AN GAODHAL.
393
SEÁGHAN BEAG CÉITÍNN, Ó RUIS¬
TEÁRD. — Continued.
Thugas fodha dí Carraig-na-Faile,
Bhí fáilte romham aig cómharsanaighe an
bhaile;
Bhí seamra dham ann go gléasda,
A's oídhche sheanchuis 'guinn a's féasda.
Do dhóigh leat gur as an aer
Do thuiteas chughcha ann súd,
Mar do bhailíghdar go léir
Chun láimh do chrocha liom.
Bhí Seághan Seós d'a sdiúga le gáire,
'D taobh me dh' fheicsint air an taobh-so
sháile ;
Do rug se go muinteartha air láimh orm
A's chuir se rómhamsa míle fáilte.
Bhí Páid Ó'Cronachain go bádhmhar,
Agus an Suíbhnnéach féin go grághmhar;
Bhí Peig a's Cáit agus Máire,
Gach a le sgatabh 'g gol 's ag gáire.
Seo 'steach an Paorach, beireann se air
láimh orm,
"Se do bheatha," dubhairt se, "connos tá
tú."
Ní fada bhí se annsúd am láthair,
Gur dh' fhiafraigh se díom connos bhí a
mháthair.
Air m' fhocal duit agus air mo lámh,
Go bh-fuil goleór díobh annso caoisach sámh;
Chuaghdar a d-tigheas ó thangadar análl,
A's tá siad go sásta le mná & clann.
Bhailighdar chúgham na comharsain' goléir
Mar bheach sgata eunlacha an aeir;
Bhí greann ortha goléir agus áthas,
Me dh' fheicsint air an taobhsa sháile.
Dhéanamar trí threana de 'n oídhche,
Trían chun bhídhe, chun sgeuluigheachta a's
chun suain;
Bhídhmar go meíreach ag cathadh dídhe ann
Gan brón na bhuairt, gan gleo na gruaim
Bo chosamhuil an oídhche le ceann féile
Anuair a bhailighdar a d-teannta chéile;
D'fhanamar suas dí tréis 'n mheánoídhche,
Ní bhuailthach codla no suan thú choídhche.
Bídhdar ag trácht air an sean-tír,
'S air a liacht cruaighinn ar ghabh'dar thríd
Ag teacht análl dóibh thar d-taoide,
A's mar a d' éirigh leo sa tír seo.
Bhí sgeul fianuigheachta 'guinn ó'n bPao¬
rach,
A's dubhairt Fionn MhicCúmhail abhrán;
Gach n-duine cuir ceist orm féineach,
Mar is me is déighnaídhe d'fhág Innis Fáil.
Bhí Seághan Seós agus Padraig,
Agus an Paorach tamal dhe'n oídhche
Ag seanchus damhsa air an Stát-sa,
A's iad cois na teine a catha a bpíopa
'S ag cuir síos dhamsa air an mhéid cab¬
rán
Do fuaradar riamh ó Phuncáin :
'Tá siad anois go socair sásta,
A's Puncáin leo, go mín, macánta
Sgathamh maith tréis an mheadhon-oídhche,
Do chuaghdar goléir a bhaile;
Ís curtha tuirseach tráighte bhíos-sa,
Agus chuadhas gan mhoill air a leabadh.
Is fada farsinn é, Stát Bhostúin,
Agus is gleóighte an áit é, Carig-na-
Faile,
Agus da n-áreóghinn gach áit ar ghabhas,
Ní 'l aon áith díobh mar an baile!
Tabhair mo beannacht dam mhuíntir féin
Agus na dhiaghsan dosna comharsain' go
léir;
Ólaim anois do shláinte thair saile,
Le braon beag uisige 'gus togha biotáile.
Bí gach am ag guíghe chum Dé dham;
Mo bheatha do leasúgh'dh air an saoghal-so
Chun go n-deunthinn dithchioll air m'anam
ag dhéanadh,
'Sa beith aneamhail anuair ag thugthig an
bás am dh'éiliobh.
'Tá míle bliadhain agus ochth g-céadtha,
Ceithre bliadhana a's ceithre fichid leo a
n-éinfheacht,
Ó thainig Críosd a g-colan daona,
Anuas air an talamh-sa chum sinn ag
shaora.
R. CÉITÍNN, ó Stat Mass.
