AN GAODHAL.
457
Air an róid, mí na Nodlac '84
Do Fhoillsightheoir an Ghaedhil.
A Shaoi :— Anns an leitir seo gheobh¬
aidh tú dollar, mo fhaoi-scríobha do 'n
Ghaodhal air feadh na bliadhna seo chug¬
ainn
Tharla aig scríobh'dh mé budh mhaith liom
do rádh nach áill liom an spiorad ann a
scríobhann lán de 'n mhuintir do scríobh
air na mallaibh chum an Ghaedhil. Do
mheas mé go m-beidheadh do pháiper mar
theachtaire grádha & carthanais, & mar
ghníomhcoimh-bhiseidh ameasg na m-buidheán¬
a atá brostadh eiséirigh ar d-teangaine
as uaidh na fuaire & an dhroch-mheasa a¬
tá Seághan Tarbh — droch-rath ó mo chroidhe
air a bhrúid — ag baint di, go fonnmhar,
eadhlanta le seacht g-ceud bliadhan: &
cuireann sé buaighreamh orm 'nuair do
chídhim a dhuilleoga tógtha suas mí air
mhí le leitreachaibh díth-chéillighe o dhaoinibh
budh chóir do bheith air aon inntinn a' bros¬
tadh cúise ar d-teangaine, a' lochtagh &
a' geamh-throid le chéile.
Budh leor do pháistibh do bheith air an
eadhalan seo — ag arguin' le leanbhadh
feargach a d-timcheall mhaithis no olcais
na Gaedhilge do chaintear 'san g-cuigeadh
seo no 'san g-condae ud a n-Éire, no
fa leitireadh an fhocaíl seo no an fhocail
ud, Ní'l sheo ceart, a Shaoi, & do réir
mo breithnidh-se, níor chóir duit spás an
orlaigh thoirt do earnadh do'n t-sórt so:
& ba chórtha do mhór-chuid na buidheána,
bheith a' foghlaim' scríobhadh do réir riagh¬
la nGaedhilig iad féin- na iad a bheith fág¬
ail locht áir scriobhnóiridhe eile; iona,
mo dháltá féin, is furas d'aichneadh air
lorgaibh lámh a m-bunnais, nar léighidh &
nar mheabhraidh siad an Búrcach go ró-
dhlúth. Is gnathach ceird d'fhóghluim roimh,
ghlacadh i láimh í mhuineadh do dhaoinibh eile
Acht fágáil na puince seo ar n-diaígh,
tá beagán le gnódhadh & mórán le caill¬
eadh air leannmhuint an chúrsa seo. Ins
a' g-ceud chás do, taisbeánainn sé dia¬
mháil chéille 'gus múinte; & ins a dara
cás, tá sé, fós, gan bhrígh, mar is fíor
nach n-deunan tarchuisne, acht an té b'
áil linn d' athrugh'dh, do dheunadh níos
daingne in a bharamhuil féin. Rud eile:
Cuireann a leithididhe seo bac & eagladh
air mhórán scoláiribh atá claonta air
scríobhadh chum an Ghaedhil. Is fios dúinn
uile gur go faiteach do chuirmid ar g-
ceud leitir chum páipeura, & táim cin¬
te gur b' iomadh leitir do scríobhadh le
leith-bhliadhain, le cur chugat nach bh-feic¬
feann tú choidhche tríd eagla roimhe na
lochtóiridhe seo.
D' fhuaigair tú míle fáilte, blidhain o
shoin, roimhe cheud iarruighteachaibh agus
gheall tú go g-conbhóchthá duilleog air
leith, gach mí doibh. Tá siad a bh-fheadhm
go cruaidh air an nGaodhal, acht béidh
siad a' dhiamháil cho fad as ligis tú do
bhaoth lochtóiridhe greim scornaigh bhreith
air scríobhnóir air bith nach d-taithnigh¬
eann leo.
'Sé mo chomhairle-se dhuit gan éist¬
eacht na áit 'san nGaodhal do thabhairt
doibh seo a ghnidheas gnáthas do thafan :
& a thóigeas mioshásadh & miosgas eidir
cháirdibh. Nídhinn siad mórán urchóid do
'n nGaodhal 's dó'n chúis; sgaoilidh uait
iad. Má athruigheann siad béasuibh &
scríobhadh go céillighe stuama — má thabh¬
arann siad a m-baramh'lacha gan fhearg,
gan tarchuisne & a g-comhairle go múin¬
te, macánta, mar dhaoine uaisle, éist¬
fir leo & leigfir iad go h-urramach, plé¬
siúra acht mar n-deunfaidhe siad seo-
a Shaoi, soith síos go trom, daingean-
múchtach ortha, más áil leat an Gaodhal
& cúis na Gaedhilge dul chum chinn.
Nídh eile : 'sí Nádúr a ghnídheas an
file. Comhairlidh do scríbhneoiridhe gur
feárr 's gur tairbhidh scríobhádh i g-cómh¬
rádh — i nGoedhilge mhait chomhthrom, 'ná i
n-droch bh-fearsa Cread fá nach bh-feic¬
eann daoine nach féidir doibh dánta do
chumadh no scríobh? Agus cad chaoi nach
d-tugann a gcáirde cogar doibh, nar
smuain Nádúr fileadh dheunadh dhoibh? ]
Tá sé da ualach ort, gan amhras uch¬
tach & cuideadh thóirt do bhárdibh óga, &
slíghe bhisigh thoirt dhoibh a n-duilleogaibh
an Ghaedhil, acht d' fhear fillidhidh & ceol
na h-Éireann, ní shamhluigheann sé ceart
duit do pháipeur do líonadh gach mí le
ramásaibh gan dran, gan tomhas, gan
chíal, gan bhinneas, le daoineadh, a' sgig,
