472
AN GAODHAL.
HARLEM.
An Deichmhadh lá de Mhárt, 1885.
D'Eagarthóir an Ghaodhail.
Molaigh Achoibhinn.
D' eoile mé a bh-fail, 's cois taoide,
Mar a scapthar an fíon air bórd,
Ní náire dham i ainm a ínsint:
'S é Achoibhinn brígh mo sgéil.
Bídheann ceol 's maighistirighe rínnc' ann;
A's sagairt aig suidhe chum bórd,
'S fáilte gheala tintínsir,
Aig an marcach aig leaghai-chrí-bóird.
Do shiubhalas challaidh Portláirge,
Na Déiseacha féin do ghabhas;
Cill-chuinne, Cill-bhuird, Cill-áirnígh,
Gach imeal dá áile 's gleann.
Am shiubhalta n' fhacás aon áit eile
Budh bhinne 's budh fháilte dream,
Ná 'g an imeal so 'n aice na sáile,
,S mo bheannacht mór fágaim ann.
Labhurann chúichín 'sa g-Cáisg ann,
'San spideog binn beag teann;
Bíon an smólach, an lún, 'san chághag ann,
Aig neadughadh air bhárr na g-crann-
Bídheann uaisle seala deun' aedhir ann,
A bh-fhuithin na g-craobh ’s na g-crann;
Bídheann lúr 's taithniomh ó'n ngréin ann
,S taisdiol ban-déa chughainn ann.
Bídheann fiadhna meanuibh air saothar,
'S an snag-bhreach aig sreuchant ann;
D' réir mo thaisdiol ní breug dam,
Gur beárradham féin dul ann.
Bídheann abhalla breac agus bán ann,
An pluma 's an t-áirne donn,
Radharc air chuanta 's air challaighe na
mh-bhád ann,
Go bríoghmhar, réidh 's air fheabhas.
Tá tuille agam-sa le áireamh,
Phil-philip, ná'r luath mé fós.
B' é rúd budh túisge 'san m-beárna,
No meádhon buídhean cruaigh gleo,
Dá mhéid "Clann Usnuigh" le áireamh,
Aig imearascáid 's an ngleo;
Dá seasóchadh an lá 'sé mo thuairim,
Ní leigfeadh sé an báire leo-
Tá suidheachán sagart 's bhráitre ann,
Lucht léighin go h-árd a labhairt,
Dómhnall, Diarmuid, 's Mártan,
's dhá luathfuinn Seághan 'n a gheamhuil.
Acht an íllion deas do tháinic,
Ó bhroinn an mhnaoi chrob labhar;
Gur buan a mhaireadh a sláinte:
Lucht riaradh na féile ann.
ACHOIBHINN,
We publish with pleasure the following effort of
a member of one of the philo-celtic classes to put
in rhyme his exultation at the route of the Brit¬
ish forces by the Mahdi. What an appropriate
air he puts to it?
RUAGABH NA nGALL Ó'N SOUDAN.
Fonn — Aistir Pháidín Uí Chonchobhair do
'n Ghealaigh.
Air — Paddy O'Conor's Trip to the Moon.
1
Tabhair cluas dam, a léightheora 'n Ghaedhil
A's chídhfidh sib puinnte mo sgéil,
'Sé a shuim, noch d'admhuighim le greann,
Ruagadh na nGall 'san Soudan.
2
Arsa Wolesley, lé prionsa na Sacsan,
Is é triall do 'n chogadh a nonn,
"Béidheadh bhaile lá Nodlog, gan maoidh',
'Réis an Mahdi a ruagadh 'sa chlaoidh',
3
Arsan Mahdi, air chlos dó 'n sgéil sin,
"Is deacra é dheunadh ná 'rádh,
Gealfaidh cnámh' a shaighdiúr na gleannta,
A's béidh mise 'n a seilbh gan sgáth."
4
Anois atá 'n Mahdi na mhaighistir,
'S na Sacsan a teitheadh le gádh,
'S d'ar tháinic beo 'ca ó 'n sleachdadh,
Is furas a g-cómhaireadh gach lá.
5
'Sa 'n-áit a bheith bhaile faoi Nodlaic,
"Taréis an Mahdi a chlaoidheadh,"
Tá Wolesley teannta 'sa bh-fhásaidh,
'S gan dóigh go bh-fillfidh sé chaoidhche.
6
Sa 'nois aig críochnúgh' mo rann,
Noch a ghnídhim le uabhar a's greann,
'G amharc air cúmhacht Shasanaigh trágh'dh,
Mar shneacht' an Earraidh i leághadh!
