing, that I may
have your opinion as to the correctness
of an idiom in general use in Tyrconnell
to the total exclusion of chum. ansair is
(in my opinion), strictly speaking, a
prepositional pronoun, compounded of
an or ans, in, and air, on him — lit. "in
on him," to him. The feminine form
is ansoirthi, with the usual emphatic
terminations in both genders. Ansair
is, however, frequently used as a sim¬
ple preposition, as in the above ins¬
tance. Unlike compound prepositions
