432
AN GAODHAL.
Petrie's A.I.M.
No. 304.
See vol.
VIII. p.
136.
PHLÁNÉID MHAIGHEÓ.
(Air — Joe Mor McDonnell)
The following poem, the longing for
home sentiments of Rafferty while so¬
journeying in the county Galway, will
revive home thoughts in the minds of
many of our readers. We are indebted
to Mr. Martin P. Ward for it.
I
Anois teacht an Earaigh ó thárla 'n lá
síneadh,
Teacht na Féile Brighide tóigfead mo
cheol;
'S ó chuir me 'mo cheann é ní stata me
choidhche,
No go seasadh me shíos i lár Chondae
Mhaigheó.
A g-Clár Chlainn Mhic-Muiris beidhead
an cheud oidhche,
'Sa mBalla, taobh shíos de, thoiseochas
an t-ól;
Go Coillte-magh rachfad, go ndeunad
cuairt mhíosa,
A bh-fhoisgeacht dhá mhíle go Bheul-an-ath-
móir.
II
Tá fhios aig an saoghal go n-éirigheann
mo chroidhe,
Mar sioladh de 'n ghaoth no mar scapas
an ceo,
Trá smuainím air Cheara, no air Gheal¬
an taobh shíos de,
Air sgeachacha mhíle no air Phlánaed
Mhaigheó.
Cilliadáin an baile ag a bh-fásan gach
nídh ann,
Tá smeuradh súbhcraobh ann as measa'r
gach seod;
'S da mbéidhinn-se mo sheasadh a g-ceart
lár mo ndaoinibh,
D'imtheoch' an aois díom, as bhéidhinn a¬
rís óg.
III
Tá coirce 'gus cruintheacht, fás órna a¬
gus lín ann,
Tá seagal a g-craobh ann, arán plúir a¬
gus beoir;
Tá locht uisge-bheathe gan license a díol
ann,
Agus mór-uaisle na tíre ag ithe 's ag
ól.
Tá cur agus treabhadh ann a's leasughadh
gan aoileach;
'S iomadh sórt nidh ann ná'r thrácht me
go fóill;
Tá áithte 'gus muíllte ag obair gan sgíth
ann,
Ní'l trácht air phíghinn cís ann, no 'r nidh
bith d'a shórt.
IV
Tá 'n t-uisge 's tá 'n loch ann, a's na h-
aimhneacha líonta,
Na carracha deuntadh, 's na cochail ag
gabháil;
Tá 'n liús, an breac, 's an easconn na
luigheamh ann,
An portán 's an figheachán, an ranach 's
an rón;
Tá 'n briodán 'san béalach na g-comhnui¬
dhe ó oidhche ann,
Na líghbháidh ag triall ann ó 'n fhairge
mhór;
Tá turbait a's tá lobsteir is tá pluc¬
ain ann thríobhtha,
'S ta cnádain a's éisg ann chó farsaing
le móin.
V
Tá gach h-uile shórt ádhmad da'r cuireadh
'riamh síos ann;
Sycamore, beech, coll, giubhsach a's
fuinnseog;
Box agus cuileann, mulbartha san caor¬
con,
'San dair ghlas a dneuntar bád, long
a's crann-seoil.
Tá log-wood, mahogany, is gach ádhmud
d'a dhaoire ann,
'San tear-wood d'a ndeuntar gach uile
ghleus ceoil;
Tá 'n tolltóir 'san sgeach d'a ngearradh
's d'a snaomadh,
'S tá 'n t-slat ann a ndeuntar cliabh,
cis, agus lód.
VI
Tá 'n chuach 'san smólach a freagairt a
chéile,
An lonndubh 'san chéirseach air gor os a
g-cómhair;
Tá 'n creabhar 'san linet 'san goldfinch
a g-cage ann,
