372
AN GAODHAL.
tear leat síos,
Nac orram a luigheas ansacht do ghreann
no do mhian,
Snach tú m'Uileagán níos mó.
The following Correspondence between the
friend in the Old Country and our American
neighbor explains itself. The intelligent reader
cannot fail also to observe that the author is no
novice in Gaelic literature.
Séamus fada, a bhean 'sa chlann,
Dá g-cuir féin a g-cóir chun dul a nun ;
Mar cathag amach air thaobh an chosáin, *
É féin 'sa mhuintir, 'sa g-cuid triosgáin.
Iarrann se comhairle air Mac a chomh-
arsa
'á le seal ann Saghsana Nuadh,
Cad a bh'fheárr 'g deuna, no dé'n cúrsa
Gheóghbhach se chun a mhuintir do chothúghadh.
SÉAMUS FADA.
1
Tá buairt orm a's ciac
'Dtaobh me bheith báighte a bh-fiac';
A's ná faíginn leaguint 'sa chíos ná spás
Ná ceart air domhan, dá bh-faíghinn bás.
2
Caithiod cuir díom ó'm phaiste talmhan,
An áit ar thógadh mo mhuintir romham,
Cun áithreabh ag lorg chun cuir fúgham
Amac 'sa bh-fiantas annsna ráigiúin.
3
An fuinneam 'san bhríghe 'g imeacht,
An laigeacht 'san aois ag teacht;
Mé go dúbhach ag sille na n-deór
'Dtaobh ag bheith cailleamhuint mo neart
a's mo treóir.
4
Nach dealbh an sgeul, a's nach bocht an cás,
Na Sagsanaigh mar seo linn ó aois go
bás
'N ár n-díbhirt go mear ó ar n-dúithce
féin
Soir agus siar ann imigéin.
5
'Táimse anois aosda a's dall,
'Sgan fios agam air an taobh thall;
Bo doigh liom féin nach aon úmhana,
Go sgríbhthinn chúghadsa 'g iara comhairle.
* Air thaobh an bhothair-
EAMON GEARRA.
1
"Má 'tá fonn ort teacht annso 'nall,
Na tabhair leat aenne liubarsach dall;
Mar ní mór duit a bheith clisde ciall-
mhar cneasda
Chun dull cinn 'sa tír seo feasda,
2
Bí a neamhail air Bhearla labhairt go
blasda,
Agus abalta air do chloice 'g dh' imirt
go gasda;
Bí sleamhain séímhialta le gach ndaon,
Faircánach glic agus seachain an braon.
3
Bíoch eagla ort agus sgamhra
Roímh ghaith ó 'n grian 'sa tSamhradh;
Agus bíoch faitchíos ort agus sgéimhle,
Roimh fuacht an t-seacha 'sa nGeímhre.
4
Mar cailltear annso na táinte
Le asnamh eareachas air a sláinte,
Gan suím ar domhan aco annta féin,
'Nuair a bhídhid ag obair 'sa tSamhra
faoi 'n ngréin.
5
Raíghach fuachth an Gheimhre 'steach tríod'
chroidhe,
A's gheabhthá casachtach ghrána ag leanthach
díot choidhche;
Bheach ad shnóígheamh amach mar ag snoígh-
fuighe gad,
No go mbeitheá goléir snoighte air fad.
6
An te bheig iarrachthamhuil, cruínn ⁊ tabh-
artha fé ndearra,
Beig earra sa tír seo aige gach am d'á
bharra ;
Beig creideamhuint mór leis ⁊ meas,
Air an te chuirfig é féin 'g-comhnuidhe
air a leas.
7
An te thógag 'na dhalta, go fuar dío-
mhaoin
Gan taithídhe air cruaghtán, gan maith
gan maoin,
O! b'fheárra dhósan fuireach 'sa mbaile
'sa g-cúinne
Ná theacht, go bráth, amach inseo chúgainne
