494
AN GAODHAL.
TEACH NA bhFEAR RIAGHALTA,
Naomh Iosep, an dara lá déag
de mhí Márta, '85
Do Chlodhadóir an Ghaodhail.
A Shaoi :— Do chaithfinn an t-airgiod so
chur chugat a g-cionn mí no dhó, achd air
measadh dhom go mb' fhéidir go bh-fuil gno
agat de anois, cuirim chugat é.
Tá uaigneas mór orm, a Shaoi, do
bhrígh nár thainic an Gaodhal chugam an
mhí chuaidh thorrainn.
Le súil go bh-fuil do shláinte go maith,
fanaim do charad,
MICHEÁL Ó HOURIGÁN.
Somerset, Condae Pherrigh, Óhió,
BOSTON, MÁRT, 1885.
A Shaoi Ionmhuin;
Do fuaireas do nóta an t-seacht¬
mhain a d'imthigh tharrainn, ach ní rabh uain
agam roimhe seo do chuir sgríbhinn chugat.
Anns an leitir seo cuirim nóta airgid
chum an Gaodhal do chuir chugam bliadhain
eile. Sgríobh chugam arís,
Do chara,
Muiris Ó'Duinnín.
Móbhíle, 28mhadh Feabhradh, '85.
Chum Clódhaire 'n Ghaodhail.
A Shaoi Dhíl :— Táim a cur aon dolair
air son Miss Ellen Finch, chum díol ar
an nGaodhal. Deir sí gan an Gaodhal
ag chur níos mó de bhrigh nach féidir léi a
léigheamh, agus nach bh-fuil aon gnodh aice
dhe. Má tá tuile ag teacht chugat air
son an Ghaodhail deir sí go g-cuirfidh sí
chugat é.
Ba mhaith liomh taisbeánadh d' fhághail
uait chun é do thabhairt dhí,
Do chara,
M. MacSuibhne.
( Buidheachas do Mháighistreas Finsh; dá
n-íocóchadh fiachánadh an Ghaodhail leath a
n-iaráiste cho beacht leis an mbean uas¬
al sin, d'fheudóchadh sé tule clódh cheann¬
ach gan aon phighinn airgid iarruigh air
iasacht uainne. Cuirfimid dhá uibhir de
Gaodhal na míosa seo chugat agus tig
leat ceann aca thabhairt dhi mar chomhthar¬
adh ag admhúghadh a teagaradh, agus go b-
fuil a fiacha íoctha go h-iomlán. — F. G.).
(These letters from Rev. Father Horrigan and
Messrs. Dinneen and MacSweeney were mislaid
and did not turn up since their reception till now).
DO'N CHRATHACH.
(Complimentary to Mr. McGrath.)
A Sheághain:
Béidh fáilte gheal air feadh mo saoghailsi,
Roimh gach duan ag teacht uait féinach,
'Só ''Sliabh geal Gua riug buadh na féile
Ag riar lucht duanta, druadh a's cléire."
Bo dhoigh liom féin gur tú togha na bh-
feilídhe
D'a mbiodh uain agad air roint bheag
taithídhe,
Do dheunadh, a's cúram do ghlacadh 'gus
imníomh
Chum do theanga féin ag léigheamh 'sag
sgríobh.
Ní chuirfinn a bh-fáir aon saothar na
duaidh,
Chum acara dheunadh do Chrathig Shliabh
Gua,
Mar bhídar cuidthara, ceannsa 's bádh¬
mhar,
Comharsanamhuil, carthanach, cneasta 's
grádhmhar.
Daoine farsaing, fial, feileamhuil,
Macánta, séimh agus croídheamhuil,
Deárthúil, múinnte 'gus comh mhodhail,
Le na g-comhursain o 'n Seanna-Chodhail.
Bo bhreágha liom féin bheith in Éirinn tháll,
Dá mbiodh sí saor ó reacht na nGall,
Mo bhrón! is fada 'n Saghsanach táir 's
todhail,
'S air "Oileán na Naomh" ag deunadh
fodhail.
Bí ag guidhe chum Dé gach maidin 's oídhche,
Agus béidhadsa leat go brách a's choídhche,
Chum na Saghsanaigh dhíbirt gan cas' air
sáil,
Thar n-ais go deo go h-Innis Fáil.
Sean Chomhursa, ó'n t-Seanna-Chodhail.
