398
AN GAODHAL.
see Petrie's
A.I.M.
No. 1579 also
Gaelic Journal.
No. 171 p. 694
(s)
Art Mhac
Cúbhaidh.
cct.
ÚIR ChíLLE CHREAGAIN.
An Bard
Ag úir Chille Chreagain seadh chodail me raoir faoi bhrón,
'S le h-éiridh na maidne thainic aindir fa mo dhéin le póg;
Bhí gruaidh ghrís-dhaite 'ci, 's laindir 'na ciabh mar ór,
B'é aoibhneas an domhain bheith ag amharc air an ríoghain óg!
An t-Sígheog.
A fhiall-fhir charthannaigh na caithear thusa a n-galraigh bróin,
Ach éiridh go tapaidh 's tair liom-sa siar 'sa ród;
Go tír dheas an Gheallaidh nach bh-fuair Gaill ann cead réim go fóill,
Gheabhair aoibneas air h-allaoidh dod' mhealla le siansa ceoil.
An Bard.
A ríoghain mhilis, an tú Hélen fó 'r tréaghdamh Slóigh,
No 'n do naoi mná deasa Pharnassus tú bhí déanta 'g-clódh ;
Go dé 'n tír sa g-cruinne ar h-oileadh tú, a reult gan ceo,
Le 'r mhian leat mo shamhuil-se bheith cogarnaidh leat siar sa ród?
An t-Sigheog.
Na fiafraidh dhíom ceist, óir, ní chodluim air an taobhsa dho'n mBoínn,
Ach is naoi beag leinibh me a h-oileadh le taoibh Ghráinne óig ;
A m-bruighin ceart na n-ollamh bím go follus ag dúsgadh an cheoil,
Bím trathnóna ag Teamair 's air maidin le taoibh Thír Eoghain.
An Bard.
Ní dhiúltain do chuireadh air a g-cruinnean na Riogh do 'n ór,
Ach gur cladharta liom sgarmhuin óm' chara ta sa tír go fóill;
Án céil' úd a mheallas lem' gheallaibh trá bhí sí óg,
Da d-tréigfinn anois í na'r bh-siosach dham go m-béidheadh sí 'm-brón.
An t-Sigheog.
'S é shaoilim nach caraid dhuit a maireann do d' ghaoltaibh beo,
Tair gan éideamh gan earramh achd arraoideach baoth, gan dóigh;
Nach m-bearr duit seal tamuil le h-aindir na n-dlaoigh fholt óir,
No 'n tír a bheith fonomhad fó gach rabhán a n-déin tú cheol.
An Bard.
'S é mo gheur-ghoin teinnis gur theasda uainn Gaoidhil Thír-Eoghain,
'S go bh-fuil oíghre Fheagha gan seaghas faoi liagh d' ar g-comhair;
Géaga glan daithte Néill Frasaigh nach d-tréigchadh ceol,
Is chuirfeadh éideamh fo Nolluic air na h-ollaim bhiadh a géile dhóibh.
An t-Sigheog.
O threaghdamh na treabha sin ann Achruim 's foraoir sa m-Boínn,
Sliocht Mhileadh na bh-flaith bhéarradh fosgadh do gach druigh gan ghleo;
Nach m' fhearr duit 's na liosaibh agus mise led' thaobh gach nóin,
Na saighde clann Bhilligh bheith tollomh faoid' chroidhe go deo?
An Bard.
A rioghain mhilis, ma's cineamhuin duit me mar stóir,
Tabhair léaghsa 'gus gealladh sul fo d-téighim leat siar sa ród;
Ma éagain fó 'n t-Seanainn, a d-tir Mhainnín, no fa Néiphte mhóir,
Gurab g-Cill cúbhartha an Chreagain leagfar me a g-cré faoi fhód.
We are indebted to Mr. H. Murray, Washington, for this poem.
Pub. also in Transactions of Ossianic Soc. Vol. II
p. 87
