446
AN GAODHAL.
We wish our readers would carefully read the
following address of our New Haven friend, Mr.
O'Callaghan, and impress on all within their reach
the truths which it unfolds.
A Cháirde, — Is deacair na sean fhoc¬
la a shárthugh'dh; sé sin, "Dá fhad é 'n t-
ól is tart is deire dhó." Ó thuit ar g-
ceud athair i n-Gárdín Phárthais ní'l mí-
ádh no mí-fhortún os comhair na n-daoine
níos measa 'ná n-iomarca óil. Marbhuigh¬
eann sé corp & anam an te leanann de.
An te dubairt "Bidheadh solas ann, du¬
bhairt mar an g-ceudna nach féidir leis
an druncéire dhul asteach trí gheatuidhe
órdha na bh-flaitheas. Ins an árus a m-
bidheann biotáile is beoir, is gnáthach gho
m-bidheann buairt 's brón ann. Do réir
cómhaireamh oifigidhe léigheanta na tíre
seo, slugthar síos trí mhíle pótairidh gach
bliadhain. Ní'l ach neimhni a d-tinneas,
galar no aicíd a g-cumas leis an léir-
sgrios a dheunas an t-ól. Thuit an Róimh
& Caithir na Gréige trí chás an óil, & do
réir taisbeánadh Mhic Aulaigh, tá tuitim
gan éiríghe roimh Shasana, & sin go luath.
Tá sé soiléir an te thugas scannall d'a
chómhursa, is go mór mhór d'a chúram fhéin,
b' fheárr do'n te sin cloch mhuilinn a chur
fa na mhuineul is é theilgean amach 'sa
bh-fairge. Is minic a deireann daoine
dí-chéilidhe gur maith an rud braon biot¬
áile maidin gheibhrigh chum an fuacht chon¬
bháil amach; & mar an g-ceudna, go bh-fuil
sé air fheabhas lá samhruigh chum teas an
lae a chur síos. Ní'l ins na smuaintibh
sin ach cathaidhe geura is marbháil inntin¬
ne. Bí deimhineach gur mó a lotann sé
'ná léigheasann sé. Tabhair fa n-dear¬
ad da ladhad é an cnaigín go d-tiorm¬
uigheann sé an báirile. Is feárr go mór
an t-airgead a chur in ar b-póca 'ná é
scapadh go fial. Is deacair linn éist¬
eacht le briathraibh an t-sagairt nuair a
deireann sé linn cosg ó 'n ól, ach is deac¬
radh go mór éisteacht le briathraibh
Chríosda, sé sin: "Imthighe uáim, a dhrong
mhallaighthe, do 'n teine shíoruidhe ta oll¬
mhuighte do 'n diobhal & d'a ainglibh. Ins
na neithibh is mó a b-peacamuid inseo,
is ionnta is mó phianas sinn a d-treun
theine na b-pian; d'a bhrigh sin, is feárr
ar sean lochta a thréigeadh anois 'ná iad
a bhreith linn a láthair Dé. Faraoir! tá
fios againn féin, taréis oidhche shúgach, go
d-tagann maidin bhrónach. O! budh ciall¬
mhar í cómhairle Bhrindligh Sheridon,
nuair a dubhairt sé le uaislibh na h-Éir¬
eann ól air nós na g-capall; b' fheárr go
mór an chómhairle sin chur a n-gníomh 'ná
bheith séideadh raidhmhéis imthigheas le gaoith
Mo chúig cheud slán le laethibh m'óige,
is iomadh aistir fhada a rinne an t-Ath¬
air Maitiúgh 'san aimsir sin trí oileán
glas na h-Éireann, ag cómharlúgh'dh na n-
daoineadh druim a lámha a chur le ól.
Do réir mar mheallann duine dall dall¬
achán eile, sin mar a mheallas na pót¬
airidhe a chéile, tuiteann mí-ádh & mairg
ortha inseo, 's muna n-deunfidh siad aith¬
rídhe lasaidh fearg Dé a n-anma air fad
na síoruigheachta. Is é dubhairt an t-A¬
thair Tomás Búrca, aoibhneas síoruidhe
go d-tugaidh Dia d'a ánam, go g-cuir¬
eann na diabhail is meisge sluaighte if¬
rinn tré na chéile, ní rabh sonas acu in¬
seo, no ní béidh go bráth in siúd; & gidh go
b-fuil 'n tAthair Lamhrás Breathnach anois
go ciuin faoi 'n g-cré, is féidir a rádh
gur rinne sé saothar mór 'san obair
cheudna. Is minic d' árduigh sé a ghuth
ceolmhar i h-allaighe mhóra Shasana-Nuadh;
throid sé go fearamhuil ó thús go deir'dh
air son saoirsecht na h-Éireann, ag or¬
dugh'dh, air an am ceudna, do gach athair
& máthair, gach sagart & bráthair, a d-
toil a chur le toil a chéile chum óg 's aos¬
da i stiúradh san m-bhóthar díreach; is go
mór mhór na h-uain bheaga 'chosaint ó
ghreim na mactírtheadh.
A dhearbhráthair, feuch suas air árus
Dé & smuainigh air thart Iosa air an g-
crois air do shon-sa! Cuimhnigh go min¬
ic air lá na féile móire & air oidhche fha¬
da na síoruigheachta! Abair leat féin
gur spadaire leisgeamhuil an te sin nach
n-deunann saothar le solas an lae & le
teas na gréine. Ní áill liom lámha trom¬
a i leagaint air mhná pósta & cailínidh
óga na tíre seo; ach ní féidir an fhírinne
a cheilt; do réir radharc mo shúl & clós
mo chluas, tá na mílte díobh ’sna bailte
móra, & is mór go m-fheárr leo gloine
leanna 'ná céir mheala. Is minic a bhí
mo cheann crom & mé lasa le náire aig
