AN GAODHAL.
469
Mr. M J LOGAN, Editor of the GAEL.
The following hymn, Salve Regina, was dictated to me
by a pupil of our up-town Irish School.
J J LYONS.
AN PAIDIRÍN PÁIRTEACH.
Go m-beannuighthear duit-se, a naomh bhainríoghain Mhuire,
'S go bh-fuil tú molta thar mhnáibh na cruinne;
Glóir agus moladh do do mhéin gach lá,
A mhór thrócaireach, mhilis, tá lán de 'n treas lá !
Is tú ár maith, is tú ár milseacht, is tú ár ndóchus croidhe;
Is ort a ghuidheasmuid, clann Eabha gan bhrígh,
A ngleann seo na n-deor, feuch orrainn le luas,
No go leigfidh tú ár n-osnaidhe 's ár n-deor' in do chluas.
O! mar sin duit, a naomh bhainríoghain Mhuire,
Le do shúilibh trócaireach, feuch orrainn le truaighe;
'S tabhair dhuinn tuigsint air uair ar m-báis
Gur b'é toradh do bhronn, Íosa, d' fhulaing an pháis.
Ó! a mhór thrócaireach, 's a Maighdin sháimh,
A Mhaighdin ghrásamhuil, sín chugainn do lámh;
A naomh Mhuire, a mháthair Dé, na leig sinn a g-cathuighthe,
Ach saor sinn ó olc. Amén.
Phila. Pa., Márt an Earraidh.
tuilleadh paidruchai
Vol. VII. l. 926, 930
RANN ÉIREANNACH.
Máire.
Tá cailín air an m-bhaile so, d' ar b'ainm du'ise Máire:
Do thug me gnaoi 's gean di seo, thar chailínighe na h-áite.
Ní'l ór agam no airgiod, ní'l dadaigh ach mo shláinte;
'Smás rógain leithe foladh me, dar noinín, tá me sásta
Do shíl mé gur ba gealach í; & do shíl me gur ba grian í;
Do shíl mé gur ló sneachta d'a cáthadh ó 'n t-sliabh í,
Is do shíl mé aríst gur budh shí an reult eolais,
No bláth na súbhcraobh, air gach taobh de na bothairibh.
Do shíl mise in mo cheann, mar do bhí me gan eolas,
Gur banaigh dhom do lámh dheas, is chuir air fáine pósdha.
Tá aon nídh amháin eile is mó bhaineas mo chiall díom,
Gur mór mhór an ceo aig dul rómham agus mo dhíth thú.
Translation.
MARY.
A maiden in the village dwells — her Christian name is “Mary "
O'er all the girls in the place I give her love unchary;
No gold or silver store have l, — my health is all my treasure,
Contented in my coat of grey — I envy none their pleasure.
