470
AN GAODHAL.
I thought her like the gentle moon — or sun — of light the fountain :
I thought her like the virgin snow — wind-drifted off the mountain. —
Again I thought her like the star that ushers in the morning,
Or bloom of honey-suckle sweet — the way-side hedge adorning.
I thought, in my poor, simple head [for knowledge left no trace there],
That your right hand I'd take in mine, — the wedding-ring to place there:
There’s one thing else, which more than all, my senses craze about you,
That gloomy cloud which shadows o’er my future life without you.
M. C.
BRUACHA NA LAOI.
Budh bhrónach mo chroidhe anuair d'fhág mé an baile,
'Gus dúbhairt mé slán leat, a dhíl-Éire mo ghrádh!
Gídh 'd'fheuch mé bheith súgach, budh dheorach mo shúile,
Ag sgaradh ó'n d-tír chum nach bh-fillfinn go bráth;
Ag sgaradh go bráth ó gach cnoc agus leuna,
'Gus cathair dheas Chorcaigh nach bh-feicfinn a choidh'e;
Aig sgaradh go deó ó na cáirdibh budh tréine, —
Díl-cháirde de m'óige air bhruachaibh na Laoi!
Is minic a d'éirigh grian lonnrach na spéire,
Is minic a thom sí faoi uisge na d-tonn;
Ó d'fhág mé thú 'n lá sin, mo mhathair bhocht — Éire!
'Gus sheól mé thar saile do 'n tír seo anonn.
Acht fós, in mo chroidhe tá do chuimhne aig lasadh
Air maidin, aig nóin, 'gus le tuitim na h-oidh'e;
'Gus i n-aisling, arís, táim go minic a seasadh
'Measg carad fíor m'óige, air bhruachaibh na Laoi.
A Chorcaigh a stóir! a cheud Chondae ár d-tíre!
Aon fhealtóir ní tháinic ariamh ó do chlann;
A condae na m-ban n-deas le sgiamhacht níos fíre
'Ná fiadhain-bhlátha samhraidh i bh-fascadh do ghleann!
A Chorcaigh a rúin! budh h-é dóthchus mo bheatha,
Mian laetheamhuil m' inntinn', 'gus sólás mo chroidhe,
Go m-beidhinn-se aig treorughadh i d-tosach do chatha,
'San brat glas in áirde air bhruachaibh na Laoi!
Acht 'nois ins an t-saoghal so ní fada mo bhliadhanta,
Is crom tá mo chuma, is liath mo cheann;
Is geárr uaim 'san soilig a choidhche bheith sínte,
Bh-fad, bh-fad, ó thír áluin mo ghrádh a's mo ghean'!
Acht fós, insan bh-Flaitheas ní bheidh tú gan beannacht,
Is ort-sa beidh mise go síoruidhe aig guidhe;
'S beidh spioraid do dheóraidh go dílis a' fanacht
Le soillsiughadh na Saoirse air bhruachaibh na Laoi!
"Pádraic."
Nuadh Eabhrach,
Márt, 1885.
The Leavenworth Visitor has changed hands and is now published by
Mr. John O’Flanagan, with title changed then to The Weekly Catholic. It
is a spirited little journal and merits liberal patronage. The address is
Leavensworth Kan. Let all our Irish-American editors notice the GAEL.
Patrick Mc¬
Fadden's
Favorite
