Philo-Celts.
The Brooklyn Philo-Celtic Society had their 6th
annual reunion and ball at Uris' Novelty Hall on
April 23rd. It was a complete success, and marks
another step in the stride towards the rehabilita¬
tion of mother tongue. The eloquent and patriot¬
ic president of the Society, Mr. Gilgannon, open¬
ed the exercises of the evening, speaking in Irish
and in English, as follows. —
A Dhaoine Uaisle, Mná agus Fir :—
A n-ainm an Chumann Gaedhilge cuirim
ceud míle fáilte rómhaibh in seo anocht,-
sean fháilte na h-Éireann. — An fháilte
budh gnathach do cháirdidh agus do dhaoine
muintreach do thabhairt d'a chéile. (buala
bos)
Tá ádhbhar luthgháire agus bród againn
cruinniughadh cho mór, measamhuil a beith
againn in seo anocht. Taisbeánann sé
go bh-fuil Éireannaigh tógbháil níos mó
cúirim í d-teagain a d-tíre, agus tug¬
ann sé misneach do na h-Éireannaibh tír-
ghrádhach atá chaitheamh a n-ama i teagasg
an teanga Ghaedhilge. Tá ádhbhar eile
luthgháire bheith orrainn — go bh-suil ar d-
tír agus ar n-daoine a rocht níos feárr
ná bhí siad bliadhanta ó shoin. Ach ádh¬
bhar luthgháire níos mó ná an meud seo
eile tá againn: — go bh-fuil an sean bhith¬
eamhnach, námhaid ar d-tíre, ar d-teang¬
an agus ar g-créididh, umhlaighthe os cómh¬
air an domhain aig Rúiseadh. [dadhmholadh
mór, & faid saoighil agad). Tá an ro¬
tha 'g iompóigheadh — rotha an t-sonais air
Éirinn & rotha an donais áir Shasanaigh.
Deir an sean rádh gur contabhairteach an
áit a bheith eidir dhá theine, ach ní eidir dhá
theine amháin atá Sasanaigh a n-diu — tá
teinte in a timchioll air gach taobh — tein¬
te fúithe agus os a cionn — teine dhíoghal¬
tais Dé os a cionn, teinte cogaidh in a
timchioll, agus teine — fúithe, (sgarta
gártha agus bualadh bos) Tá sí
úmhalaighthe anois air aon ghlúin amháin
agus budh chóir di úmhalúghadh air an dá¬
ra glún agus mathanas iarruigh air Dhia
air son an méid díobháil a rinne sí air
oileán glas na naomh, agus aisíoc a
dheunadh más mian léithe an teine dhéigh¬
ionach seo a sheachaint. Má tá náisiún
air bith eile san dómhan ar chóir díobh
luthgháire beith ortha i n-aoinfheacht le Éi¬
reannaibh, siad na Mericánaighe iad, a¬
gus budh chóir díobhtha lámh a chrathadh le
Éireannaibh go bh-fuil an t-sean námhaid
úmhalaighthe. Is sí an t-sean námhaid
cheudna rinne coir an teanga Ghaedhilge
a mhúnadh no a labhairt — sean teanga na
naomh agus na ngaisgaighe — an teanga
atá an Cumann Gaedhilge 'gaith bheodhugh'
sa tír seo — an teanga atá mé labhairt
libh anocht, agus a bh-fuil luthgháir orm
innseacht díbh go bh-fuil an t-sean námh¬
aid úmhalaighthe os cómhair an dómhain go
h-uile. Shíl sé 'n t-oileán úr so, a bhí cur¬
tha air leith le Dia chum a bheith mar árus
agus sgiath-dhídin aig díbirtibh bochta rígh¬
eachtaighe tioránach na cruinne, a brúdh¬
adh faoi chois. Ach buidheachas le Dia gur
dhíbir na Mericánaigh le congnadh car¬
thanach ó Éireannaibh, a choidhche agus go
deo na cótaighe dearga ó chluain agus ó
chuannta na tíre seo; agus tá súil ag¬
am go bh-feicfidh sinn an lá m-béidh siad
díbhirte ó chuanntaibh oileán glas na h-Éi¬
reann, agus go m-béidh cead aig Éir¬
eannaibh a d-teangain a chleachtadh agus
a ndlígheamh féin a dheunadh mar rinnea¬
dar san t-sean racht, sul do truailleadh
oileán glas naomhtha na h-Éireann le
lorg cois-céim mhallaighthe na Sasanach,
(bualadh bos, agus dadhmholadh mór noch
do bhí aithriste arís agus arís].
Tá mé buidheach díbh faoi 'n éisteacht
chiuin, mhersamhuil a thug sibh dham, — Tos¬
óchaidh sgoláiridhe an Chumann Gaedhilge
siansa na h-oidhche le chóimh-sheinm an abh¬
ráin tír-ghrádhach, Ó'Domhnaill Abú.
Mr. Gilgannon explained the drift of the above
for the benfit of those who did not understand
Irish, as follows. —
Ladies and Gentlemen —
In the name of the Philo Celtic Society I bid
you a ceudh mille failthe here to-night — the old
salutation of Erin — the salutation which was cus¬
tomary for friends and neighbors to give each
other (applause).
We have reason to rejoice and to congratulate
each other at seeing so large and respectable an au¬
dience here tonight. It shows that Irishmen are
taking a livelier interest in the language of their
country. It encourages the patriotic Irishmen who
are spending their time without pay or compensa¬
tion teaching the Irish Language in order to rescue
it from oblivion. We have another reason to re¬
