AN GAODHAL.
439
AITHREACHUS.
Ní'l maith bheith smuaineadh, no ní'l maith bheith caoineadh
Air na laethibh d'imthigh mar shéideóig gaoith';
Ní'l maith bheith cráidhte timcheall aimsir' caithte,
Agus uair na h-óige tá uainn a choidh'e.
Muna bh-fhuilmíd feasda le craibhtheacht lasta,
'Gus ár g-croidhthe tógtha do Neamh go síor;
Muna bh-fuil ár smuainte 's ár n-innt'nne claonta
Air an chómhnuidhe áluin na beatha fír'.
Chum rotha muilinn, mar go bráth ní fhilleann
An t-uisge d'iompuigh é acht am amháin,
Mar sin dh' ár m-beatha 'gus a h-aimsir sgartha
Nuair dó bhí ár g-croidhthe le dóthchus lán.
Le dóthchus líonta, acht a n-diu, táid críonta, —
Óir na néithe shaoil'mar a bheith cho breágh
Do rith siad thorrainn, 'gus níor bhronn siad orrainn
Acht ualach cúraim, le trom-chúmha 's crádh.
'San am tá láthair, aig gach siúr a's bráthair
Tá leathtrom croidhe agus brón go leór;
Aig siúbhal an t-saoghail O! is iomad baoghal
A' teacht 'nn ár m-bealach 'gus a' tarruing deór.
Muna raibh na bliadhanta tá tharrainn sínte
Do Dhia tugtha mar budh mhaith linn féin,
Mar sin is ceart dúinn, go dian, le searc-rún,
Ár saoghal do leasughadh gach lá, go treun.
'S anois le Nuadh-Bhliadhain biodh againn cruaidh-mhian
Gan cionntachd dheunadh, no gan nídh a rádh
Do bheurfadh náire, no do shaotharfadh táire,
Acht bímís ceart agus cóir go bráth.
Tá Rígh na bh-Flaitheas in A ghrádh 's A mhaitheas
Go síoruidhe féitheamh le peacach fán;
'Gus tá fáilte dhílis agus dualgas mílis
Do lucht an aithreachuis ameasg na slán.
"Pádraic."
Nuadh Eabhrach,
Mí-Nodlog, 1884.
SENTIMENTS OF OUR SUBSCRIBERS.
Ala. per F. S. McCosker, P. Golden. F. D. Mc¬
Cann, J. O’Grady, J. McManus. T. Keegan, Mrs.
W. O'Haire, W. O’Sullivan, J Connolly, M. Rob¬
ins. J. Sharon aud F. S. McCosker.
Canada E. Lynch, T. W. Harrington, D. J.
Holland, P. Crowley.
Conn. per Major Maher, J. Kelly, T. O'Callagh¬
an. Capt. L. O’Brien, J. Donovan and P. Maher.
Cal. Capt. J. Egan. J. Deasy, per P. McGreal
Dak. J. J. O'Connor, T. O'Connor, E. Fitzpa¬
trick, per J. J. O'Connor.
Ga. J. B. Killoughry.
lowa. J, Hagarty.
Ill. Mrs Ryan, per M. Darsey.
Ky. J. H. Jordan.
Kan. T. J. Fitzgelald, J. O’Sullivan.
Mass. D. O’Sullivan, J. McNally. Dr. O'Con¬
nor, C. D. Geran, C. Riordan, J. Hearn, H. Sul¬
livan.
Miss. P. Roach, M. Moore,
Mo. J. Finneran, M. Riordan, J. G. Joyce,
Mont. P. S. Harrington.
Nev. J F Egan. M A Feeney, M Crowley,
