418
AN GAODHAL.
HÁRLEM, an Ceithre Lá Fhichid de
Shamhna.
Do Eagairtheóir an Ghaodhail, —
Ní'l duine chó caoch leis an te ná chídhean;
Ní'l duine chó dall leis an te ná aithnean;
Ní'l duine chó táire le danaire a mhas¬
luigheann;
A's ní'l duine chó feargach le fear ag
bruíghean.
Déiseach and his defenders ( with the
exception of Seághan Ó Gríomha ) rem¬
ind me of the lawyer "with the bad
case."
So let the madmen growl and whine,
When they read this communication
of mine,
And show me where that I am wrong,
In this my effort at a grammar song.
A Shaoi,
Tá trí no ceathair de leitreacha;
Clóbhuailte ins an Gaodhal,
Do thainic chúgam an mhí so,
Tabhairt droch mheas orm féin, —
D-taobh mé fághail locht le Déisi,
Do sgríobh duanta chugan féin,
An sgoláire breagh sin mór-mhúinte;
Adha dheith, — ba mhór an náire é, —
An locht, a Shaoí, do fághaimh-se,
Air na duanta do sgríobh sé féin,
'S é 'n chaint, a mhic-ó, na h-aimsire,
Do sgríobh sé ionnta go léir. —
Is ró olc gur lot sé a bh-fhéarsuigh,
Le caint (diction) Chúige Múmhan;
Mar budh chóir go m-beidheadh fios aighe,
Go g-cuirfeadh sé gach mac-léighin amúgh —
Táid siad, go deimhin ró áiteamhúil,
Ní h-ait liom-sa áiteamhúileacht air bith,
Táid siad leis, ró chúigeamhuil,
Sgríobhtha go h-olc, ach deunta maith. —
Do dhaoine ó gach cúntae i n-Éirinn;
Nach mór aguinn ins na sgoile 'nois;
A nglacfuigh siad caint Déisi?
Smaoin air is cómharuigh do bhris!
B'fheárr liom go bh-fhághainn ó Dhéisi,
Ainm an ghraimméir tá aige féin;
Le críochnúgh'dh briartha na Múimhnigh
Cá b-fhuil sé le fághail, 'nnis dam é ?
Is ioma graiméar 's leabhar do léigh mé,
'S is ioma uair do chuir mé fúm;
Do ló 's d' oídhche gan fhios d' aon-nea',
Ag lorg críochnugh'dh briartha chúige Mú¬
mhan. —
N' fhacas fós in aon ghraiméir
Na briartha, "raighach, tógag, beach 's bíoch';
Leis an críochnughadh sin aon uair
Riamh, níor sgríobh gramudach iad.
Ach do chualas iad sa m-bhaile,
In ar Í ghlas thall thar na d-tonn;
Aig cailín, buachaill, sean-fhear 's cailligh,
Labhartha mar do sgríobh sé dhúinn. —
Do sgríobh sé go h-olc, a Shaoi, an líne,
"Tá le seal ann Saghsana Nuadh;"
Is mar seo do chluin sé é sa m-baile,
"Tá le soal i Sasana Nuadh." —
Mar ta "a" no "i" de'n peartuic labh¬
artha 's sgríobhtha
A n-ionnad "ann" no "in" roimh áitibh 's
tíribh;
Urdúbhann sí cuid aca 's anállon sí cuid
eile.
So sampla dhuit do Déisi —
"An bh-fuil do mhac i n-Albuin a Dhéisi,
I Sean Shasanaigh, no i m-Baile-choitín?
Ní'l, ach ta sé i Sasana Nuadh le míosa,
Fuair me leitir uaidh Diathorduín."
A ndeir aon nígh uim an Ghaodhailge?
No uim an coileán sin Achoibhinn?
Ta a gabhailt air an Déisi,
Mo chreach nach bh-fuil sé 'g-Capuchoínn!
An áit is fearr ( mar dheagh ) i d-talamh
na h-Éireann,
Go labartar an Ghaedhlig bhreágh bhlasta
bhinn;
Fuaid na Déiseacha 's na h-aite go léir
ann,
Agus siar dheis cúpla míle go Achoibhinn
P. S. Cuirean sgríbhinn Dhéisi am chui¬
mhne pictiúr do conarcas uair le iom¬
aigh fear léigheanta ann. Nuair do iom¬
pófá é, chídhfeadh ceann asal, agus do
léigh sé,
Is fear mór, léigheanta mé, teann:
Ach iompuigh me' chidhfigh tú asal ann.
