422
AN GAODHAL.
Mr. SHERIDAN’S LETTER [Concluded.]
Bhí breagadh mór agam am geárr ó
shoin. Bhí togháil fir ag cumhdacht na m-
bocht an agus do sheas ar d-tighearna
talmhan air an oifige agus bhí feilmidhe
ainnmnighte leis an t-sagart paráisde,
agus d'innis me dhuit go rabh sagart
mór, maith againn darab ainm Athair
Ua Rachtúire, agus bhí cuid de na tionn¬
óntacht 'na g-cladhairibh fhan-ghlúnach air a
rabh eagla a d-tighearnaidhe talmhan a
dhiúltadh, acht bhí eagla ceud uair níos
mó ortha do 'n t-sagart, agus do dheun¬
thá gáiré ag éisteacht leo a troid. Ach
fuaireamar buaidh air mar budh chóir, &
ní'l tighearna talmhan ag an m-boird
Cannanuis (Kells) anois. 'Sé chaoi dhíl¬
is, measaim, buaidh d'fhághail air ar námh¬
aid in áit a bheith deunadh dúnbarbhadh
air neimhchionntacht agus ag troid, d'ar
marbhadh féin, óir ní'l dóchus go bh-fuighe
sinn buaidh air na Sacsain le troid ad¬
rainn féin. Nach rabh Dáibhis ceart
nuair a dubhairt fé —
"Tá Saoirseacht ó dheas-láimh Dé
Tré dhaoinibh inntinn fíor,
A's árdóchaidh fir maith a's glé,
'Nna náisiún arís ar d-tír."
"Freedom comes from God's right hand,
And needs a goodly train,
Aud rightsous men must make our land
A Nation once again."
Seadh! dar liom chonnairc Dáibhis le
súile faidhe an t-am seo ann a bh-fuil
fir againn mar Séarlus Maor Parnell
agus a chuideachta. "Fir maith agus glé"
mar threasbheurluighim a chocla. Caitlín
Fathaidhe. Bhí athas mór orm do dheagh-
dhán go Kitty Fay a léigheadh. Is maith
agus deargsnaighthe é; agus dob fheárr
liom 'ná rud air bith ma thiocfaidh liom
guthadh mar sin a bheith agam. Smuain¬
ím air neithibh áilne go minic, ach bídheann
deifir mhór orm, ró-mhór, a rádh, agus
cailleann me an tionsgamh. Bidheann
mo chroidhe ró-lán, ach fós tá cúram an
t-saoghail ag tiomáin filidheacht as mo
chroidhe.
Tá me deunadh go maith, buidheachas
do Dhia, ach tá cúram mór orm d-taóbh
mo ghnó, agus tá mórán oibhre le bheith
deunta liom. Tá me a sdiúrughadh na
feilme go h-uile agus am' mhaighistir
féin (óir tá 'n sean-fhear díthchéllidhe) ach
tá mé buadhara le cíos agus cáin agus
dochar agas caill gach sórt — bhás caor¬
ach agus uain agus bó.
Bhí Earrach fuar againn — fuar agus
fliuch, ach ta aimsir bhreágh againn anois
agus ta na
"Geamhair fás go h-úr as glas,
As sar-bhinn ceol na n-eun."
Is cómhartha maith Gaedhilig d'fheicsint
'san "Teachtaire Nuadh Eabhraigh," foil¬
sigheann sé cumhacht na bh-fear "Maith as
glé."
Ta me saruighthe le sgríob anois, mar
taim trí h-uaire, bheagnach. Anois deur¬
fad, slan leat, a n-dóchus leitir d'fhágh¬
ail uait a ngar,
Agus fanaim do chara go brath,
MICHEÁL Ua SEIREADÁIN.
New York, An t-Ochtmhadh lá air fhichid
de mhí Mheadhain an Fhóghmhair.
A Shaoi, — Is doigh liom-sa go bh-fuil
Déiseach Corcaigheach, agus Tomás Ruadh
cosamhuil le tarbh agus brat dearg
roimhe. Ta gach duine aca tracht air
Shasana Nuadh. Ní dóigh liomsa air aon
chor gur b'é sin an facal ar bh-fuair Ach¬
obhínne locht air, ach air an bh-focal atá
sgríbhtha roimh Sasana Nuadh. An focal
"ann" níor airigheas no níor labhras a
riamh, "Bh-fuil do dhearbhthair ann Sasan¬
a Nuadh," ach do labras agus do airigh¬
eas mar seo é: "Bh-fuil do dhearbhtair
a Sasana Nuadh?" Níor chualas ariamh
an focal, ann, labhartha roimh aon áit no
tír ach róimh Spáin; mar seo, ar anns
ann Spáin tá sé, — 'san Spáin.
Sé mo cheud iarracht riamh agh sgríobh
chun páipéir. Clódhbhuail é seo air fhea¬
bhas ma thaithnigheann sé leat. Muímh¬
neach ó Chiaruighe, seadh, mise, agus ní
thaithnigheann Achobhínne liom; tá sé ro-
tubuisteach; glach mo chómhairle — sgaoil
uait é.
SÉAMUS FADA.
(A Shéamuis, sgíobhair go h-an mhaith,
ach budh chóir duit d'ainm a chur i n-aoin¬
feacht le do sgríbhin; ní le na fhoillsugh'
ach le modh do thaisbeánadh do'n Fhoill-
seoir. Tá sé sin dlistionach de gach h-
uile sgríbhneoir. — F. G.)
