464
AN GAODHAL.
In an address made before the Gaelic Society of
Chicago on the 4th of July by a Mr. J J Fitzgib¬
bons, that gentleman is reported to have said, —
"The revival of the ancient lauguage of Ireland
is due to the united efforts of O'Donvan and O'¬
Curry in that country, and, in the United States,
to none more than to T. O’Neill Russell."
What little respect for truth ! Brooklyn was
organized in 1874, Dublin, in 1878. T O'Neill
Russell came here in '78, 4 years after we organ¬
ized — when he we had 11 Societies in the coun¬
try — 3 of which were in N Y City and 2 in this.
People should have common shame in the face of
glaring facts. In '74 P J O'Daly, Boston writes,
"DEAS-BHASDÚIN
Bealltuine, 21 lá, 1874,
A Mhichíl J. Ua Lochan!
i m-Bruachlín.
A Shaoi ionmhuin!
Tá do leitir de'n dara
lá de Mhárt air mo lámha-sa le suím de
laothaibh, agus bhí me chó gnóthach ná raibh
uain agam beagán focal do chuir chugat
ag admhúghadh do leitire; d'a bhrígh sin tá
súil agam go m-beidh mo leithsgeul gabhtha
mar geall air an maoil
Tá an Fhuirion-so baoch díot, trí do
thairigsin shaor thoileamhuil air chuideadh
leo an aon nídh, do chuirfeadh air aghaidh
ar d-teanga mhilis dhúthchais.
Tá luath-gháir orruinn tú bheith ag sgríobh
a d-teanga milshilteach ár sínsir, agus is
se ar nguidhe, "Go m-buadh Dia gach lá
leat 'san obair mhaith."
Is maith is cuimhin liom an chéad leitir
fhéicsin air an b-phaipéar uaitse, ag cor¬
úgh'dh na n-daoine, agus do choruíghis iad
go cinte, acht do chuaidh mórán a labhair
go teann 'nuair sin 'nna sliogán ó shoin,
agus, mar thuigim-se, is cóir dúiseacht
eile bhuain asda arís. Do thosuin Mair¬
tín Ó'Bronáin é caoicídheas o shoin agus
is cóir dúinn é leanamhuin suas.
Tá súil agam go b-fheicfeadh me leit¬
ir uait air an b-paipeur g-ceann beag¬
án laothaibh, agus beidh me-se ad' dhiaigh le
ceann eile, agus muna d-tugaidh sin aon
eile asteach déanamaois é athnuadhuigh a¬
rís, agus air an módh san déanfam iad
do chorrúghadh suas, gidh gur deacair é.
Le h-aghaidh críochnúghadh, glac ár m-
buidheachas agus ár meas, air son do
ghuidhe linn anns an obair mhaith
Fuirionn Ghaodhailig Ghrádhach,
trí
PHÁDRUIG Ó'DHALAIGH,
Feadhmanach Sgríobhadh
AN CHRAOIBHÍN AOIBHINN ÁLUINN ÓG
Written for the GAEL, by
WILLIAM RUSSELL.
Ande ag triall dom siar am aonar,
Chois taobh Ghlainn-Abhann a nÉirinn-
Mhór;
Do dhearc me ciallach ghreanmhar, sgéi¬
mheach,
'Na cois ag deunadh luais am chóir:
Lei air a druím bhí cruit bhinn-teudach,
Is slaitín phéarlach ionn a dóid;
'S do gheit mo chroidhe le h-aoir na béithe,
'Nuair dhrid am lion a gnaoi 'sa clódh.
Bhí fleasg bain-fhile air a h-éadan,
Coróinn laibhréil ghlais air a ceann,
A cruith a n-uaithne uasal gleusda,
'Sa dreach go léir do bhuadhaig mo
ghreann:
Air a com bhí crios do sheodaibh ríoga,
'S rós mar lítis air gach broig.
'S níor thig liom ainim a d' fhaghail do'n
aoileann
Ach Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.
Bo gorm a dearc mar dhaith na spéire,
'Nuair chídheam an rae trí aer gan
ceo;
'Sa cínín bhán, mar bhlaith na sméire,
Leith cheilte bhí faoi lásaíghe sróil :
Air a gruadh bhí caith ag geal is craorag —
A béilín bínn bo mhilse póg;
'S is cúmha bhí chum mílte leunadh
An Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.
Fionnaim do'n aoil-chnis mhionla, mhaorga
Cé ar bhí féin, cé 'n taobh ar ghluais;
As bhí caomh Aoibheall ó'n g-Craigléith í,
Nó Cliodhnait riogan na síghe-shluagh?
Ar bhí fíor Ghráinne ghrádhmhar Mhaol í,
Dearmhórgaill Bhréifne, an cruiteoir,
Nó fós Bean-Síghe do sgínn dom éiliomh
An Chraoibhínn Aoibhinn Áluinn Óg?
Do fhreagair sí ní h-aon d'ár léighis me,
Ach an bheith do chuir Brian fad'ó,
Ag tabhairt turais na h-Innse-Eilge,
Le bán-slait ghlé 'gus fáinne óir;
