458
AN GAODHAL.
a' spideadh sa' dímheasadh a chéile. Ní
léigheann an deichmhadh duine dod léigh¬
theóiridh iad; an te a léigheas ní'l de tho¬
radh air a shaothar acht mio-shásadh; agus
níor b'iongantach liomsa da n-éireochadh
taibhse Ossainne & roinn doibh seo do
mhúchadh, atá, go dian, a' tarchuisneadh
na h-eadh-lána uasal a thug céim dhó &
a chongbheochais a ainm i meabhair agus i
n-urraim na g-cinnedhidh go críoch an t-
saoghail.
Is doigh, a Shaoi, go measfair an scrí¬
binn seo do bheith ro-lom agus ro-bhorb¬
tha. Acht tá muinín agam anns an n-
Gaodhal: ní áill liom aon nídh d'fheic¬
sind ann a mheasaim do chuirfeadh bhac
air, agus d'iomcharadh ádhbhar mo chas¬
aide cho fad as go "g-críochnuigheann
sostacht do beith 'na thiodlaice." Ní shé
mo mhian aithisean do thabhairt no mío-
sásadh chur air aoineach; acht sílim nar
chóir liginn do aoineach da fheabhas seas¬
adh i solus na chúise. 'S air thaobh na
cúise do'n ceist a dhearcaim-se — "Ní go
ngrádhuighim iadsan níos lúghadh, acht go
ngrádhuighim an Ghaedhilge níos mó."
Feudfaidh siad seo, ghan amhrus do
bheith níos dúrachtaigh 'ná táim-se d-tim¬
chioll na cúise; acht má tá, ní fheicthear
dhamhsa go d-taisbeánainn siad é anns
an doigh is cóir.
Le críochnughadh, deirim leat, a Shaoi,
Congbhaigh brat an Ghaedhil mar bhratach
uaíthne Inse ar n-dúthchaís, gan smál, go
h-árd os cionn euda, baoth-ghlóire no
ain-mhiana fir no buidheán. Coisgidh iad-
so atá go dian a' lochtadh a chéile anns
a nGaodhal. Drid do dhuilleoga ortha.
Agus ibse, a léightheoiridh, bidhige cin¬
eálta da chéile agus fial don Ghaodhal.
Tuilleann sé ar ngrádh agus ar n-deigh
dhithchiolláibh. Chidhmid go bh-fuil sé riacht¬
anach don fhoillightheoir, d'iarruigh air
gac léightheoirdhe, aras agus arís, luach
a b-páipéir do chuir chuige. Bheidheadh sé.
náireach mar be nach féidir gur ísleacht
intinne no mí-ionracas is ciotaig leis,
Ní shé acht faillighe. Tá ainm againn, ce
bith ar lochta, do bheith fial mór-chroidheach.
Ná breugnamuid an deágh-ainm seo' oir
is follus nach m-bidheadh oiread cárnáin
basain dó chroidhe ag an te a léigheadh an
Gaodhal seal bliadhna gan íoc air a shon.
Seachnuighmid an fhaillighe ghráineamhuil
seo ó seo suas. Cuireadh gach aon a
fhaoi-scríobha uaidh go tapaidh; tá siad
uile bh-feadm go cruaidh air an b-fhoill¬
sightheoir. is bheag uimhir na muintire
nach bh-fuil saidhbhir go leor le dollar
'sa m-bliadhain do dhíol air son an Ghae¬
dhil. Deunfadh cúpla "riobail coiligh"
níos lúgha 'sa m-blidhain suas an dithfir
do gach aon againn. Tarrainn d'fhichead
pighinn, cúig-cheud uair, go d-ti dhá cheud
dollair. Ní chruithneóchadh aon nduine
na pighineacha & budh deas na brontanas
an dá cheud dollar don Ghaodhal. Tá
tuille clódh a bh-feadhm: & thárla go
bh-fuilmid uile a' roint i d-tairbhe na h-
oibre maithe tá 'n Gaodhal a' dheunadh, budh
chóir dúinn uile roint 'sa chostas — láimh
chuididh thoirth do chomann Gaedhilghe
Bhruaichlinne — fóireadh leo an Gaodhal do
chóirugh'dh suas i g-culaidh úr, de chlódh
nuadh Gaedhilge, á bhunn go bárr, i dh-túis
na bliadhna seo chugainn.
An te nach feidir do an dollar do dhiol (agus fos
an te a d-tig) faghadh se leightheoir ur don phai¬
peur. Cuireadh gach aon roimhe anois, ag tuis
na bliadhna uire, maith eigin, da ladhad, do
dheunadh do chuis ar d-teangan ; agus ni feidir
d'aoinneach nidh air bith do dheunadh nios tair¬
bhidh don chuis seo 'na cuideadh le (feudaim de
radh] aon teachtaire na teangan sin i b poiblidh¬
eacht mhor na leitir.
Ma nidhmid seo agus do bheith cuideamhuil,
carthanach le cheile beidh deagh-thortha ar bh-
feile 's ar ndeagh-iomcear'a, soileir, i nghearr, ann
ar m-biseach fein & i bh foirnoamh na cuise ; &
fos, cuirfimid an Gaodhal air a bhunnaibh go dain¬
gean, i ndealbh, cuis ar d-teangan do ghreasadh
ann tossaidh go brioghmhar, & i bh-fuirm le
sleagh do bhriseadh go laochradh le aon nduine,
no le paipeur air bith ann aon teangain a feach¬
fair le tromchuis do chur orrainn no le olc no ur¬
choid do dheunadh dhuinn.
ROSSANACH.
(Do shileamar nach rabh an leitir seo cho fada sul
do rinneamar usaide de'n chlo Gaodhalach. agus
do bhi an roinn dheigeionach di cho taithneamh¬
ach do chrnidhe an fhoilsightheora is nach d-tig¬
eadh leis sgur gan a criochnughadh. F. G.]
The fact that the "Red headed” Irishmen have
thrown aside the shillelah and have adopted a
more effective weapon, causes the owls of the pro-
British press to shriek venomously — A ducking in
the E. River might cool these bloodhounds.
