AN GAODHAL.
3
'Nis dam anois cá bh-fuil d' áit,
Theas no Thuaig air fuaid na Stait?
Déiseach. —
Eist do bheul & ná h-abair dada,
Nó sgríbhig air fad sgeul Shéamuis Fada;
'Tá n-iomarca 'g ruch róm chun mórán
caínte,
Do thabhairt anois dod' léithéidse, ghlínge.
(Specially written for THE GAEL).
These verses are written in the pure Munster id¬
iom, and are the natural extempore production of
one well versed in it. Some may notice that
words are employed which do not appear in the
dictionary, but we are told that the late Dr. Mc¬
Hale has compiled a manuscript in which are se¬
veral thousand words in common use among the
people which do not appear in the dictionaries.
CHUN SEAGHAN BEAG CÉITINN.
Ó RUISTEARD-
A Sheághain,
Is fada me 'g braith, acht ní bíoch agam
uain,
Air sgeula chuir chúghat abhaile no duain;
Annsa teanga bhreágh mhilis Ghaodhalainn
Do labhairtaídhe fad' ó thall a n-Éirinn.
Is 'mo cur cuircach agus iompóghadh
Do bainag asam sa féineach,
Ó dh' fhágas an baile fad' ó
Chun teacht análl air an taobhsa, —
Acht ó tá me anois fé 'n uim,
Caithfigh me brúghadh fúgham le foídhne,
A's breith air a ngnódh is túisge chúgham,
'Sgan gearán 'g dheunadh le aenne.
T'réis dam teacht thar taoide análl,
Is minic a bhíos go curtha cráighte,
'Sgur bh' fheárr liom go bh-fainthinn 'sa m-
baile tháll,
Nuair a bhídhinn air cheann na h-oidhche
tnáighte.
Ce nach bh-fuil cúis ro mhór 'gam chun
gearráin,
Acht ní maith liom chuige an greím
Bheith orm annso gach aon lá,
'Sgan fáighil 'gam air é leígheas.
Is 'mó fear dearthúil golánta
Bhí fé mheas mór 'sa m-baile,
Tá annso go bhrónach mánta
A lorg págha lae no seachtmhaine —
A's is 'mó buachaill bocht bhí air fán,
'Sgan meas air dómhan air a n-Éire;
'Tá annso go socair, sámh
'Sgan beann air bith 'ge air aenne.
Is mo duine d'fhág Éire le maga
Gur suarthach annso iad le fada;
'G imtheacht na spailpínidhe ó áit go h-áit
A lorg tuarasdal ó Stat go Stat.
An mhuintir dh'fhágan an baile le fíor-ghádh
Is gnáthach gur leo 'g dh'éirighean an t-ádh
Chidhfeá féin gach lá go brách,
Ga m-baineann san annso do chach.
'Tá uasal a's íosal annso 'g tuilleamh-
pádh',
Cuid díobh le cleite a's tuille le rán,
Bíon sgillinn le cathabh a,s ceann le línn
gádh,
Agus ceann eile le cuir annsa spurán.
Na dhiaghsan ní'l saoghal 'gam cho breágha
A's bhíoch sa m-baile fad' ó,
'G dul díon aonach anuair bo ghádh
'G díol caoira no ceannach bó.
Mar ní bhíoch maor orm air dómhan,
Ná me ceangailte fé greím
Pé áit a m-bhuailthach fonn me
Gheóghbhainn dhul ann gan mhoíll
Bíon mo chroidhe go dúbhach a's mo shúile
'g sile,
Ag cuimhniugh'dh air an am a m-bhíghinn 'g
siúbhal na cille;
Agus port feaduíghala 'gam, no liúdh
abhráin,
A ndiaigh seisreach ag treabhadh báin.
Slán go fóil leat anois, a bhráthair,
Ní,l uain 'gam air a thuille 'g rádh leat;
Ná bíoch uaigneas ná buairt ort,
Mar sgríobhthadsa arís go lúath chúghat.
(Le bheith leannta.]
