370
AN GAODHAL.
AN CROMÁN AGUS AN FAOILLEÁN.
Vocabulary
Pronunciation
preab bounce, praw-ub.
slugadh, swallowing, sloogah,
tachdadh, choking, thanghtah.
sín, stretch, sheen.
bord, deck, burdh,
ruchd, almost, ructh.
thug, gave, hug.
chonairc, saw, v. chonirk.
chabhair, comfort. cow-ir.
dualgas, one's desert, dhoolgus.
baint, right or claim, bawinth.
Do phreab Faoilleán air Iasg, agus ag
iarruigh a shlugadh tachdadh é, & do shín sé
air an m-bord a ruchd bháis. Níor thug
Cromán do bhí dul an bhealaigh agus a
chonairc é, aon chabhair eile dhó ach,
"Fuair tú do dhualgas; óir cia an gnódh¬
tha atá aig eunlaigh an aeir baint le
iasg na fairge.
The Gull and the Kite.
A Chull had pounced upon a fish, and
in endeavoring to swallow it got cho¬
ked, and lay upon the deck for dead.
A Kite who was passing by and saw
him gave him no other comfort than. -
"It serves you right; what business
have the fowls of the air to meddle
with the fish of the sea?"
Mr. O'CALLAHAN’S ADDRESS.
A Uaisle, — Ní mian liom seanachus
fada dheunadh air an am so, ach caithfidh
me a rádh go bh-fuil luthgháir mhór air mo
chroidhe an cruinnugh'dh seo do fheicsint
in seo anocht chum éisteacht le cómhrádh
gaiste i d-teangain cheolmhar na nGaodh¬
al ; an teanga labhair Naomh Pádruic a
láthair áird righthibh, oifigibh agus fear¬
aibh feasa na h-Éireann. Is leis an tean¬
ga Ghaedhilge do dhíbir sé dubh-cheo agus
dorchus an bháis ó na croidhe. Gidh go
rabh na págánaidhe léigheanta ins an aim¬
sir sin ní rabh eolas no aithne acu air
dhlighe Dé, no ní fheudadar feicsint níos
áirde no an ghrian do réir an g-creidigh
a bhí acu. Agus is doigh liom féin da m-
beidheadh Naomh Pádruic a labhairt Fran¬
chais, Gréigis is Laidin leo ó 'n lá sin
go d-ti uair ar m-báis, níor féidir iad
a theagasg in aithne na Tríonóide. Is le
teanga mhín mhilis ar sinsear do rug se
buaidh agus buadh-cheart dúinn go léir
ar ngrádh 's meas do thabhairt dhó mar
gheall air an sampla lonnrach d'fhág se
na dhiaigh; cuireadh air bun sépéil 's mo¬
nastara in gach árdán is ísleán in Éir¬
inn, is deirim, ó bhun mo croidhe, mo mhí¬
le slán leis an aimsir sin Budh le clann
na h-Éirionn a n-allamh féin, ach, faraoir,
is iomdha aistriugh'dh eugchórach a rinne
gach righ is riaghal ó shoin. O aimsir an
dara Honri tá na Sasanaighe deunadh
dochar dhi is díobháil dhúinn. Agus budh
mheasa 'ná sin an t-Ochtmhadh Honrí; budh
cosamhuil le Herod é, in ainm agus a
d-tréithe. Bhí eagla a g-croidhe air chail¬
ínidhe deasa Londuin go g-cuireochadh sé
nimh a shúile orthu. Bhí fhios acu da d-
tuitfidís in a líonta go m-budh goirid e
a saoghal. Ach ma thainic an "Dial" a
riamh air an saoghal seo i gne ban-righion
no bean-uasal, budh í Betti é. Ní'l aon
obair a thug níos mó sásamh dhi 'ná eas¬
boig, sagairt agus braithre a chur chum
bháis, agus an uair sin, ceithre ceathramh¬
na a dheuna dhíobh. Is gnathach le Froud
na m-breug moladh mór do dheunadh air
na mallarthadh sin agus air Strongo,
Cromuil agus na meudtha eile d'a sórt,
ach measaim-se go bh-fuil siad anois ins
an tír dubhcheoch úd áit nach n-éireochaigh
an ghrian go bráth, agus na ngeabfaidh
gaoth seaca no sneachta air feadh na
síoruigheachta A chairde, 'sé críoch is
brigh mo sgéil díbh, da mairfin go d-ti
an duine déighionach air an saoghal seo
ní bheidhinn craobhsgaoileach air olcas na
Sasanach. Ach moladh go buan le Dia, tá
comhartha ins a spéir, is comhartha air
gach taobh, go bh-fuil lá ar saoirseacht
an-ghar dúinn, go luathuigh Dia an lá lon¬
rach sin orainn go léir. —
Nuair a bheidheas na h adhairc d'a séide
air cnoic is sléibhte,
Is teinte cnámh' i ngleannta ceo,
Clann na h-Éireann a moladh a chéile,
Is iad saor ó gach anró!
Na caillimíd misneach; bímid muinín
