AN GAODHAL.
395
THE MEETING OF THE WATERS.
Translated from Moore’s Melodies into
Irish for the Gael by
W. RUSSELL.
Air — Called in English The Old Head
of Denis : But in Irish known as,
Cad é sin do 'n té sin ná baineann sin
dó.
NOTE — This song contains five lines to
the verse because in singing, the last
line requires to be repeated, which
produces a very agreeable effect.
Ní 'l sé annsa domhan uile aon ghleann
eile síghe,
Mar an n-gleann ionn a bh-fuil cumar
geal na n-uisgídhe;
O! séanfadh gach déigh me do bhith is do
bhrígh,
Sul a d-tréigeadh snuadh-ghlaise an ion¬
aid ó'm chroídhe.
Ní h-é gur bhí an Nádúir do sgeith ann
go cáidh
A criosdal is sáire, a h-uaithne gan
cháim;
Ní h-é aoibhne srutháinín, 'ná árdáin, 'ná
flós,
Ach rod éigin eile is fíor-ghrinne fós :
Is é go raibh láimh-liom ann cáirde mo
chléibh,
Do dhraoidheachtaigh le h-áille, air áille
gach sgéimh;
Agus d' airigh go m-breaghthaighid na
briochta is feárr
'Nuair a chíodhmuid a sgátha ó amharcaibh
grádh.
A ghleann dhíl Chaith-Eabhna mo sgíth-se
bo sámh
Ad bhrollach an fhosgadh, a b-fochair mo
dhámh-
'N áit a bh-fághamaoisne sosa ó stoír¬
mibh croidhe,
Mar mheasgaid do shrotha a n-aon-tuile
síth
Send the Gael to your friends in the Old Coun¬
try, two copies for a year for One Dollar. Your
friends will be glad to hear from you in that way.
AS SLOW OUR SHIP.
Translated into Irish for the Gael
By Wm. RUSSELL.
Air — “The Girl I left behind me."
And respectfully inscribed to Thomas Griffin, Esq,
of Lawrence, Massachusetts, as a slight testi¬
monial of regard for his great love for the ancient
mellifluous musical Gaelic vernacular of his sires.
Mar ghearr ár long go mall a clais
A n-aghaidh na gaoithe géire,
Do dhearc a bar-bhratach air-nais
Do 'n ínnse bhí sí 'thréigion;
'S mar-sin gan fonn do theidheam a g-
céin,
Do sgaram ó n'ár n-gaoltaibh,
'S do chasann ár g-croidhe, ó 'n slighe 'n
ár méin,
Chun na bhuidh'ne 'bídheas 'nár n-déigh-ne.
Ag clár an óil seadh a shuidheam, go
dluth,
A trácht air bliadhantaibh tréigthe, —
Le smiodaibh dealrach le cathúghadh,
Chó faon, chó duairc a n-gaedhthe;
Ach tugann an chuimhne chugainn air-nais
Gach cuíbhreach sean n'ar thréig sinn,
'S is milis í 'n chuach mágcuairt d'a blas
Chucha-so do bhídheas 'nar n-déigh-ne.
A d-tír ímchian 'nuair chastar linn
Oileán nó gleanntán draoidheachta,
Bhidheann fiaghain, glas-aluinn, bláthmhar,
díl,
'S gach nidh ach grádh ag tígheacht ann;
Seadh shaoilimíd gur mhór ar leas.
Dha d-tugadh neamh faid-ré dhuinn,
A ganfhios do 'n bhás an áit chó deas
Le cuid d'a m-bídheas 'nár n-déigh-ne.
Mar amharcaidh lucht siúbhail thar-ais,
'Nuair soir go dúbhach do théarnaid,
Ag breathnughadh air an luisne lag
Do chídhid 'na n-diaig a' laomadh ;—
Seadh chasamaoid, a neoin ár saoghail,
Le smúit an cúmha dhar d-traochadh,
Ionnós go bh-faigheamaois radharc air
spré
Do'n ghreann do bhídheas 'nar n-déig-ne.
Let our readers not forget the Gaelic Journal.
For it address Rev. J. E. Nolan, O. D. C. St. Te¬
resa's, Clarendon st. Dublin Ireland.
