AN GAODHAL.
445
PHILA LA NODLOICH BHIG, 1885.
A Shaoi ionmhuin :
Anois ó thárla an t-sean bhliadhain
tharainn agus muid a d-tús na Bliadhna
Nuadh, is cóir dam luach an Ghaodhail do
chur uaim air feadh bliadhain eile. D'a
bhrigh sin, cuirim chugad aon dollar air
mo shon féin, ní mór liom an luach sin duit
air shon do dhochair; do chuir an ceath¬
ar seo eile trí fichid pighinn an duine liom.
Tomás Ua Cluighinn, Domnall, Tomás
agus Pádruic Ua Cuinnealla. Tá siad
'nna g-cómhnuidhe ins a g-cathair seo.
Ó ghlac na Sasanaigh seilbh air Éirinn
seacht g-ceud bliadhain ó shoin, no mar
sin, is iomadh slíghe agus bealach i feuchadh
le na n-díbirt air a n-ais. Is iomadh
fear maith a chaill a shláinte b-priosúin
Shasanaigh, agus díbrigheamh na mílte 'na
n-deoruidh' air fuaid an domhain. Mais¬
eadh, n-aimhdheoin gach gabhadh, baoghal agus
buairt d'ar fhulaing na daoine seo air
shon Éire, tá ar d-tír fós faoi chuing
aig an námhaid. Ní túisge fuair an
drong seo bunn a g-cos i n-Éirinn is é
an cheud nídh a rinneadar bacadh a chur
air ar d-teangain agus air ar g-creid¬
eamh. Do thárla leo an Ghaedhilge chlaoidh¬
eadh ach, buidheachas do Dhia, tá 'r g-creid¬
eamh buan-sheasmhach fós, agus béidh go
bráth. Ceist agam orraibh, a léightheoir¬
ighe an Ghaodhail, agus a mhuintir mo thír¬
e. An measann sibh gur féidir le daoin¬
e air bith 'sa domhan a bheith air mire cho
mór sin is go m-beidheadh súil acu buaidh
d' fhághail air a námhaid agus a thiom¬
áint ó na measg agus iadsan a labhairt
teanga na námhaide sin, agus i ceileadh
's deunadh neamhshuim d'a d-teangan
féin? Má mheasann, is mór atá sibh a
dul amúgha no tá mise meallta. Dá m-
bheidhadh gan athrugh'dh de réasún againn
an teanga seo d' fhóghluim ach go bh-fuil
an oiread de ghráin agus dúil i a chur
síos aig na Sasanaighe, budh chóir dúinn
aon iarraidh amháin le grádh ar Éire & le
fuadh air Shasanaigh do thabhairt chum go
g-cleachtóch'muis an teanga seo & a cur in
a h-áit féin ameasg na náisiún eile.
Slán leat. Do Charaid,
SEÁGHAN Ua LEIGHEANN.
IBH 19 SRÁID Mhc ELDERRDH,
Báltimóre Md., Seachmhadh lá de
Ghionbhair, 1885.
A Shaoi ;— Glac mo buidheachas air shon
do thráthach i freagairt mo leitir. fuair
mé do chárda air an deachmhadh lá de mhí
na Nodlog, ach ní fhuair mé an páipeur
go ceann dhá lá na dhiaigh sin. Bhí eagla
orm nach bh-suighinn iad; go n-deachaidh
siad air seachrán mar an cheud cheann.
An páipeur a chuir tú chugam i d-tús
na míosa imthighthe, fuaireas i né é. Ní
maith liom aon uibhir do 'n Ghaodhal a
chailleamh, mar is sé mo mhian gach leabh¬
ar a bheith neimh-bhriste. Cia 'n fát nach
g-cuireann tú gach faoisgríobhaidhe faoi
eide, ionnus go d-tig leat clódh Gaedhil¬
ge cheannacht? Béidh mise dollar nó dhó
má tá siad iomlán sásta mar a g-ceud¬
na. Ní shaoilim go bh-fuil éineach a labh¬
ruigheas Gaedhilge nach d-tiubhairfeach
dollar chum cúngnamh thabhairt do'n fhear
a tá d'a fhoillsiugh'dh. Budh mhaith liom fios
fhághail cia mhéud taobh dhuilleóg i bh-foc¬
lóir Ui Riaghlaigh. A bh-fuil an focal a
nGaedhilge agus a mhínugh'dh i m-Beurla,
no an focal agus an mínugh'dh i nGaedhil¬
ge? Iarr orm aon dollar íoc le clódh
Gaedhilge cheannacht leis a' nGaodhal a
dheunadh seachthmhainmhuil, agus cuirfidh
mise an t-airgead chugad am air bith a
n-iarran tú é.
Do charaid mheas'mhuil,
T. O'CUMMUÍGHIN.
(Ní'l an t-am apuidhthe fós le iarracht
a thabhairt air an Gaodhal a chlódhbhualadh
go seachtmhuin'mhuil. Deunóchadh gach teag¬
airtheoir a dhíthchioll teagaireórthadh eile
fhághail dhó, agus b'fhéidir a g-cionn bhliadh¬
an no dhó go m-beidheadh sé 'nan é fhéin
d' íoc. Breathnuigheann muidne orrainn
féin, amháin, mar mhaoir an Ghaodhail, &
annsa maoirseacht sin, ní mian linn a
chur a g-contabhairt le greim a chuir in
a bheul nach féidir leis a shlugadh.
Tá seacht g-ceud dulthaobha i bhFoclóir
Ui Riaghailligh; an focal i nGaedhilge &
a mhínughadh i m-Beurla. — F. G.)
Send Sixty Cents for the Gael for one
year.
