406
AN GAODHAL.
Harlem, an Séamha la Fichead de Aug.
Chum an Onórach Doncha Ua Búrn.
A Shaoi;
Chuasa tré an g-chaithir so go minic am
aonar,
Uaireanta aig tadhailleadh agus uair¬
eanta air pléisiúr,
Thaisbeánaigh me go minic do thíorghrádh¬
thóirighe,
An Gaodhal; agus d'iarras orra a
bheith faoisgríobhnóirighe:
D'feuch cuid aca orm mar cat air luch.
Agus dubhairt cuid eile 'ca le focaluibh
dúbhach, —
"Cad é n mhaith é? iarruíghim ort: pá¬
peur Gaedhilge, mo chás!
Is goirid go b-fhádhaidh an páipeur sin
bás."
Mar sin do labhair siad anns an tráth,
Faidheadóireacht do 'n Ghaodhal dólás
's mí-ádh :
Bu bheag do smaoin siad an aigne mór,
A g-ceann an feadhmanach maith, — an
Foilsitheoir.
Níor smaoineadar air na smaointe árd
Do rith tré ínnchinn an neach mór agh;
Níor thug siad fa ndeara an pian 's
díombha;
Théidheas tré a chroidhe 'nuair thigeas
air chrádh,
Mar ní'l fhios aguinn-ne in ar rocht,
Cad é 'n obair bhídhean aig foilsitheoir
bocht-
Le gaibhtheachd mhór d'fheuch sé air an b-
páipeur,
Agus do leag sé chuige a thoiche go léir,
Chum é chuir a g-cinn bhíodh sé 'san oídhche,
Nuair a bhíomair 'nn a g-codla, aig oib¬
readh choidhche,
Aig cuardughadh a g-cómhnuighe góir neithe
nuadh,
Chum a obair ionmholta a dheasughadh.
B'ard do rith a shaoileachta lé áthus mór,
'S do smig sé mar leanbh, — leanbh bog óg;
Nuair do thóg an paipeur go súgach saimh,
An cheud cheann clóbhuailte in a lamh,
A's d'fhás lé bród a chroídhe breágh caomh,
Nuair chonairc sé iomláineacht air gach
taobh.
D' éirigh a chroidhe mar bhí a dhóchusa chó
laidir,
Le tonna na mara aig éirighe 'n áirde,
Brón no duairceas leis, níor thainic air
féin,
Nuair a cháin an spilpín sin é, — "Gaban
Saor,"
Ach d'árduigh sé a ghuth breagh suas go
binn,
Mar conairc sé an Gaodhal dul a gcinn.
D'oibre sé leis mar budh chuma leis féin:
Cad dubhairt madra chonuig nó bunnán-
leun;
Le anbheag maoin ach le ínntinn faláin,
Chuir sé roimhe a theanga shábháil,
Mar do thug sé fa ndeara a breágheacht
go mór.
An chaoi ta sí aig imeacht, aig feodh, —
Do shaothruigh sé go calma, agus tá rian
air,
Tá'n Gaodhal na sheasamh gus iolurraim
air,
Ta liacht daoine aig léigheadh — beag agus
mór,
An teanga bhinn ársa (dar ndóigh, mar
budh chóir;
Do shaothruigh sé, deirim é, — chuige fad
saoghal,
Agus sgríobhfuim-se mo sharchuiteadh. —
glóire do 'n Ghaodhal!
ACHOIBHINN.
GLOSSARY.
Díomba, grief; deasughadh, titivate;
saoileachda, thoughts; iomlaineachd,
perfection ; caomh, gentle, fine &c.,
madra chonuig, a rabid dog; bunnán-
leun, bittern; inntinn, intellect; aig
feodh, fading ; do shaothruigh sé, he strove
ta rian air, lit. sign is on, it is plain
to be seen; iolurraim, great respect;
liacht, multitude; toice, riches; sar-
chuiteadh, best respects, gratitude &c.;
bród, gladness; fa ndeara, note, no¬
tice; feadhmanach, any one holding off¬
ice.
