AN GAODHAL
359
A Mhich'íl Uí Lógáin, cuirim, le mórán
saínte,
'Ad pháipéar greannta, ceannta beag
cáinte. —
Sé sin
Seanchus na bh-fear cois na teine,
'Sa m-baile réir, 'sa tigh aguinne.
An Seanachus :
Go bh-feicemíd le greann, a ngár an t-
am,
Agus san ann ár d-tír féin;
Anuair ag saogh'róig ann, eagluis dúinn
le fonn
An teanga mhilis bhínn sin is dual do
Ghaodhail
Pádruig Paor.
Bo mhór an truaidh liom féin, go bráth,
gur bhaolach
Go g-cuirfuighe culla Ghalla air an tean¬
ga Ghaoghalach.
Seághan O'Dála.
Ní h-áil liom féinach Gaoghailge bhrisde,
D'a fóghluim trí Bhéarla ní dual dí bheith
clisde.
Émon Paor.
'Tá sgaipe na n-éan air Chlanna Gaodhal,
Thall 'sa bhus air fuaid an t-saoghail.
Padruig O'Cronacán.
Nach dealbh an sgeul do Chlanna na bhFian
Ag bheith fé Shaghsana le seacht g-ceud
bliadhain
Diarmuid O'Caoimh.
Is mór an searbhas liom, an uair ag
chíghim an tóirtéis,
'Tá 'g-clann na h-aimsire seo, agus an
ghiorréis;
Gan smacht gan eagla (ortha) ó athair ná
máthair,
'S gan suim air domhan aco an sagart
ná bráthair.
Séamus do Barra.
P. J. O'SHERIDAIN,
Agus
An Saoi Padruic Cill-ar-n-ath.
Is le mor dhoilgheas croidhe do ch¬
onarcmar an la cheana leitir fhada i
b-paipearaibh Seaghain Devoy agus in
sa American Gaodhlach o P. J. O’She¬
ridain n-aghaidh an tSaoi Cill-ar-n-ath
de'n Chruinne Gaodhlach. Ni feasach
linn go fhacamuid ariamh aon leitir
nios diabhaluighthe 'na i, agus budh
choir a h-ughdar a chrocadh suas air
ghreim cluaise mar an spiodoir is mo
agus is aingaididhe de spiodoradh na
h-aoise seo. Ni h-e sin amhain, ach
cad a thig linn a radh leis na paipeir
noch a d'foilsigh i? D' fhuagair an
Saoi Cill-ar-n-ath go g-cruinnochadh
se cisde teagmhuis. Thug se taisbean¬
adh nach m-beidheadh aonduine faoi
chuntas air ach e fein ; nior iarr se air
aonduine teagarughadh dho muna rab
se sasta leis an margadh sin : air an
adhbhar sin, nior fhag se g-cumhacht
duine cneasda air bith loc d' fhaghail
air, do bhrigh nach rabh ioghlach air
aonduine pighinn a thabhairt dho mu¬
na mb'ail leis e. Cia 'n fath ,mar sin,
a bh-fuil an drong seo d'a gnothugh'dh
fein na thimchioll? Ni aon phighinn
as a b-poca e, & meireach troime agus
suime na cuise ata faoi na bhun, bhei¬
dheadh adhbhar gaire aig duine faoi
na sondacht a measgughad a mearadh
a n-ait nach m-baineann leo. Ach ni
fiu bearan an chuis seo eidir iad seo
a ta n-acrann ainti bh-farras an dio¬
bhail dheanfeas se do shaoirseacht na
h-Eireann. Le inntleacht agus mail¬
is an diabhail, agus a g-cumas go g-
cuireochadh se gadhair-hfuile na Sac¬
sanach air bhonn na m-ban cho maith
le bonn na bhfear, feuch cad a deir
an spiodoir seo n-dheireadh a leitire :
"Ceanna tu dha bhean le laithreach
Naomh Phoil d' ollughadh faor choir
an New Zealander," aig innseacht do
no na Sacsanaighe, cho soileir agus is
feidir le caint a dheunadh, aire thabh¬
airt do na mnaibh! oir is triobhtha
do bhi an obair d'a dheanadh.
Cia acu, an mhuintir seo no Carey,
is measa?
