AN GAODHAL.
465
Agus tagaim chúghat anois le sgeula,
Gur gairid d'Éirinn saoirse 's glóir;
Is buadh 'gus meas arís do'n Ghaodhailge,
Air Craoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.
Annsan do sguir di 'nuas go seimh dom
An chláirseach chaoin bo dual d'á riogh¬
achd,
'S is binn do shínn sí suas Te Deum,
Is puirt is aodhair bo gheall le draoi¬
dheacht;
Le sólás grínn a foínn 'sa dréachta
Titim traochda air an bh-fód;
'Nuair uch! ó'm thaoibh 'na gaoith seadh d'
ealaig
An Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.
NOTE — Glan Eabha in the first verse of
the above song stands for Allegheny,
which in one of the Indian dialects
signifies clear water. Éire Mhór, in
the same stanza signifies America
which, according to the Icelandic Sa¬
gas, was anciently called Irlande et
Mikla or Great Ireland; which, by
the by, should, I think continue to be
the name of this American Continent
in our Gaelic idiom' i.e Éire-Mhór. The
other personages referred to are fairy
divinities, or Irish historical characters
[The Gael thanks his friend Russell
for this information regarding Éiremhór
and shall adopt the name in future
when referring to America, — Ed.)
CEARTUIGH ANTOINE DHUIBH.
Fonn — Clúdughadh na Fuiseoige
D' éirigh me féin air maidin go moch
Agus chuaidh me go ceártuigh Antoine
Dhuibh,
Ádhbhar mo láighe tá agam in seo,
Agus ag iarruigh a deunadh a tá me.
Tharraing sé 'mach tobac agus píopa —
So dhuit an chathaoir & suidh le mo thaobhsa
So píosa de dhuilleoig agus caithtear le
siams' í,
Agus toiseóch' mé air ádhbhar do láighe.
Co-sheinm,
Séid & buail & tabhair asteach gual,
Séid & buail 'rís & tabhair asteach gual,
Séid na boilg seo shiar air mo chúl
No go d-tosuidhe mé platáil do láighe.
Do shuidheas síos le taobh Antoine Duibh
A caitheadh mo phiopa, bhí lán de 'n luibh
Do mhol sé liom na rabh nidh níos áille,
Is d'iarras air deifriugh' le mo láighe.
Sé dubhairt se liom de chómhrádh bhog chiuin
Dá m-beoch fiche fear ann 'stú dheabhfas
an uain,
Ach séid na boilg seo shiar air mo chúl
No go d-tosóchaidh mé 'r ádhbhar do láighe.
Co-sheinm.
D' éirigh mé féin ann sin go h-úmhal
Séideadh na m-boilg bhí shiar air a chúl,
Bhi na lasracha 'g éirigh thrí cheart mhull¬
aighe 'n tigh,
Agus mé fágáil m'anam a gáire.
Rug sé air an tencheir aige in a láimh,
Cruinniugh na n-iarann 's budh doiligh a
bh-fághail;
Mar bhí píosa de churán a's paisde de
shleághan,
A's láimhín iaruinn an t-sáspuinn.
Co-sheinm.
Nuair a fuaireas mo láighe deunta ó'n
g-Ceárta,
Thug mé a bhaile í 's chuir mé 'g obair í,
A's ní'l aon fhear óg dá m-beidheadh sí
in a láimh
Nach m-beidheadh i d-tús na meithle an lá
sin.
Bhí sí cho geur le cloidheamh in a beul,
No leis an rásúr a bheárróch' do ghiall,
A's chluintheá í síoscadh i gearradh an
fhéir,
A's ní iaróchadh sí comhnadh in a raithte.
Co-sheinm.
Antoine Dubh was Anthony Sheridan,
a village blacksmith of Ballintubber,
co. Mayo, and the rollicking village
bard’s name I did not hear, although
the song cannot be very old as I am
told that one of Antoine Dub's daugh¬
ters lives still in New York.
Mr. James McHugh of New York
dictated this song to me. — Yours &c.
Martin P. Ward.
