490
AN GAODHAL.
THE NEW YORK GAELIC SOCIETY
A meeting of the Council of this Society was
held at number 17 West 28th st. on Wednesday
evening, April 15, in order to bring about a uni¬
ty of interests among all desirous of becoming in¬
timately acquainted with the Language, History,
Antiquities and Amusements, of Ireland, and of
cultivating Irish Art, Music and Literature. Va¬
rious persons were invited to represent each of
these interests. The Rev. Thos. J. Fitzgerald, of
Brooklyn, invited to represent the Language, was
first called upon, and spoke as follows. —
A Ollaimh 'sa Bhráithre, —
Preabann mo chroídhe le h-áthas an
uair ag chídhim an tionól mór atá bhail¬
ghthe anso anocht, mar sin comhartha gur
thug gach ndaon agaibh tora air an gcoi¬
re fuairamuir, agus gur thangabhar go
h-úmhal agus go h-eusgadh agus d'aon
ghnódh, chun bhur g-cómhairle chur a gceann
a chéile chun go ndeunfamuís amach an t-
slíghe is feárr chun an teanga Ghaeghilge,
ceól bhinn Crioch Fodla agus gach nós do
bhainann le tír na h-Éireann do thabhart
thar n-ais, do chosaint, do leathanúghadh &
do buanúghadh ameasg na nGaodhal 'sa
tír seo, (buala bos).
Ní h-aon iongantas go mboidh cruinn¬
iúghadh mór annso anocht chun an gnódh sa
chuir air bun, ach is mór an t iongantas
nár rineag rod eigint d'a shórt riamh
roimhe seo, t'réis a bh-fuil de shliocht na
nGaodhal sa tír seo. Ní misde é radh
go bh-fuilmid fuar fáilligheach, & ní féid¬
ir linn é sheunadh agus tuigeann sibh go
léir gur fíor san, a bhraith're. Is mithid
dúinn músgailt agus cuimhniúghadh air
rod éigin a dhéanadh chun ar dteanga mhi¬
lis do chur air bhun; ach "is feárr déigh¬
ionach na choídhche," sé sin, is feárr tos¬
anúghadh anois féin ná é chur dhínn níos
sia. Ní'l dada ó Dhia anuas, sé sin, ní'l
dada ó ar g-creideamh amach is mó chuir¬
feach sólás air mo chroídhe ná teanga ar
seínsear agus ar d-tíre do chasa, do
chosaint agus do buanúghagh, (mola mór).
Mar 'sí is dual dúinn agus ann fhochar
sin is ceann des na teangthacha is seine,
is birne & is glaine fe luighe na gréine
í, (buala bos). 'Sí labh'rag a g-comhnuidhe
riamh g-Crioch Fodla í; 's labh'rag 'sa
m-Breatainn í no gur tháinig na Sagh¬
sanaigh ann agus gur ruagadar na
daoine steach a g-cúinne beag dhe 'n tír
sin, sé sin an Bhreathnaisg agus labh'¬
raid siadsan fós í, & tá 'n greim dain¬
gion aco airshí agus níos mó páipéir a
g-clódh 'co ná tá aguinne.
Labhartar ann Albain í agus 'táid
siadsan a b-fad níos greamasamhala
airshí ná atá muidne agus níos mó pái¬
péir nuadhachta 'co ná 'guinne.
Labh'rag 'sa bh-Frainc í fe raibh aon
tuairisg air Laidin no Fraincis le fágh¬
ailt agus labhartar a g-cuid de 'n bh-
Frainc fós í (Brittany), agus is 'mo
leabhair sgríbte ínte.
Labh'rag air fuaid na Sbháinne leis
í agus atá sí fós ansa mBiosgán [ Bis¬
cay ). Sgríobhtar agus léightear fós sa
mBiosgan í — thug na Gaeghil a d-teanga
leo ó Mhachaire Seanár agus thangadar
tríd an Éigipt agus tríd an Ghréig, &
chuir cuid aca fútha sa Sbáinn, san Io¬
táile, agus ansa nGréig, agus do leath¬
anuighdar air fuaid na Fraince, na h-
Éireann agus na Breatain roimh aon
dream eile. D' fhág an Ghaedhilge fuigh¬
ealach mór focail na diaig air fuaid na
tíorthasa, agus annsna teangthacha-sa.
'Sí is binne mar tugthar mar ainm
airshí "teanga bhog, mhilis, bhinn cheólmhar
na h-Éirenn," agus is mór an tógaint
croídhe leis sean-dhaoine, agus cuireann
sé greann air chroídhe na ndaoine óga í
labhairt (buala bos ).
'Sí is glaine mar is lúghadh d' fhocail inn¬
ti ó aon teanga eile measgaighthe leithe
agus tá sí aneamhuil air a sgeul ag dh'¬
innsint gan congnamh ó aon teanga eile.
— teanga ainti féin í —
Nach mór an t-iongantas gur mó sgol¬
áirídhe d'a fóghluim 'sa nGearmáin ná
atá in Éirinn & a Saghsana a dteannta
chéile, agus táid da fóghluim 'ngeall air
an méid feasa tá innti d-taobh a h-aois
agus d-taobh na bh-focail ag d'fhág sí in¬
sna tíortha-sa na diaig, & mar ceann
desna seacht d-teangthacha í.
'Sé 'n truaigh í mheath agus atá sí ag
meath & sínne feucaint airthí go spaid¬
eamhuil agus go neamh-shuimeamhuil mar
bhiodh daoine gan croídhe, gan anam. Bo
cheart dúinn comh-chionna bheith air ar d-
tír agus air ar d-teanga mar is le na
chéile ghabhaid.
