352
AN GAODHAL.
AIR BHÁS LEOMHAIN na h-ÁIRDE i n-IAR
SEAGHAIN MICH hÉIL, ÁIRDEASBOIG THÚMA.
Seamhain, 1881.
Leis an g-Craoibhín Aoibhinn.
Tá brón fuar a's ceo dubh go ro-thuigh 'sna speurthaibh
Tá donas air sholus a's sonas gheal Phoebus :
Fuiseoga 's spideoga gan ceol in a m-beulaibh;
An bhó ins an m-buaile gan liúgh a's gan géimnigh.
Ní luascann gal gaoithe bárr craoibhe no crainn,
Is iongantach ciuineas na b-plúr a's na d-tom
Na neulta 's na speurthaibh go bagarach donn
'S tá tachtadh 'san aer tiugh atá sé cho trom.
Is marbh an torrann aig srothán an t-sléibhe,
A n-dé bhí aig ritheadh go h-aoibhinn 's go h-aerach,
Ní 'l bricín san uisce aig rinnce 's aig léimnigh
Ní 'l filbín aig sgríoch na feadóg no eun ann.
Tá 'n neanntóg ruadh air chúl an bhalla,
An fóthanán cruaidh 's an chupóg ghrána,
An fligh 's gach luibh tá go tiugh ag fás ann
Go socair, socair 's cosamhlacht báis ann.
Och, is forus d' aithne go bh-fuil an bás ann
Is forus d' aithne air lonndubh Nádúir,
Air throime na spéire bhí go h-áidhbheul
Go rabh ádhbhar geur-ghoil air feadh an náisiuin.
Is bás níos measa 'na míle bás é,
Bás an athar budh chiuin 's budh ghrádhach,
Athair árd na g-cléir 's na m-bráthar
Och, is sé do bhás-sa do mhill an náisiún.
Áirdeasboig dhílis, grádh na g-cléire
Grádh na n-daoineadh, 's croidhe na féile,
Mórdháil Chonnacht, mórdháil Eireann
Mo mhíle truagh, a Sheághain Mhic Héil thú.
Ní fheudaim an sgeul sin do sheasadh gan caoineadh
'Sé an sgeul é, le éisteacht, is measa lem' chroidhe-se,
D' fhág Éire go ceusta, í féin a's a daoine
D' fhág Connacht go dona gan solus 'na cróidhe 'stigh.
Is tusa bhí críonna, ciallmhar, gach am.
Ag seoladh na n-daoineadh 'san t-slíghe nach rabh cam,
Is tusa do sgríobhfadh 'mar naomh le peann
Mar fuair tú ó Dhia do chiall 's do cheann
